Súil go gcruthóidh oidhreacht duine de mhórstiúrthóirí Hollywood nasc níos láidre idir Cois Fharraige agus Maine

Cuirfear tús anocht le Féile John Ford ar an Spidéal. Seo an dara bliain den fhéile a dhéanann comóradh ar an stiúrthóir scannáin, arb as Cois Fharraige a thuismitheoirí

Súil go gcruthóidh oidhreacht duine de mhórstiúrthóirí Hollywood nasc níos láidre idir Cois Fharraige agus Maine

Tá súil ann go ndéanfar ceiliúradh agus forbairt ar an gceangal idir ceantar Chois Fharraige i nGaillimh agus baile ar chósta thoir Mheiriceá mar chuid d’fhéile oidhreachta atá ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear tús anocht le Féile John Ford ar an Spidéal, an dara bliain den fhéile a dhéanann comóradh ar dhuine de mhórstiúrthóirí Hollywood, arb as Cois Fharraige a thuismitheoirí.

John Martin Feeney a baisteadh ar Ford nuair a saolaíodh é in Portland, Maine in 1894 agus bhí cion mór aige ar Chonamara agus ar Chois Fharraige go háirithe agus thug sé cuairt ar Éirinn go minic.

Roimh thús na féile anocht, fógraíodh go bhfuil ‘Comhaontú Cairdis’ aontaithe idir an fhéile agus Ionad Oidhreachta na nÉireannach atá lonnaithe in Portland, Maine.

Tá ceangal láidir idir Cois Fharraige agus Portland agus b’iomaí duine a d’fhág an ceantar chun tabhairt faoi shaol nua i Portland. Ba as an Tuar Beag, díreach taobh thiar den Spidéal d’athair Ford, John Feeney, agus ba in aice láimhe ar an gCoill Rua a rugadh a mháthair, Barbara “Abbey’ Curran.

Dúirt Redmond Morris, duine d’eagraithe na Féile, gur “bealach iontach” í Féile John Ford an nasc idir Chois Fharraige agus Portland a fhorbairt agus go bhfuil súil aige gur féidir comhaontú “níos foirmeálta” a shocrú amach anseo le tacaíocht Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Eric Brown, stiúrthóir feidhmiúcháin Ionad Oidhreachta na nÉireannach agus comhalta boird ar Choimisiún Trádála Maine-Éire, go raibh ríméad orthu nasc a chruthú leis an bhfeile agus go raibh súil aige go ndéanfar forbairt uirthi agus go mairfidh sí i bhfad.

Tá imeachtaí le reáchtáil ar an Spidéal as seo go ceann trí lá, ón lá inniu go dtí Dé Domhnaigh, mar chuid d’Fhéile John Ford.

Aidan Quinn

Tá an t-aisteoir cáiliúil Aidan Quinn leis an fhéile a oscailt anocht agus an scannán The Quiet Man le taispeáint i Scoil Éinne.

Tá cuid de na scannáin eile ba cháiliúla a rinne Ford le taispeáint chomh maith i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus cainteanna agus ceardlanna le reáchtáil chomh maith. Is féidir gach eolas a fháil ar shuíomh na féile.

Fág freagra ar 'Súil go gcruthóidh oidhreacht duine de mhórstiúrthóirí Hollywood nasc níos láidre idir Cois Fharraige agus Maine'