An é nach bhfuil aon Andy Burnham ag Fianna Fáil?

Tá rialtas na tíre seo agus ceannaire Fhianna Fáil imithe leo i gcomhair shaoire an tsamhraidh agus gan brú dá laghad ar Mhicheál Martin, más fíor, éirí as

An é nach bhfuil aon Andy Burnham ag Fianna Fáil?

Nach ait an mac é saol na polaitíochta. Fuair muid léargas an tseachtain seo ar an mbealach a gcaitheann polaiteoirí lena chéile nuair a bhí Keir Starmer ag freagairt ceisteanna den uair dheiridh mar Phríomh-Aire na Breataine i bParlaimint Westminster. Tá an pharlaimint scortha anois go fómhar agus glactar leis go mbeidh Andy Burnhm ina Phríomh-Aire nuair a fhillfidh siad ar an obair. Ghlac Starmer leis go ndearna a rialtas botúin agus gur chaill sé muinín a pháirtí agus d’imigh leis agus gan ach dhá bhliain caite aige in oifig an phríomhaire.

Idir an dá linn, tá rialtas na tíre seo agus ceannaire Fhianna Fáil imithe leo i gcomhair shaoire an tsamhraidh freisin agus gan brú dá laghad ar Mhicheál Martin, más fíor, éirí as. Ó toghadh an rialtas seo tá roinnt mhaith botún agus conspóidí dá gcrá agus an chuid is measa acu sin go polaitiúil ag baint le Fianna Fáil. De réir cosúlachta, ní bhíonn ar an Taoiseach ach dul os comhair cruinnithe dá pháirtí parlaiminte agus leithscéal a ghabháil agus maitear a chuid peacaí ar fad dó.

An bhfuil an scéal chomh simplí sin? Cá bhfios? Tá tuairimíocht láidir ann go bhfágfar Martin in áit go mbeidh uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach curtha thart ag deireadh na bliana agus ag an tráth sin go gcuirfear brú air éirí as?

Tá sé féin ag maíomh go mbeidh sé ina cheannaire go dtí an chéad olltoghchán eile. Deir tuilleadh fós go mbeidh sé ann go Samhain na bliana seo chugainn nuair atá post an Taoisigh le malartú idir é féin agus Simon Harris. Is cóir agus na polaiteoirí ag tógáil sosa idir seo agus an fómhar an cheist a chur – cén fáth a bhfuil an phraiseach a rinne sé den toghchán uachtaránachta maite do Mhicheál Martin?

Cén fáth nach bhfuil an Páirtí Poblachtach, agus iad ag comóradh céad bliain a mbunaithe, ag fiafraí de cén doicheall atá air roimh reifreann ar Éire Aontaithe nuair atá Fine Gael chun cinn orthu san ullmhúchán? Agus cén chaoi go bhfuil glactha ag an bpáirtí leis na hagóidí costas maireachtála agus cúntóirí riachtanais speisialta, gan a lua ach péire de na ceisteanna goilliúnacha a chuir as don phobal ó thús na bliana?

Is léir ón méid a tharla do Keir Starmer gur fada an lá a bheadh sé éirithe as dá mbeadh sé sa mBreatain. Nó an mithid an cheist a chur – an é nach bhfuil aon Andy Burnham ag Fianna Fáil? Luaitear Jim O’Callaghan, Dara Calleary agus Darragh O’Brien mar chomharbaí ar Martin ach ní léir go bhfuil aon rófhonn ar cheachtar acu dul i mbun catha. An mbeidh aon athrú air sin nuair a fhillfidh siad sa bhfómhar?

Baineadh muid ar fad sásamh as sos na polaitíochta san idirlinn.

Fág freagra ar 'An é nach bhfuil aon Andy Burnham ag Fianna Fáil?'