A raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine

Ó dhul chun cinn fhoireann rugbaí na hÉireann i ndiaidh Chorn an Domhain go teipeanna Róid i gcoinne fhoirne Bhaile Átha Cliath, bhí roinnt ceachtanna le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine

A raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine

Éire ag foghlaim ó chliseadh 2015

Agus Paul O’Connell, Jonathan Sexton, Sean O’Brien, Peter O’Mahony agus Jared Payne uile in easnamh do chluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain 2015, chlis ar Éirinn in aghaidh na hAirgintíne. Ba thubaiste a bhí ann d’Éirinn an oiread sin imreoirí iontacha a chailleadh ag an am céanna, ach mar sin féin is toradh é a ghoill go mór ar Joe Schmidt agus bhí sé meáite ó shin ar a chinntiú nach dtarlódh an rud céanna arís.

Is é a bhí ag teastáil ó Schmidt nach dtitfeadh caighdeán na himeartha chomh mór sin arís sa chás agus go mbeadh imreoirí tábhachtacha in easnamh agus is cinnte go bhfuil luach a shaothair aige anois, mar a léirigh taispeántais Josh van der Flier, go háirithe.

Níl ach ceithre chluiche imeartha ag van der Flier i ngeansaí na hÉireann ach cheana féin, tá sé cruthaithe aige go bhfuil sé ar a chompord ag an leibhéal seo. Tháinig sé isteach mar ionadaí sa dá chluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne agus níor tháinig aon laige ar an bhfoireann dá bharr. Seans gurbh é an t-imreoir ab fhearr a bhí ag Éirinn nuair a chaill siad i gcoinne na Nua-Shéalainne i mBaile Átha Cliath. Bhí sé istigh ón tús in áit Sean O’Brien i gcoinne na hAstráile agus bronnadh gradam laoch na himeartha air.

Gortaíodh Jonathan Sexton, CJ Stander, Robbie Henshaw, Jared Payne agus a thuilleadh nach iad i rith shraith an fhómhair ach léirigh leithéidí van der Flier, Garry Ringrose agus Joey Carbery go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil ag Joe Schmidt ná mar a bhí anuraidh.

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Tús lag ach deireadh speisialta le 2016

Ba léir le linn Chraobh na Sé Náisiún i mbliana go raibh foireann na hÉireann fós in ísle brí i ndiaidh Chorn an Domhain. Cé gur bhuamar an comórtas in 2014 agus in 2015, níor éirigh le hÉirinn ach Albain agus an Iodáil a bhualadh i rith an earraigh agus bhí daoine ag gearán faoi stíl imeartha na foirne.

Rinneadh cáineadh ar an mbainisteoir agus is beag dóchas a bhí ann nuair a thug an fhoireann cuairt ar an Afraic Theas, áit nár bhuaigh foireann na hÉireann riamh roimhe sin, chun sraith cluichí a imirt.  Níor mhair an lagsprid i bhfad, áfach, agus thug foireann Schmidt taispeántas iontach uathu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Springboks i Cape Town. Ba cheart an dara cluiche eatarthu a bheith buaite acu chomh maith, ach ba spreagadh mór an chamchuairt.

Ar ndóigh, ba é an bua i Chicago an chéad uair riamh go bhfuair Éire an ceann is fearr ar an Nua-Shéalainn agus d’fhág an bua in aghaidh na hAstráile ar an Satharn go raibh buaite ag Éirinn den chéad uair ar an trí mhórfhoireann ón leathsféar theas in aon bhliain amháin. Cé gur mó aitheantas atá ag dul don ‘Grand Slam’ i gCraobh na Sé Náisiún, tá gaisce déanta anois ag Éirinn nach bhfuil déanta ach faoi dhó roimhe seo, ag Sasana in 2002 agus 2003.

INPHO/Presseye/
INPHO/Presseye/

Gaisce ar leith déanta ag Sleacht Néill

Agus craobh an chúige bainte amach acu sa pheil ar an Domhnach, tá a lorg á fhágáil arís ag cumann Shleacht Néill i nDoire ar stair CLG.

Tá roinnt foirne ann le cúpla bliain anuas ar éirigh leo craobhacha sinsir peile agus iomána an chontae a thabhairt leo in aon bhliain amháin (an Chreatalach (Contae an Chláir) anuraidh, Luachma-Caisleán Laighnigh (Tiobraid Árann) in 2013, Baile Buadáin (Baile Átha Cliath) in 2009 ach bhain Sleacht Néill an barr díobh ar fad.

Sháraigh foireann Mickey Moran seaimpíní an Dúin, Cill Chua, i gcluiche ceannais Uladh ag an deireadh seachtaine agus Craobh Shinsir Iomána Uladh agus Craobh Shinsir Camógaíochta Uladh buaite cheana acu le mí anuas. Is éacht ar leith é do chumann beag, go háirithe agus cuid mhór imreoirí ag imirt d’fhoireann peile na bhfear agus don fhoireann iomána.

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Ród ar an mbóthar don chúigiú huair

Níl aon amhras ach gurb iad Ród ríthe na craoibhe in Uíbh Fhailí le tamall anuas agus ocht gcinn de chraobhacha peile contae buaite acu ó thús na mílaoise. Cé go bhfuil an forlámhas sin acu taobh istigh den chontae, níor éirigh leo fós na gaiscí céanna a dhéanamh i gcraobh an chúige. Bhain siad áit amach i gcluiche ceannais na bliana seo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chumann Sheáin Uí Mhathúna as an Lú, ach is beag rath a bhí ar fhir Uíbh Fhailí i gcluichí ceannais roimhe seo.

Ceithre huaire ó 2006, chuaigh Ród chomh fada le cluiche ceannais Laighean agus ceithre huaire,theip orthu an corn a thabhairt leo. Is foirne ó Bhaile Átha Cliath a bhuaigh ar Ród i dtrí cinn de na ceithre chluiche ceannais sin agus beidh orthu aghaidh a thabhairt ar fhoireann as an bpríomhchathair arís i mbliana agus Naomh Uinsionn ag fanacht orthu.

Chas na foirne ar a chéile sa bhabhta céanna dhá bhliain ó shin agus is cinnte go mbeidh Ród ag iarraidh taispeántas níos fearr, ar a laghad, a thabhairt ná mar a thug siad an lá sin. Bua deich bpointe, 1-13 in aghaidh 0-6, a bhí ag Naomh Uinsionn orthu.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine'