‘A Norma Foley le do thoil, cá bhfuil ár scoil?’ – agóid daltaí gaelscoile ag Teach Laighean

Bhí breis is 200 duine ó chúig Ghaelscoil i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 i láthair ag agóid lasmuigh de Theach Laighean inné agus iad ag iarraidh go dtógfaí iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil chun freastal orthu

‘A Norma Foley le do thoil, cá bhfuil ár scoil?’ – agóid daltaí gaelscoile ag Teach Laighean

‘A Norma Foley le do thoil, cá bhfuil ár scoil?’ an achainí a bhí ag an slua mór daltaí scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí a d’fhreastail ar agóid lasmuigh de Theach Laighean inné ag éileamh iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua do Bhaile Átha Cliath Theas.

Bhí breis is 200 duine ó chúig Ghaelscoil i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 i láthair ag an agóid agus iad ag impí ar an Aire Oideachais Norma Foley ghaelcholáiste nua a thógáil chun freastal ar dhaltaí na ngaelscoileanna sna ceantair sin.

Cé go bhfuil 44 iarbhunscoil lán-Bhéarla sa scoilcheantar ina bhfuil na cúig Ghaelscoil, níl aon ghaelcholáiste ann. Fágann sin go mbíonn ar chuid mhaith daltaí a fhaigheann a mbunoideachas trí mheán na Gaeilge freastal ar iarbhunscoil lán-Bhéarla ina dhiaidh sin.

Andrea le Eden. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocallireland

Tá pobal na nGaelscoileanna sna ceantair sin – Scoil Mológa, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde, Bunscoil Synge agus Gaelscoil Eoin – ag éileamh le fada go gceadófaí gaelcholáiste a thógáil lena chinntiú go mbeadh daltaí in ann leanúint leis an nGaeloideachas ag an dara leibhéal.

Mar chuid den agóid a reáchtáladh lasmuigh de Theach Laighean inniu, bhronn daltaí píosaí ealaíne ar pholaiteoirí le tabhairt don Aire Oideachais agus bhí amhránaíocht, píosaí cainte agus damhsa acu chomh maith.

Dúirt Cormac Chambers, príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg, go raibh na cúig Ghaelscoil ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do bhreis is 1,000 dalta ach nach bhféadfaí rogha a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh leis an ngaeloideachas toisc nach raibh áit i ngaelcholáiste ann dóibh.

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, cinneadh a dhéanamh Gaelcholáiste a bhunú inár scoilcheantar ó thosaigh sí mar Aire ach níl sin déanta aici go fóill. Ní thuigeann muid seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil sé mar sprioc sa gclár Rialtais ag a Rialtas féin oibriú i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt. Tá breis is 1,000 dalta anseo gan aon Ghaelcholáiste ina scoilcheantar. Tá beart de réir briathair uainn agus Gaelcholáiste inár scoilcheantar gan a thuilleadh moille,” arsa Chambers.

De réir fhigiúirí na Roinne Oideachais, tá Baile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 i measc na gceantar ina dtiocfaidh an t-ardú is mó sa stát ar líon na ndaltaí bunscoile sna blianta beaga seo romhainn, rud a chuirfidh le líon na ndaltaí a bheidh sa tóir ar oideachas lán-Ghaeilge sna ceantair.

“Mar thuismitheoir atá ag iarraidh scolaíocht ag an dara leibhéal trí Ghaeilge do mo pháistí, ní thuigim cén fáth nach bhfuil an Rialtas sásta an rogha sin a chur ar fáil sa cheantar ina bhfuil mé féin, mo pháistí agus a gcairde ina gcónaí ann,” a dúirt Karen Hinkson-Deeny, a bhfuil páiste aici i nGaelscoil Eoin.

“Tá deis ag an Aire Oideachais, Norma Foley, cinneadh a dhéanamh a fhreastalódh ar líon mór daltaí agus teaghlach inár scoilcheantar agus táim, ar son mo pháistí agus ar son tuismitheoirí eile sa scoilcheantar seo, ag iarraidh uirthi gníomhú le cothrom na Féinne a thabhairt dúinn.”

Is í seo an tríú hagóid atá eagraithe ag na scoileanna le bliain anuas chun aird a tharraingt ar an scéal.

Éamon Ó Cuív, Ivana Bacik agus Aengus Ó Snodaigh. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocallireland

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley anuraidh go raibh dóthain spáis i nGaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ach tá imní léirithe go bhfuil an baol ann go dtabharfaidh tuismitheoirí cúl don Ghaeloideachas mar nach bhfuil dóthain iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ann chun freastal ar a gcuid páistí.

I dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais faoin oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a foilsíodh le gairid, dúradh nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.

Cé go n-aithnítear sa tuarascáil na bearnaí móra sa soláthar lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

De réir na tuarascála nua, ní dheachaigh ach 36% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocallireland

Fág freagra ar '‘A Norma Foley le do thoil, cá bhfuil ár scoil?’ – agóid daltaí gaelscoile ag Teach Laighean'