5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Animal Collective – Golden Gal

Ag tús an phoirt seo, cloisimid giota cainte sciobtha ón gclár The Golden Girls ón mbliain 1985.  Mar is nós don bhanna iontach seo ó Mharyland, is pop-amhrán milis, mealltach é seo, ná fuil as áit in aon chor i measc na n-amhrán siúcrúil eile ar a n-albam úr, Painting With (tá aip cruthaithe go speisialta acu don albam lenar féidir le daoine pictiúir a phéinteáil do na rianta).   Celeste Potter a chruthaigh an físeán ildaite seo a shamhlaím ar chúis éigin leis an gcineál íomhánna a bhíodh le feiscint ar an gcainéal Nickelodeon sna nóchaidí.

Odd Nosdam – Sisters (Boards Of Canada Remix)

Ní mór na hathmheascáin a dheineann na máistrí ceoil as Albain, Boards Of Canada de ghnáth ach seo an dara ceann uathu atá luaite anseo againn le gairid.  Roinnt blianta ó shin, dhein Odd Nodam – léiritheoir, rapfhonnadóir is duine de bhunaitheoirí chriú Anticon – athmheascán de ‘Dayvan Cowboy’, amhrán le Boards Of Canada, agus is léir mar sin go bhfuil meas ag an dá dhream ar a chéile.  Níl de locht ar an bport seo ach a laghad agus is trua sin mar a luaithe is a bhíonn tú i dtiúin leis tá sé thart. Ar a shon sin, is geall le taibhreamh taitneamhach é.

Matt Elliott – The Allegory Of The Cave

Bhí tráth ann nuair a bhíodh Matt Elliott,  ó Bhristol ó dhúchas, ag cumadh D&B tuathalach faoin ainm The Third Eye Foundation.  Le deich mbliana anuas tá sé tar éis an giotár a tharraingt chuige féin agus amhráin a chumadh, cuid mhaith acu a bhfuil an cathú is an ciniciúlacht ghreannmhar sonrú iontu. Tá cuid de na h-amhráin is séimhe a chum sé riamh le clos le ar a albam úr The Calm Before, agus áirím an ceann seo i measc bhuaicphointí an tsaothair seo. Sa cheann seo tá an t-amhránaí ag machnamh ar neamhbhuaine an tsaoil:

“Or are we plucked from the void

And placed in this frame made of bones, blood & brain cells

And so we’re thrown back in the void”.

Coma – Borderline (Moscoman Mix)

Tá Moscoman lonnaithe i mBeirlín, ach is as Tel Aviv ó dhúchas dó. Thit go leor againn i ngrá le cúpla bliain anuas leis na saothair atá eisithe ag Moscoman ar lipéid ar nós ESP Institute, Correspondent, Eskimo is I’m a Cliché.  Is breá liom an obair atá déanta aige ar phort Coma, ó Chologne na Gearmáine. Cuirtear tús dorcha leis an bport seo ach tagann an dóchas chun cinn ann den chéad uair tar éis dhá nóiméad, áit a gcloisimid guth aingealdha ag éirí aníos ón dorchadas.


Ceann ón gCartlann

Mos Def – Ms Fat Booty

Seo amhrán a thosnaíonn cruinn díreach leis an gcurfá, glór Aretha Franklin sciobtha ón amhrán ‘One Step Ahead’, amhrán ná raibh mórán cáil air go dtí gur bhain Mos Def casadh as don phort ar leith seo ón albam Black On Both Sides a tháinig amach i 1999.  Tá sé mar nós le fada ag rapfhonnadóirí ómós a léiriú do phrompaí móra ina gcuid liricí, ach is annamh a cuireadh an t-ómós sin in iúl le himeartas focal chomh saibhir is atá san amhrán seo agus Mos Def ag tagairt do cheoltóirí is amhráin eile lena rogha focal mealltach:

‘She touched on my eyelids, the room fell silent

She walked away smiling, singing Gregory Isaacs

Like, “If I don’t, if I don’t have you”

Showing me her tan line and her tattoo

Playing Sade, Sweetest Taboo’.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'