Táimid san fhaopach mar is tábhachtaí don Aontas ceacht a mhúineadh do na Sasanaigh

Té sé fógartha ag Uachtarán Chomhairle an Aontais gur Breatimeacht Chrua nó Breatimeacht ar bith an rogha atá le déanamh. Céard is brí le Breatimeacht chrua?

Táimid san fhaopach mar is tábhachtaí don Aontas ceacht a mhúineadh do na Sasanaigh

Cé go bhfuil a lán cainte ann faoi Bhreatimeacht Chrua, níl aon mhíniú ar céard is brí leis le fáil ó pholaiteoirí nó ó thráchtairí polaitíochta.

Is cosúil go bhfuil gach duine i gcoinne deighilt ‘chrua’ ar bith idir an tír seo agus an Bhreatain, agus go háirithe idir thuaisceart is dheisceart na tíre seo féin. Sin é a deir siad go léir ar aon chuma – Éireannaigh, tuaisceartaigh aontachtacha, tuaisceartaigh náisiúnacha, seisceartaigh is Sasanaigh ar aon.

Ach céard is brí leis, agus má tá chuile dhream polaitiúil in Éirinn agus sa mBreatain ina coinne, cén fáth gur ábhar eagla i gcónaí dúinn é?

Tá a lán ag smaoineamh faoi bhacanna bóthair agus saighdiúirí armtha ag bagairt ar dhaoine a bheadh dul trasna na teorann. Ach baineann an scéal sin le tréimhse na coimhlinte níos mó ná le cúrsaí custaim is máil.

Smaoiníonn daoine eile ar fhoirmeacha custaim agus moill agus costas ar earraí a dhíol thar an teorainn, ar dheacrachtaí taistil is mar sin.

Ar ndóigh, bhí saorchead taistil gan aon phas idir an Tuaisceart agus an Deisceart ó bunaíodh an stát, agus idir Éirinn is an Bhreatain freisin, sula ndeachaigh an dá thír isteach sa gComhphobal Eorpach an chéad lá.

Go deimhin, mar thoradh ar an gComhaontú Angla-Éireannach um Saor-Thrádáil 1965, bhí saorchead taistil earraí ann freisin cuid mhaith.

Is é sin le rá nach mbeidh aon teorainn chrua idir an dá stát ach amháin sa gcás go mbrúnn an tAontas Eorpach a leithéid orainn.

Agus tá an baol sin sách mór, caithfear a rá.

Ba mhaith leis na Sasanaigh cead isteach ar an margadh aonair a bheith acu, ach níl an tAontas, is cosúil, sásta a leithéid a cheadú gan saorchead taistil– éileamh a bhí taobh thiar den argóint ar son na Breatimeachta ar an gcéad dul síos.

Tá na Sasanaigh ag glacadh leis sin, ach ba mhaith leo socrú a dhéanamh a chuirfeadh comhcheangal baincéireachta ar fáil is a choinneodh táillí íseal.

Ach té sé fógartha ag Donald Tusk, Uachtarán Chomhairle an Aontais, gur Breatimeacht Chrua nó Breatimeacht ar bith an rogha atá le déanamh.

Tá an coimisiún agus na dreamanna is mó cumhachta san Aontas ag iarraidh pionós a chur ar an mBreatain mar gheall ar Bhreatimeacht, ionas go mbeidh a cinneadh ina rabhadh do thíortha eile gan dul an treo céanna.

Táthar ag iarraidh a thaispeáint go gcaithfear glacadh leis an bhFiontar Eorpach nó bheith taobh amuigh den socrú ar fad.

Agus tá sé sin tábhachtach mar tá contúirtí móra roimh an Aontas i roinnt stát eile.

Dé Domhnaigh seo caite bhí reifreann san Iodáil, faoi chóras riaracháin na tíre mar dhea. Is reifreann a bhí ann dáiríre a bhí fréamhaithe cuid mhaith san imní atá ar dhaoine faoi cheangal na hIodáile leis an Aontas. 

Bhí an dá pháirtí móra a bhí ag súil go gcaillfí an reifreann, an Ghluaiseacht Chúig Réalt ar an eite chlé agus Conradh an Tuaiscirt ar an eite dheis, ag glacadh leis mar reifreann ar an euro, mar teastaíonn ón dá pháirtí sin an lira a thabhairt ar ais agus eacnamaíocht na hIodáile – atá buailte go mór ag an dífhostaíocht, i measc daoine óga go háirithe – a shaoradh ó shrianta córas airgeadra atá go mór faoi thionchar na Gearmáine.

Agus sa Fhrainc, tá Marine Le Pen ag cur imní mór ar lucht maorlathais an Aontais, mar teastaíonn uaithise an Fhrainc a thabhairt amach as an Aontas ar fad.

Tá an Coimisiún meáite mar sin a thaispeáint gur tubaiste a bheadh i ndán d’aon tír a leanfadh sampla na Breataine, is tá Breatimeacht Chrua riachtanach mar chuid den iarracht sin.

Sa mbaile, is cuma muid a bheith ar son an Aontais ná ina choinne, tá sé tábhachtach – agus ríthábhachtach – dúinn aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

Tá dhá bhealach chun é sin a dhéanamh: an tír a athaontú, nó le socrú de chuid an Aontais a thabharfadh riachtanais na hÉireann san áireamh.

In ainneoin vóta sna Sé Chontae ar son fanacht san Aontas, níl aon fhianaise ann go mbeadh aontachtóirí réidh le himeacht ón Ríocht Aontaithe ar mhaithe le fanacht in Aontas na hEorpa.

Ach maidir le socrú a dhéanfadh an tAontas féin, tá muid sa bhfaopach, mar is léir gur tábhachtaí don Aontas ceacht a mhúineadh do na Sasanaigh agus d’éinne a leanfadh iad ná freastal orainne.

Tá an ceart, ar ndóigh, ag an Taoiseach Enda Kenny, nach leor dhá bhliain chun socrú sásúil don tír seo a bhaint amach, ach mura bhfuil muid sásta an fód a sheasamh i gcoinne ár ‘bpáirtnéirí’ Eorpacha, ní bheidh i ndán dúinn ach an Bhreatimeacht crua sin atáimid go léir ag iarraidh í a sheachaint.

Fág freagra ar 'Táimid san fhaopach mar is tábhachtaí don Aontas ceacht a mhúineadh do na Sasanaigh'