Tá an dara sraith de Crá ar ais agus dhá chlár craolta agus seo á scríobh. Tá an bleachtaire faoi oiliúint, Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) ar ais ar dualgas arís leis an Bhleachtaire Aoife Cooney (Siobhán O’Kelly). Is ar an uaigneas i dTír Chonaill atá siad go fóill agus mothú uaigneach brónach briste brúite mar gheimhleacha anuas orthu. Dún na nGall, a dhuine, thig leis a bheith dian.
Thosaigh an chéad chlár le rud beag aicsin, bhuel, iarracht ar rud beag aicsin. Tá drochbhuachaill á iompar chun na hArd-Chúirte i Leitir Ceanainn. I veain príosúin atá sé le beirt ghardaí príosúin ach níl gardaí ar bith leo, bíodh is go measfá go mbeadh sa chás go raibh an Ard-Chúirt i gceist. Déantar luíochán nó leathluíochán nó luíochán chomh leamh agus a chonaic tú ariamh ar an veain.
Ag iarraidh vibe Fast and Furious a aimsiú atá lucht an chláir. Faraor, ní éiríonn leis an iarracht ar fad ar fad. Stoptar an veain. Tá an bheirt ghardaí príosúin chomh bómánta sin nach dtugann siad fá deara go bhfuil scaifeanna ar lucht deisithe an bhóthair. Iad uilig. An mothaíonn na gardaí go bhfuil seo rud beag amhrasach? Nah. Fanann siad go múinte ag na soilse agus an bóthar rompu chomh folamh le clár na gealaí.
Ionsaítear an veain. Seo anois é. Foréigean. Fuinneamh. Nah. Gheibh muid aithris lag ar Fast 5 ach bíonn gach aon splanc chéille i do cheann á rá leat: coinnigh ort ag tiomáint, a bhuachaillí, scriosfaidh an veain trom sin an Subaru sin gan stró.
Ina dhiaidh sin a thig Ó Súilleabháin ar an toirt. Tá sé moody, an dtuigeann tú, ana-mhoody nó drochdhuine a bhí ina athair sa chéad sraith agus, bhuel, tá Ó Súilleabháin ag coraíocht leis na mothúcháin sin ó shin. Chuirfeadh Ó Súilleabháin Eastwood i ré A Fistful of Dollars i gcuimhne duit; ní labhrann sé mórán ach, faraor, ní fear mór gnímh é ach an oiread, cúiteamh ar an easpa cainte.
Titeann sé ar a pháirtnéir bocht, an Bleachtaire Aoife Cooney (Siobhán O’Kelly) cur suas leis. Níl sise moody ach siosmaideach agus b’fhéidir rud beag díomuach; tuilleann sí comhghleacaí níos fearr.
Níl an pháirtnéireacht eatarthu róláidir; níl muid ag caint ar Crockett agus Tubbs ná Cagney agus Lacey ná Goren agus Eames. Níl spraoi ná splanc sa chumann oibre. Níl Ó Súilleabháin thar a bheith cliste mar bhleachtaire; ní Morse é. A Thiarna, ní Lewis é fiú.
Sa dara clár, tig Ó Súilleabháin ar charr atá dóite go smior. Bhí na daoine a rinne seo eolach ar “an dóigh le rudaí a cheilt”, a deir Ó Súilleabháin linn. Ansin, taobh istigh de chúpla soicind, aimsíonn sé VIN – “vehicle identification number” a deirtear linn i mBéarla – nach bhfuil scriosta ar fad. Ach, fan, mura bhfuil an VIN – “vehicle identification number” – scriosta ar fad, an mbeifeá in ann a rá go raibh na daoine sin in ann rudaí a cheilt?
Mar bharr ar an donas, tá aithne ag Ó Súilleabháin ar fhear a bheadh in ann an VIN a léamh ón charr dhóite agus tógann sé doras an chairr – an doras ar fad – go garáiste áitiúil. Ach fan, nach bhfuil eolaithe ag na Gardaí féin a bheadh in ann sin a dhéanamh agus sa chás go mbaineann an carr dóite leis an “prison break” – níl Gaeilge ag na bleachtairí ar “prison break” – nár chóir go mbeadh siad ag plé leis an VIN ar eagla fianaise a bheith ann?
Thart faoin am sin a bhris ar fhoighid an scríbhneora seo. Dom aicsean nó dom mistéir nó dom scéinséir ach dom rud inteacht fiúntach éifeachtach in aon cheann amháin de na seánraí sin.
Meascán mearaí atá ann ó thaobh Gaeilge agus Béarla de fosta. Labhrann na gardaí Gaeilge le chéile. Ní chreidim go labharfadh ach sin mise. Soiniciúil. Caitear Béarla isteach ina gcuid cainte, na focla deacra ar fad: prison break; consultant; suspect; tapes; vehicle identification number. An toradh air sin go mbriseann sé insint an scéil.
Ní Wallander atá againn, bleachtaire de chuid na Sualainne ag caint Sualainnise lena chomhghleacaithe (ná bac leagan Branagh), ach, bhuel, daltaí ar chúrsa samhraidh Gaeilge ag caint na teanga ar eagla go gcuireann an príomh-mháistir iad abhaile as Béarla a labhairt. Ní chuidíonn an cur chuige amscaí seo leis an lucht féachana a cheapadh in eangach an aicsin.
Faoi láthair, inniúil atá Crá gan a bheith iontach. Beidh le feiceáil an mbeidh feabhas ar an chuid eile den tsraith.
Agus, sea, bhí neart Béarla sa léirmheas seo ach tá mise fed up leis an chur chuige two tier seo sna meáin Ghaeilge go gcaithfidh mise focla a lorg ar téarma.ie ach ní chaithfidh lucht t.v.. Níl a fhios agam cad chuige a bhfuil mé ag mothú chomh moody sin inniu. B’fhéidir gur chóir dom labhairt le consultant.
Fág freagra ar 'Dún na nGall, a dhuine, thig leis a bheith dian'