Seol teachtaireacht le do cholúr póca
Ar airigh tú riamh go raibh an aip teachtaireachtaí a bhíonn in úsáid agat rómhaith? Rósciobtha, ró-éifeachtúil, agus go bhfuil tú in ann brath air i gcónaí? Más ea, ar chuimhnigh tú riamh ar fhilleadh ar laethanta na gcolúr teachtaireachta? Má bhí tú riamh in éad le carachtair Harry Potter, agus a n-ulchabhán féin ag gach duine acu, seans gur mhaith leat an aip nua seo atá bunaithe ar chóras teachtaireachta seanfhaiseanta.
Déanann ‘Carrier Pidge’ iarracht an mhoilleadóireacht agus an ghuagacht a bhaineann leis an gcolúr teachtaireachta a athchruthú don aois dhigiteach.
Baineann sé úsáid as leagan amach atá cosúil le WhatsApp, agus tugann sé cead duit do ‘nead’ féin a roghnú, seo an áit a mbíonn tú lonnaithe. Is féidir seirbhís GPS a úsáid ina áit, ach ní shílim go dtagann sé sin le spiorad an aip dháiríre. Roghnaigh áit fhisiciúil ar an mapa agus is as seo, mar dhea, a sheolfar do theachtaireachtaí ar fad.
Ina dhiaidh sin, cruthóidh tú ‘ealta’, seo iad na daoine gur féidir leat teachtaireachtaí a sheoladh chucu le do cholúr digiteach.
Má tá teachtaireacht á sheoladh agat chuig do chomharsa síos an bóthar, gheobhaidh sé an teachtaireacht gan mórán moille. Ach dá fhaide atá an duine uait, sea is faide a thógfaidh sé ar an teachtaireacht a ghabháil chomh fada leo.
An chúis atá leis seo ná go seoltar na teachtaireachtaí ag luas 110km san uair. Seo é an luas a deir an aip (go contráilte) atá colúr teachtaireachta in ann eitilt. Is cosúil gur 90km san uair an t-ardluas ceart atá ag colúr, agus ar achar gairid amháin atá an créatúr ábalta é sin a choinneáil suas. Ach maithfidh muid é sin do na pidgers.
Mar a bheadh le colúr ceart, níl aon chinnteacht ann go mbainfidh do cholúr digiteach ceann scríbe amach. B’fhéidir go dtarlóidh rud éigin dó ar an mbealach nó go gcaillfeadh sé suim sa turas is go ngabhfaidh sé ar seachrán.
Ar a laghad ansin bheadh tú in ann a rá nach bhfuair tú teachtaireacht agus d’fhéadfadh go mbeadh tú ag insint na fírinne. Ach fainic a seolfá rud éigin tábhachtach mar nach bhfuil a fhios cá ngabhfadh do cholúr digiteach amú.
Bridget Bhreathnach
Ar ais chun na todhchaí i gConamara Seans go bhfaca cuid agaibh an flít Deloreanacha a bhí á dtiomáint mórthimpeall Chonamara ag an deireadh seachtaine – toilleoirí flocsa (sea, tá sé ar Téarma.ie) feistithe i roinnt acu. Bhí a gcomhdháil bhliantúil ag Delorean Owners of Ireland in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha ag an deireadh seachtaine. Chonaic muid féin seacht gcinn de na carranna clasaiceacha ann tráthnóna Dé hAoine agus dúradh go rabhthas ag súil le cúpla ceann eile. Tá isteach is amach le fiche carr sa chumann agus casann siad le chéile uair sa bhliain le sciuird a thabhairt ar cheantar álainn in Éirinn. Bhí siad i gcontae Chiarraí anuraidh agus roghnaigh siad Conamara i mbliana.
Dá ndéanfaí an scannán Back to the Future anois, is siar chuig an mbliain 1996 a ghabhfadh Marty McFly agus Doc Brown. Céard a d’fheicfeadh baill an chumainn dá mbainfeadh siad 88mph amach ar Bhóthar Chois Fharraige? TnaG á oscailt i mBaile na hAbhann, mná na Gaillimhe go caithréimeach i bPáirc an Chrócaigh, agus na Spice Girls á gcasadh Tigh Josie Mór.
Maitiú Ó Coimín
Dúshlán a bhíodh sa ‘Dúshlán’
Ní hiad lucht na nDeloreanacha amháin a roghnaigh Gaeltacht na Gaillimhe d’ócáid mhór samhraidh i mbliana. Bhí baill Ghasóga Éireann le feiceáil ina mbeirteanna ar Bhóthar Chois Fharraige agus iad ag glacadh páirt in ‘Dúshlán’, comórtas de chuid na heagraíochta do ghasóga sna déaga deireanacha. B’éigean do rannpháirtithe Dúshlán 2026 a mbealach a dhéanamh ó Chasla i gConamara go Droichead Abhann Ó gCearnaigh i gcontae an Chláir.
Nuair a bhí mé féin sna gasóga, dúshlán é seo a thugadh an ghasóg trasna na tíre, ar shliabh, portach, agus cladach – an léarscáil agus an compás ina glac aici. Bhuail mé bleid ar bheirt a bhí ag teacht aniar as Casla maidin Dé hAoine. Google Maps a bhí ina nglaic acu siúd agus an chéad stop bia marcáilte acu ann (an Spidéal). Nuair a luaigh mé go bhféadfaí éalú ó thrácht agus múch nimhiúil na bhfeithiclí ar Bhóthar Chois Fharraige ach Slí Chonamara, cois cladaigh, a thabhairt orthu féin, dúradh liom gurbh fhearr leo cloí leis an mbóthar mór mar bhí cosán deas réidh ann agus go ndeachaigh sé caol díreach trí bhailte a bhfuil bia ar fáil iontu – is mór idir na haimsirí!
Maitiú Ó Coimín
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Seol teachtaireacht le do cholúr póca, ar ais chun na todhchaí i gConamara, dúshlán a bhíodh sa ‘Dúshlán’'