Ábhar iontais é d’Ardstiúrthóir TG4 nach bhfuil ach stáisiún amháin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Rinneadh plé gairid freisin le linn cruinnithe i dTeach Laighean ar an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ

Ábhar iontais é d’Ardstiúrthóir TG4 nach bhfuil ach stáisiún amháin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Deir Ardstiúrthóir TG4 gur údar iontais dó nach bhfuil ach stáisiún amháin á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leathchéad bliain i ndiaidh a bhunaithe.

Agus é ag labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Alan Esslemont gur léiriú eile é sin ar an gcur chuige nua a bhí ag teastáil ón stát maidir le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.

Deich stáisiún raidió ar fad atá ag RTÉ, idir FM agus raidió ar líne, ach is i mBéarla a bhíonn naoi gcinn acu ag craoladh.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán Dé Céadaoin, dúirt Esslemont gurb ait nach bhfuil ach stáisiún amháin ag freastal ar phobal uile na Gaeilge, idir óg agus aosta.

“Bhí leathchéad bliain ann ó bhunú Raidió na Gaeltachta anuraidh agus, dar liom féin, is ábhair iontais é nach bhfuil ach [stáisiún] amháin sa réimse sin mar níl aon difríocht idir cainteoirí Gaeilge agus cainteoirí Béarla. Tá déimeagrafaigh éagsúla ann agus is gá sin a léiriú.”

Dúirt Esslemont go raibh athrú meoin ag teastáil i dtaobh an stáit chun a chinntiú nach rachadh an Ghaeilge in éag go hiomlán agus go raibh maoiniú breise do na meáin Ghaeilge, Raidió na Gaeltachta san áireamh, mar chuid thábhachtach de sin.

“Má tá sé seo le tarlú, teastaíonn infheistíocht stáit agus, mar a dúirt mé, sin an cinneadh atá le déanamh ag an stát i láthair na huaire – coinneáil air ag dul i dtreo an aonteangachais nó aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus iarracht cheart a thabhairt faoi shochaí dhátheangach a chruthú in Éirinn agus tá na meáin lárnach ansin.”

Dúirt Esslemont ina ráiteas oscailte ag an gcruinniú gur léir gurb é meon an stáit nár cheart go mbeadh ach “suimeanna beaga maoinithe” á gcur ar fáil do na meáin Ghaeilge mar gheall nach bhfuil ann ach líon beag cainteoirí ann.

Déanfar stát aonteangach d’Éirinn má leantar leis an meon sin, a deir Esslemont.

Rinneadh plé gairid freisin le linn an chruinnithe i dTeach Laighean ar an éagsúlacht idir na scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Imelda Munster d’ionadaithe ó RTÉ an mbeadh ceist phá oibrithe RnaG san áireamh san athbhreithniú atá á dhéanamh ag RTÉ ar ghráid na bpost go léir san eagraíocht.

Dúirt Adrian Lynch ó RTÉ go mbeadh gach grád san eagraíocht mar chuid den athbhreithniú, cinn RnaG san áireamh, agus go bhfoilseofaí torthaí an athbhreithnithe roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Tá an éagsúlacht idir na scálaí pá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire i RnaG, grád nach ann dó aon áit eile i RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.

Léirigh Aire na Meán, Catherine Martin, imní faoin gceist seo anuraidh agus dúirt sí ag an am go raibh litir seolta aici chuig RTÉ faoin scéal.

Fág freagra ar 'Ábhar iontais é d’Ardstiúrthóir TG4 nach bhfuil ach stáisiún amháin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta'