
Abair gur cuileog thú i dTithe an Rialtais a thuirling ar bhord i seomra chomhairleoirí Pháirtí an Lucht Oibre.
Agus abair go bhuil na saineolaithe straitéise atá i láthair chomh gafa lena gcomhrá nach scuabtar ar shlí na fírinne thú. Cad a chloisfeá? Comhrá mar seo, b’fhéidir.
Eadrainn féin, ionas nach gcuirfear cuileog ar bith i gcontúirt mar gheall ar fhoilsiú an chomhrá seo faoi rún, úsáidtear na leasainmneacha Dóchas, Éadóchas, Sólás agus Dólás sa ‘tuairisc’ (nó ‘scéal’, mar a thabharfadh an Taoiseach air) seo a leanas.
DÓCHAS: Go raibh maith agaibh go léir as ucht fanacht déanach. Mar is eol daoibh, tá Joan an-imníoch faoin aighneas seo idir Kelly agus Noonan. Tá sí ag iarraidh orainn straitéis a réiteach chun déileáil le cíos agus gach a mbaineann leis, ar dhá leibhéal – sa ghearrthéarma, is é sin le rá ó inniu go dtí an Domhnach, agus i gcomhair an olltoghcháin.
ÉADÓCHAS: Tá sé chomh maith againn an scéal a phlé mar atá sé. An bhfuil seans ar bith ann go ngéillfidh Noonan? Ní léir domsa go nglacfaidh sé le rialáil ar bith faoi chúrsaí cíosa a bhféadfaí athrú suntasach a thabhairt air?
SÓLÁS: Níl, mar a dúirt Enda le Joan arís Dé Mairt. Ach, tóg go bog é, nach mbeidh Alan ábalta síneadh a fhógairt ar an tréimhse a cheadaítear sara gcuirtear tionónta amach tar éis fógra díshealbhaithe. Beidh tréimhse 140 lá ar a laghad éigeantach as seo amach. Rud eile, beidh…
DÓLÁS: An ag magadh fúinn atá tú? Ní mholfainn do Jan ná d’Aire ar bith sop ar bith in áit na scuaibe a chosaint.
SÓLÁS: Fan ort. Ar ndóigh, níl “cinnteacht” mar a theastaigh ó Alan bainte amach aige, ná smachtú ar bith ar chíos ina mbeadh nasc le hInnéacs na bPraghsanna Tomhaltais, ach beidh beartais fhiúntacha éagsúla le fógairt aige. Riail nua, mar shampla, a chuirfidh iachall ar thiarnaí talún fianaise a sholáthar mar thaca le hardú ar chíos.
DÓCHAS: Agus ná déanaimis dearmad ar an bplean nua tithíochta. Beimid ábalta a rá le vótóirí: ‘tá fadhbanna an gheilleagair leigheasta againn, agus tá aghaidh á tabhairt againn cheana féin ar na mórfhadhbanna eile a d’fhág Fianna Fáil ina ndiaidh.’
SÓLÁS: D’fheilfeadh mana mar ‘A Lot done, More to Do’ dúinn mar sin.
ÉADÓCHAS: Ahem…
Féach! Seo mar atá dáiríre. Spreag Alan Kelly argóint phoiblí gan chiall. Mhol sé “cinnteacht ó thaobh cíosa” gan é a phlé le Noonan roimh ré. Sheas Noonan an fód. Céard a rinne Kelly ach an milleán a chur ar na “meatacháin” i bhFine Gael agus ar dhaoine eile gan ainm? Níor athraigh a ndúirt Alan os ard ná os íseal intinn duine ar bith. Quelle surprise! Níl ar ár gcumas anois ach céirín a chur ar an gcneá. Sin agus geallúint inchreidte éigin a chumadh i gcomhair an olltoghcháin.
DÓCHAS: Rud éigin mar seo?
‘Ta feabhsuithe suntasacha a rachaidh chun tairbhe do gach tionónta curtha i bhfeidhm againn. Níor éirigh linn gach ar theastaigh uainn a bhaint amach, ach geallaimid má bhíonn an Lucht Oibre páirteach i gcomhrialtas eile, go mbeidh “cinnteacht cíosa mar dhlúthchuid de chlár an rialtais sin”.
SÓLÁS: Is maith liom é. Teastaíonn uaim go ndéanfaí forbairt ar an bhfoclaíocht, ach is maith liom é.
DÓLÁS: Agus nuair a chuirtear na geallúintí (nár comhlíonadh) a thugamar i 2011 i gcuimhne dúinn arís eile, in ainm Dé an gcreidfidh vótóir ar bith go gcomhlíonfaimis ár ngeallúintí an babhta seo?
ÉADÓCHAS: Gan trácht ar an ngeallúint faoi rialáil cíosa a thugamar sa bhforógra toghcháin i 2011.
Faraor, níor chuala mé ach seafóid go dtí seo.
DÓCHAS: Ciúnas, a pháistí! B’fhearr dúinn éirí as anocht, sílim. Táimid go léir traochta. Trathnóna amárach, mar sin? An t-am céanna.
– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidio a hAon
Séamas Mac Coitir
Tá tuiscint thar na bearta ag Cathal Mac Coille, ar intinní na bpolaiteoirí, agus na haighnis is dóchúla a d’fhéadfadh a bheith ar siúl ag cruinnithe an Rialtais. Nár lagaí Dia é, agus gura fada buan é!