‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe

Tá sé ráite ag an gníomhaí teanga agus taighdeoir Donncha Ó hÉallaithe gur ‘gadaíocht chultúrtha’ é an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an gceantar in iarthar Bhéal Feirste a bhfuil obair mhór ar siúl ann an Ghaeilge a chur chun cinn

‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe

Tá sé ráite ag an ngníomhaí aitheanta Gaeltachta, Donncha Ó hÉallaithe, gur “gadaíocht chultúrtha” é an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an gceantar thart timpeall ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Tá an teideal sin in úsáid ag lucht labhartha na Gaeilge sa cheantar le fada an lá agus tá stádas áirithe oifigiúil aige mar theideal ó úsáideann Comhairle Cathrach Bhéal Feirste é ó am go chéile, mar aon le leithéidí ‘Ceathrú na hArdeaglaise’ agus ‘Ceathrú Titanic’ in ábhar poiblíochta agus foilseacháin dá cuid.

Bhí Ó hÉallaithe i mbun díospóireachta le Cathal Seoighe ó Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe ar an gclár Tús Áite aréir agus iad ag plé dhá cholún a foilsíodh ar an suíomh seo le déanaí faoi chomharthaíocht nua i gcathair na Gaillimhe.

Mhaígh Ó hÉallaithe ina alt gur “gadaíocht chultúrtha” a bhí i gceist leis na comharthaí nua a crochadh ar theorainneacha cheantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe le déanaí agus gur “masla” a bhí iontu do mhuintir na gceantar oifigiúil Gaeltachta ina bhfuil an teanga fós láidir.

Thug Cathal Seoighe agus a chomhghleacaí ón gcoiste pleanála teanga, Joe McGinley, freagra ar alt Uí Éallaithe i gcolún dá gcuid féin a foilsíodh ar Tuairisc níos luaithe an mhí seo.

Luaigh Seoighe agus McGinley Béal Feirste mar shampla de “Ghaeltacht uirbeach” ina n-alt agus dúirt nach ionann ‘an Cheathrú Ghaeltachta’ sa chathair sin agus an Cheathrú Rua i gConamara.

D’fhiafraigh láithreoir Tús Áite, Fachtna Ó Drisceoil, de Dhonncha Ó hÉallaithe an dtabharfadh sé féin “gadaíocht chultúrtha” ar theideal na Ceathrún Gaeltachta agus dúirt Ó hÉallaithe do dtabharfadh agus gurbh fhearr teideal eile a thabhairt ar an gceantar.

Mhaígh sé gurbh fhearr go dtabharfaí ainm eile amhail ‘an Cheathrú Ghaelach’ nó ‘an Cheathrú Ghaeilge’ ar an gceantar ina bhfuil iarrachtaí ar bun le blianta fada anuas an Ghaeilge a chur chun cinn. Dúirt sé go bhfuil brí ar leith leis an bhfocal Gaeltacht agus go bhfuil saintréithe ar leith ag baint le “fíorcheantair” Gaeltachta nach bhfuil ag an mBruach Thoir ná Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

“Is cinnte [gur gadaíocht chultúrtha é], ba cheart ‘Ceathrú Ghaelach’ a thabhairt air, níor cheart ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt air, mar níl mórán tréithe Gaeltachta ag baint leis. Níl a fhios agam an bhfuil aon tréithe Gaeltachta ag baint leis.

“Tá go leor Gaeilge thuas i mBéal Feirste, tá go leor déanta, agus molaim iad, ach ‘Ceathrú Ghaelach’ ba cheart a thabhairt air agus ní ‘Ceathrú Ghaeltachta’, is gadaíocht chultúrtha é sin freisin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe'