An bhfuil aon rún agat don bhliain 2024?
A bheith sláintiúil, a bheith aclaí, a bheith dóchasach, agus a bheith dearfach.
Cén rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?
Áit chónaithe a aimsiú dom féin agus a bheith ag cur fúm i mBéal Feirste. Amharcaim air seo mar thús le caibidil úr agus aistear nua sa tsaol.
Cén rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2024?
Na billí a thagann le teach agus morgáiste!
Cén t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024?
Beidh mé ag dul chun na Téalainne le beirt chairde go ceann coicíse. Tá mé ag súil go mór le teanga agus cultúr na Téalainne a fheiceáil agus tuilleadh a fhoghlaim faoin taobh sin den domhan.
Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2024?
Turas álainn chun na Téalainne le beirt chairde.
Cén rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2024?
Leanúnachas. Ba mhaith liom go mbeinn in ann a bheith leanúnach ó thaobh mo shaol oibre, mo shaol sóisialta, agus mo shláinte de.
Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2024, céard a d’athrófá?
Barraíocht le roghnú: taisteal poiblí níos fearr ar fud an oileáin; laghdú ar choireanna in éadan ban agus inimirceach; tuilleadh daoine líofa sa Ghaeilge.
Fág freagra ar '‘A bheith sláintiúil, aclaí, dóchasach agus dearfach’'