Athrú na haeráide. Cogaíocht. Inimirce. Síorardú ar an gcostas maireachtála. Teacht chun cinn na hintleachta saorga (AI).
Níl ansin ach cuid de na cúiseanna go mbíonn buairt, faitíos nó go deimhin eagla ar mhórchuid daoine ar fud an domhain na laethanta seo. Braistint ré roithleagánach go bhfuil an saol mar is eol dúinn é ar an dé deiridh.
Ach is féidir cúis eile imní a chur leis an liosta ag barr an ailt seo: an eagla go mbeidh an bua i dtoghchán ag pobalóir frithdhaonlathach.
Ba í sin go deimhin an phríomhargóint a bhí ag Kamala Harris nuair a theastaigh uaithi vóta na Meiriceánach a mhealladh thiar in 2024.
Theip ar Kamala. Ach i mbliana, d’éirigh le polaiteoir san Eoraip olltoghchán a bhuachaint le feachtas a bhí bunaithe go hiomlán ar an argóint chéanna sin.
San Ungáir i mí Aibreáin, fuair Péter Magyar an lámh in uachtar, gan choinne, ar an bpobalóir iomráiteach Viktor Orbán, a raibh greim docht aige ar an tír sin ar feadh 16 bliana.
Tharla san Ungáir mé go gairid roimh an toghchán sin. Bhí Búdaipeist lán póstaer. Sluáin Orbán ag cur scéine sna vótóirí maidir leis an gcogadh san Úcráin, maidir leis an inimirce agus maidir leis an Aontas Eorpach. Manaí Magyar ag cur scéine sna vótóirí ar bhealach eile: gur vóta dósan – do Magyar – an t-aon bhealach amháin chun deireadh a chur le réimeas údarásaíoch Orbán agus chun tuilleadh creimeadh ar an daonlathas a chosc.
Ba é sin go deimhin an t-aon chúis amháin gur chaith cara a raibh mé ag stopadh ina árasán i mBúdaipeist vóta do Magyar. Rinne sé amhlaidh nach mór in aghaidh a thola, fios maith aige gur ag Orbán a bheadh an bua dá gcaithfeadh seisean agus na vótóirí eile ar an eite chlé vóta do na hiarrthóirí ar mhaith leo vóta a thabhairt dóibh dáiríre, seachas do Magyar.
Scéin a chur sna vótóirí, sin í croícheird an phobalóra, agus is baolach gur pobalóir é Magyar chomh maith céanna le Orbán, an bhéim chéanna aige ar shrianta a chur le líon na n-inimirceach. An difear is mó eatarthu ná go bhfuil Magyar go láidir ar son na hEorpa.
Faraor géar, nuair a bhíonn sochaí deighilte i gceart ag pobalóirí agus ag a gcuid giollaí sna meáin agus ar na meáin shóisialta – is é sin, nuair a bhíonn dóthain scéine curtha sna vótóirí roimh ‘an taobh eile’ – is baolach nach mbíonn seans dá laghad a thuilleadh ag iarrthóirí nach pobalóirí iad.
Cás a léiríonn an feiniméan sin go breá ná an chéad bhabhta i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart.
11 iarrthóir a ghlac páirt sa toghchán sin, beirt phobalóirí – Flávio Bolsonaro (mac an iaruachtaráin chonspóidigh ghafa Jair Bolsonaro) agus an t-uachtarán reatha, Luiz Inácio ‘Lula’ da Silva – ina measc.
Bhí rud beag le cois 47% den vóta ag Flávio Bolsonaro agus rud beag le cois 45% ag Lula, rud a d’fhág nár éirigh leis an naonúr (9!) iarrthóirí eile ach rud beag le cois 7% a mhealladh eatarthu.
Seans go gcuirfidh sé iontas ar roinnt go n-áirím uachtarán reatha na Brasaíle, Lula, mar phobalóir. Ach gan dabht is féidir le polaiteoirí ar an eite chlé a bheith ina bpobalóirí chomh mhaith céanna lena macasamhla ar an eite dheis agus is go mion minic le linn a ghairmréime fada gur bhain Lula úsáid as ceann de phríomhchleasa an phobalóra: caint dheighilteach den chineál ‘sinne i gcoinne iadsan’.
Dála Kamala Harris dhá bhliain ó shin agus Péter Magyar i mí Aibreáin, cath den chineál ‘mise nó an pobalóir críochnaithe’ a bheidh roimh Lula má theastaíonn uaidh an bua a fháil ar Flávio Bolsonaro sa vóta réitigh ar an 25 Deireadh Fómhair.
An bhfuil deireadh ar fad leis na laethanta go n-éiríodh le polaiteoirí vótóirí a mhealladh le feabhas a gcuid moltaí agus polasaithe, seachas le hargóintí bunaithe ar fhaitíos, ar eagla agus ar scéin?
Fág freagra ar '‘Vótáil domsa, nó don phobalóir críochnaithe’ – tá polaitíocht na scéine linn'