Ag cur do thuairisce… (Na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas, agus le bliain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

Breithlá Tuairisc.ie

Faoi mar thug fear an tí, Seán Tadhg Ó Gairbhí, le fios daoibh níos luaithe inniu, táimid ag teacht chugaibh an tseachtain seo agus cúis cheiliúrtha againn. Cothrom an lae seo bliain ó shin a seoladh Tuairisc.ie.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár léitheoirí as ucht a gcuid tacaíochta.

Go raibh míle maith agaibh as suim a chur inár scéalta agus iad a roinnt le cairde agus leis an bpobal trí chéile.

Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as ábhar an tsuímh le bliain anuas agus cuirimid fáilte i gcónaí roimh aon mholtaí a bheadh agaibh i dtreo is gur féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís againn.

Mar is gnáth, tabharfaimid blaiseadh daoibh anseo de na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas, ach lena chois sin, ba mhaith linn dul siar agus na scéalta is mó a bhí i mbéal an phobail le bliain anuas a roinnt libh chomh maith.

Duais!

Sula rachaimid chomh fada leis na scéalta, áfach, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil comórtas againn daoibh an tseachtain seo! Níl le déanamh agaibh ach clárú anseo do Nuachtlitir Tuairisc.ie! (Má tá sibh cláraithe cheana, tá sibh istigh ar an gcomórtas cheana).

Má chláraíonn tú linn agus má phioctar d’ainmse amach as an hata as seo go ceann cúpla lá, bronnfar sé thicéad ort le haghaidh Trickster Bird, seó ilmheánach ina bhfuil filíocht agus amhráin le cloisteáil á n-aithris in éineacht, imeacht a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile IMRAM in Amharclann an Smock Alley Theatre Dé Céadaoin seo chugainn, an 14 Deireadh Fómhair, ag 8pm.

Fógrógar an buaiteoir tráthnóna Dé Luain – go n-éirí leat!

 

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 

An Taoiseach le Máire Killoran, Stiúrthóir na Gaeilge ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

  1. Ní fios go fóill an gceapfar Stiúrthóir na Gaeilge in áit Mháire Killoran

Alexis Texas (ar chlé) agus Alexis Sanchez (ar dheis)

  1. Aisteoir pornagrafaíochta luaite le bua Arsenal trí bhotún ag RTÉ RnaG!

All Ireland Senior Football Final 25/9/2005 Kerry The Kerry team stand for the National Anthem Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer

  1. Is breá liom an t-amhrán náisiúnta agus is breá liom gur Gael mé…

 SP FP 01

  1. Sraith Pictiúr 01 – Bua sa chomórtas raidió

 Eoghan-Ó-Murchú-770x385

  1. An raibh Aodhán Ó Ríordáin ag iarraidh brú a chur ar TG4 is ar 7 Lá gan mé a ligean ar aon chlár?

 

 

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le bliain anuas

 

  1. Teidil Ghaeilge curtha ar scannáin phornagrafacha ar YouTube

  1. ‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin

  1. 15 comhartha gur duine as Conamara thú…

  1. Raic sa Dáil nuair a dhiúltaíonn an Taoiseach ceist a fhreagairt i mBéarla

  1. Ní hamháin Gaelach, ach ‘google translated’ chomh maith

  1. ‘Ridiculous’ go gcaithfí stop a chur le hagallamh ar mhaithe le Nuacht, a deir Ray D’Arcy

  1. ‘But you speak English’, sin an freagra a fuair mé ar mo chéad lá den stailc teanga…’

  1. 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú…

  1. ‘Níl barúil na ngrást a’m céard ‘tá tú a rá, Nicky Byrne!’

  1. Bád Árannach imithe go tóin poill – an cúigear a bhí ar bord tugtha slán

 

Sin é ár gcion-na an tseachtain seo.

Kevin Hickey

Fo-eagarthóir Tuairisc.ie