Corn Rugbaí an Domhain 2015 go dtí seo

Gan ach cluiche amháin fágtha, breathnaíonn Tuairisc.ie ar na húid, na himreoirí agus na cuimhní is fearr a ghabhann le comórtas na bliana seo

INPHO/Photosport/Andrew Cornaga
INPHO/Photosport/Andrew Cornaga

Na húid is fearr

Julian Savea v an Fhrainc

Chríochnaigh an cliathánaí mór le trí úd sa chluiche agus tá péire acu ar an ngearrliosta do ‘Úd na Bliana’ ag World Rugby ach ba é an dara ceann an ceann is fearr dúinne. Bhí sé feiliúnach gurb é seo an 37ú úd a scóráil Savea don Nua-Shéalainn, an méid céanna le Jonah Lomu. Agus triúr Francach curtha de aige, is é díreach an cineál úid a bheadh scóráilte ag Lomu.

Ayumu Goromaru v An Afraic Theas

Ba cheann de réalta bhabhta na ngrúpaí é Goromaru agus bhí sé lárnach i ngach rud a bhí an tSeapáin a dhéanamh i gceart. Sa bhua stairiúil i gcoinne na hAfraice Theas, ba é an lánchúlaí a chuir críoch ar cheann de na gluaiseachtaí is fearr a chonaic muid sa chomórtas go dtí seo.

DTH Van Der Merwe v An Iodáil

Fearr eile a sheas amach ó cheann de na foirne beaga sa chomórtas ba ea Van Der Merwe a chríochnaigh le ceithre úd ó na ceithre chluiche a d’imir Ceanada, ceann i gcoinne na hÉireann ina measc. Is é an ceann a fuair sé in aghaidh na hIodáile, áfach, an ceann is mó a gcuimhnítear air, an cliathánaí ag imeacht ó cheann ceann na páirce, le cabhair Ciaran Hearn agus an scór á aimsiú aige.

An greamú is fearr

Ayumu Goromaru v Albain

Uair eile go ndeachaigh an tSeapáin agus Goromaru i bhfeidhm ar daoine. Bhí os cionn 15m idir an Seapánach agus Tom Seymour nuair a caitheadh an pas amach chuig an Albanach ach, ar chaoi éigin, d’éirigh le Goromaru an bhearna sin a laghdú agus greamú a dhéanamh sular shroich Seymour an líne úid.

An cluiche is fearr

An tSeapáin 34 – 23 An Afraic Theas

Cuimhneofar ar an gcluiche seo le fada an lá, ceann de na torthaí is stairiúla riamh i gCorn an Domhain agus sa spórt. Ní hamháin gur tháinig cumas na Seapánach aniar aduaidh ar gach duine, ach thaispeáin siad an misneach a bhí acu agus an mhuinín a bhí acu astu féin nuair a dhiúltaigh siad, faoi dhó, iarrachtaí ar na postaí a dhéanamh chun glacadh leis an gcomhscór. Fuair siad luach a gcuid saothair ar deireadh.

An rógaire is mó

Jamie Cudmore v an Fhrainc

Is minic a luaitear ainm Cudmore le dísmacht ach is ag magadh a bhí sé nuair a thriail sé éisteacht leis an méid a bhí á rá ag captaen na Fraince, Thierry Dusautoir, lena chuid imreoirí. Tar éis dó na blianta a chaitheamh ag imirt sa Fhrainc, bheadh a fhios ag Cudmore céard a bhí á rá acu ach ní bhfuair sé deis toisc gur cuireadh an ruaig air sách scioptha.

An fhoireann is fearr go dtí seo

 

Fág freagra ar 'Corn Rugbaí an Domhain 2015 go dtí seo'