Breithlá Tuairisc.ie
Faoi mar thug fear an tí, Seán Tadhg Ó Gairbhí, le fios daoibh níos luaithe inniu, táimid ag teacht chugaibh an tseachtain seo agus cúis cheiliúrtha againn. Cothrom an lae seo bliain ó shin a seoladh Tuairisc.ie.
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár léitheoirí as ucht a gcuid tacaíochta.
Go raibh míle maith agaibh as suim a chur inár scéalta agus iad a roinnt le cairde agus leis an bpobal trí chéile.
Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as ábhar an tsuímh le bliain anuas agus cuirimid fáilte i gcónaí roimh aon mholtaí a bheadh agaibh i dtreo is gur féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís againn.
Mar is gnáth, tabharfaimid blaiseadh daoibh anseo de na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas, ach lena chois sin, ba mhaith linn dul siar agus na scéalta is mó a bhí i mbéal an phobail le bliain anuas a roinnt libh chomh maith.
Duais!
Sula rachaimid chomh fada leis na scéalta, áfach, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil comórtas againn daoibh an tseachtain seo! Níl le déanamh agaibh ach clárú anseo do Nuachtlitir Tuairisc.ie! (Má tá sibh cláraithe cheana, tá sibh istigh ar an gcomórtas cheana).
Má chláraíonn tú linn agus má phioctar d’ainmse amach as an hata as seo go ceann cúpla lá, bronnfar sé thicéad ort le haghaidh Trickster Bird, seó ilmheánach ina bhfuil filíocht agus amhráin le cloisteáil á n-aithris in éineacht, imeacht a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile IMRAM in Amharclann an Smock Alley Theatre Dé Céadaoin seo chugainn, an 14 Deireadh Fómhair, ag 8pm.
Fógrógar an buaiteoir tráthnóna Dé Luain – go n-éirí leat!
Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo
Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le bliain anuas
Sin é ár gcion-na an tseachtain seo.
Kevin Hickey
Fo-eagarthóir Tuairisc.ie