‘A ChatGPT, is teagascóir Gaeilge thú, cuidigh liom!’ 

Deir Diarmaid Mac Mathúna, duine de bhunaitheoirí GaelSpell agus Gaelgram, go bhfuil ‘an-dul chun cinn’ déanta ag ChatGPT ó thaobh na Gaeilge de ó seoladh an leagan is déanaí

‘A ChatGPT, is teagascóir Gaeilge thú, cuidigh liom!’ 

Deir forbróir bogearraí aitheanta gur cheart teagascóir Gaeilge a dhéanamh de ChatGPT.

Deir Diarmaid Mac Mathúna, duine de bhunaitheoirí GaelSpell agus Gaelgram, go bhfuil “an-dul chun cinn” déanta ag an bhota AI ChatGPT ó thaobh na Gaeilge de ó seoladh an leagan is déanaí de, ChatGPT-4, trí seachtaine ó shin.

“Tá níos mó muiníne ag ChatGPT ó thaobh na Gaeilge de leis an uasdátú nua agus cé go bhfuil an-bhéim faoi láthair ar an gcumas atá aige aistí a scríobh, an rud a chuir iontas orm féin faoin gcóras ná gur féidir é a úsáid chun cabhrú leat Gaeilge a fhoghlaim.

“Is féidir leat ceisteanna a chur air agus tabharfaidh sé freagraí cuibheasach maith duit ar cheisteanna gramadaí agus a leithéid,” a dúirt sé.

Oibríonn ChatGPT ar an dóigh chéanna le haon chóras teachtaireachta ar líne. Déanann tú do cheist a chlóscríobh agus a sheoladh chuig ChatGPT.

“D’fhéadfá treoir a thabhairt dó ar nós ‘You are an Irish Language Tutor, please help me learn grammar? nó d’fhéadfá a rá leis, ‘Mínigh an modh coinníollach dom le do thoil’ agus cabhróidh sé leat ansin.

“Go bunúsach, déanfaidh sé an taighde ar líne agus míneoidh sé duit é agus tabharfaidh sé an freagra duit, amhail is go bhfuil cara ag míniú rud éigin duit. Is comhrá atá ann agus sin ceann de na gnéithe nua a bhaineann leis,” a dúirt sé.

Deir Mac Mathúna, a chuireann ceachtanna Gaeilge ar fáil ar a shuíomh Cruinneog, go bhfuil an leagan nua den bhota ábalta ceisteanna i nGaeilge a thuigbheáil ach go bhfuil “seans maith ann” go n-iompóidh sé ar an Bhéarla tar éis tamaill.

Maidir le ChatGPT a úsáid mar uirlis aistriúcháin, deir Mac Mathúna gur féidir leis plé le cúrsaí aistriúcháin “go pointe”.

“Is féidir leis plé le haistriúchán go pointe ach ní shin a phríomhchúraim. Tá an bhéim á leagan ar cheisteanna a thuiscint agus freagraí cruinne a thabhairt. Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil deiseanna móra ag baint le ChatGPT, is léir deacrachtaí a bheith ag baint leis agus cosc curtha air san Iodáil an tseachtain seo mar gur bhris sé an dlí a bhaineann le GDPR.

Aontaíonn Mac Mathúna gurb í an cheist mhór faoi láthair “conas srian a chur le ChatGPT?”

“Is córas iontach cumhachtach atá ann agus níl aon amhras ach go bhfuil gá le roinnt srianta a chur air go tapaidh,” a dúirt Mac Mathúna.

Fág freagra ar '‘A ChatGPT, is teagascóir Gaeilge thú, cuidigh liom!’ '

  • Gearóid de Grás

    “Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill”
    Insíonn an ráiteas sin an-chuid faoi ChatGPT!!!