Coiste Oireachtais ‘buartha’ nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe

Deir cathaoirleach coiste Oireachtais na Gaeilge, Shane Moynihan, go mbeidh tionchar ag an moill ar chóras na gcaighdeán teanga ar chumas an stáit freastal ar lucht labhartha na Gaeilge

Coiste Oireachtais ‘buartha’ nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe

Tá sé ráite ag cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais gur ábhar buartha dó féin agus dá chomhghleacaithe an mhoill atá ar fhoilsiú agus cur i bhfeidhm na gcaighdeán teanga a chinnteoidh seirbhísí poiblí i nGaeilge don phobal.

Deir an Teachta Dála Shane Moynihan gur “cuid lárnach” de na hiarrachtaí seirbhísí poiblí do chainteoirí Gaeilge a chinntiú iad na caighdeáin ach go bhfuil an pobal fós ag fanacht orthu.

Faoin reachtaíocht, tá córas na gcaighdeán le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach níl na dréachtchaighdeáin teanga foilsithe go fóill.

Deir oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.

Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Dúradh mí Feabhra go raibh na dréachtchaighdeáin réidh le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta agus go gcuirfí tús le próiseas comhairliúcháin mí an Mhárta ach níl tásc ná tuairisc orthu ó shin.

Deir Moynihan, Teachta de chuid Fhianna Fáil, go mbeidh tionchar ag an moill atá ar fhoilsiú na gcaighdeán ar sprioc earcaíochta 20% na seirbhíse poiblí agus ar chumas an stáit freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.

“Tá an spriocdháta 2030 ag druidim linn go tapa agus tá práinn ar leith ag baint leis an dualgas atá ar gach comhlacht poiblí na socruithe cuí a chur i bhfeidhm,” a deir sé.

“Gan na caighdeáin a bheith ar fáil dóibh, tá agus beidh moill ar na comhlachtaí poiblí agus iad ag iarraidh freastal ar an sprioc agus an dúshlán seo.”

Deir Moynihan go gcaithfidh fios a bheith ag comhlachtaí poiblí chomh luath agus is féidir céard iad na dualgais a bheidh orthu maidir le seirbhísí Gaeilge má tá chun iad a chomhlíonadh.

“Tá an Comhchoiste buartha nach bhfuil na caighdeáin sin, de réir earnála, foilsithe go fóill, agus go bhfuil na comhlachtaí poiblí agus an pobal ag fanacht orthu. Cuireann agus cuirfidh sé sin moill ar na comhlachtaí poiblí agus iad ag déanamh a ndíchill a ndualgais a chomhlíonadh ina leith.”

Tá an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn le bheith os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun na caighdeáin, cúrsaí earcaíochta agus cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 a phlé.

I dtráchtaireacht a d’fhoilsigh sé níos luaithe i mbliana faoi obair an Choiste Chomhairligh um Seirbhísí Náisiúnta, dúirt Ó Concheanainn go bhfuil “géarghá ann faoi láthair córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm d’fhonn laigí chóras na scéimeanna teanga agus na bearnaí suntasacha a sonraíodh i seirbhísí poiblí i nGaeilge le roinnt mhaith blianta anuas a réiteach”.

Luaigh an Coimisinéir Teanga an tairseach seirbhísí poiblí MyGovID mar shampla den chaoi go bhféadfadh na caighdeáin seirbhísí níos fearr i nGaeilge a chur ar fáil.

“Nuair a scrúdaítear leibhéal an tsoláthair i nGaeilge ar an tairseach náisiúnta seo i láthair na huaire tá éagothromaíocht ollmhór idir caighdeán agus cuimsitheacht na seirbhísí poiblí atá ar fáil i mBéarla agus an tseirbhís thearc agus bhearnach i nGaeilge.

“Beidh sé ina bhunriachtanas go bhfaighidh na caighdeáin teanga tosaigh greim ar na comhlachtaí poiblí atá ag úsáid córais idirghníomhacha ar líne chun seirbhísí poiblí bunúsacha a sholáthar don phobal,” a dúirt sé.

Léirigh an Coimisinéir Teanga imní ina thráchtaireacht chomh maith faoin easpa fáis a tháinig ar líon na ndaoine le Gaeilge a bhí ag cur isteach ar phoist sa státseirbhís fiú agus an sprioc earcaíochta le teacht i bhfeidhm.

De réir thuarascáil an Choiste Chomhairligh, 411 iarratasóir a chuir isteach ar sheacht gcomórtas do chainteoirí Gaeilge a reáchtáil Poist Phoiblí don státseirbhís in 2022 agus 2023.

205 iarratasóir a bhí gceist in 2024, rud a fhágann, a dúirt an Coimisinéir Teanga gur “deacair a ríomh ó na figiúirí seo gur tháinig aon mhéadú ar líon na n-iarratasóirí do rólanna le Gaeilge do chomórtais earcaíochta na Státseirbhíse, cé go bhfuil an fhoráil earcaíochta 20% i bhfeidhm ó Mheitheamh 2022”.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais ‘buartha’ nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe'