Ceachtanna foghlamtha ag Comhairleoir Gaeltachta agus cáineadh déanta ar fhíseán ‘cruálach’ a rinne sé

Roinn an comhairleoir neamhspleách Micheál Mac Giolla Easbuig físeán ar na meáin shóisialta de loscann i gcochall fir oibre

Ceachtanna foghlamtha ag Comhairleoir Gaeltachta agus cáineadh déanta ar fhíseán ‘cruálach’ a rinne sé

Tá cáineadh déanta ag Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (IWT) ar fhíseán a chuir comhairleoir contae Gaeltachta ar na meáin shóisialta ina gcaitear go “cruálach” le loscann.

Dúirt Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, comhairleoir neamhspleách ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, le Tuairisc go raibh cáineadh an IWT “tugtha ar bord aige”.

Chuir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, comhairleoir neamhspleách ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, físeán ar na meáin shóisialta níos túisce an mhí seo ina bhfuil frog le feiceáil i gcochall fir oibre. Tá sé le tuiscint ón bhfíseán gur cuireadh an loscann i gcochall an fhir mar mhagadh.

“Bain amach! Bain amach sin to fuck, I’m fucking warning you. Micheál, bain amach é sin, níl mé focain ag magadh, bain amach é sin to fuck! Beidh orm mo focain top a bhaint domh. Jesus Christ,” a deir an fear oibre, atá ina sheasamh taobh le tarracóir ar thalamh portaigh.

Síneann fear an cheamara a lámh isteach sa chochall ina dhiaidh sin, tarraingíonn amach an loscann agus leagann ar an tarracóir é. Ós ar chuntas pearsanta Mhichíl Mhic Giolla Easbuig atá an físeán le feiceáil agus go dtugann an fear oibre ‘Micheál’ ar fhear an cheamara, tá sé le tuiscint gurb é Mac Giolla Easbuig féin fear an cheamara agus gurbh é féin a chuir an loscann sa chochall.

Dúirt Oisín Ó Néill, oifigeach abhcóideachta fiadhúlra leis an IWT, gur caitheadh go “cruálach” leis an ainmhí san fhíseán agus gur cheart an dúlra a chosaint seachas a ghortú.

“Is rud cruálach é seo, go háirithe ó chomhairleoir contae. Ba cheart dúinn an dúlra a chosaint agus a cheiliúradh gan a bheith ag magadh faoi ná ag gortú ainmhithe,” a dúirt Ó Néill le Tuairisc.

Tá cosaint speisialta ag an loscann in Éirinn faoin Acht um Fhiadhúlra agus faoin Treoir Eorpach um Ghnáthóga. Dúirt Ó Néill nár cheart ainmhithe a úsáid “ar mhaith le haird” ar na meáin shóisialta agus gur “cúis díomá” é gur ionadaí tofa a roinn an físeán.

“Déanaimid cáineadh ar úsáid ainmhithe fiáine le haghaidh siamsaíochta agus á roinnt ar na meáin shóisialta ar mhaithe le haird agus le hamharcanna. Tá an frog faoi chosaint faoin Acht um Fhiadhúlra, is cuid thábhachtach dár bithéagsúlacht é. Ba cheart dúinn meas agus cúram a léiriú d’ainmhithe fiáine, seachas iad a úsáid le haghaidh siamsaíochta,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Néill go seolann a leithéid d’fhíseán “droch-theachtaireacht” agus go bhfuil “cultúr cruálachta” i leith an dúlra ann in Éirinn.

“Is cúis díomá ar leith é nuair a bhíonn duine cosúil le Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, atá ina ionadaí tofa, páirteach i ngníomh den chineál seo. Seolann sé droch-theachtaireacht faoin meas atá againn mar shochaí ar an dúlra agus ar ainmhithe fiáine.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Micheál Choilm (@michealchoilm)

“Tá cultúr cruálachta i leith an dúlra fós againn ar an oileán seo, ó chúrsáil giorriacha agus fiach sionnach go marú broc. Ní gá dúinn cur leis an gcultúr sin trí ainmhithe fiáine a úsáid mar ábhar grinn nó siamsaíochta,” a dúirt Ó Néill.

Dúirt sé gur cheart do dhaoine a bhfuil “freagracht phoiblí” orthu “dea-shampla” a thabhairt maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht agus mhol sé don chomhairleoir Mac Giolla Easbuig “páirt a ghlacadh i gcuid de na tionscnaimh iontacha bhithéagsúlachta atá ar siúl sa cheantar”.

“Tá neart grúpaí pobail agus tionscadal áitiúil i nDún na nGall atá ag obair go dian chun an dúlra a chosaint agus a athbhunú. Bheadh deis aige, b’fhéidir, rud nó dhó a fhoghlaim fúthu agus faoin tábhacht a bhaineann le meas a léiriú ar an bhfiadhúlra atá timpeall orainn,” a dúirt Ó Néill.

Dúirt Micheál Mac Giolla Easbuig le Tuairisc go bhfuil an méid atá ráite ag an IWT “tugtha ar bord” aige agus go bhfuil rudaí foghlamtha aige ón eachtra.

“Aithním gur speiceas faoi chosaint é an loscann, rud nach raibh a fhios agam roimhe seo. Bhí foghlaim ann domhsa, agus tá mé tar éis an méid a dúirt siad a thabhairt ar bord,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ceachtanna foghlamtha ag Comhairleoir Gaeltachta agus cáineadh déanta ar fhíseán ‘cruálach’ a rinne sé'