Níl aon fhuarú á thuar ón teaspach is an meirfean an tseachtain seo. Beidh an teocht i lár na bhfichidí sa tír inniu agus beidh sé te trópaiceach arís anocht. Triomach is grian atá á thuar dúinn ach d’fhéadfadh stoirmeacha toirní a bheith in áiteanna. Cuirtear comhairle ar dhaoine go mbeidh an tír ar fad an-te agus a bheith ar an airdeall faoin teas.
Tá fainic ardteochta i bhfeidhm óna 1.00pm inniu i gcúig chontae agus seasfaidh an foláireamh amárach agus as sin go dtí a 7.00am maidin Dé Céadaoin.
Is iad na cúig chontae is teo a bheidh agus fainic bhuí ardteochta eisithe ina leith – Maigh Eo, Gaillimh, Luimneach, Ciarraí. agus Corcaigh.
Táthar ag tuar go bhféadfadh an uasteocht a bheith chomh hard le 27 céim Celsius sna contaetha sin agus os cionn 15 céim i rith na hoíche.
Iarrtar ar dhaoine a bheith stuama agus gan iad féin a chur i gcontúirt agus a bheith airdeallach i dtaobh strus teasa is sábháilteacht uisce. Meabhraítear dúinn freisin gur deacair codladh sámh a dhéanamh sa teas agus cuimhneamh air sin agus daoine agat a bhfuil cúram de dhíth orthu.
Idir 24 agus 29 céim Celsius is teo a bheidh sé i gCúige Mumhan agus i gConnachta inniu agus é beagán níos fionnuaire i Laighin agus Ulaidh, idir 20 agus 24 céim. Beidh fuarú beag leis an gcósta thoir agus leoithne éadrom nó measartha anoir nó anoir aduaidh ag séideadh.
Teas is grian is mó atá á thuar don lá amárach cé go bhféadfadh corrscamall a bheith sa taobh ó dheas den tír agus corrchith titim san iardheisceart amach sa lá. Idir 23 agus 29 céim a bheidh sé agus an t-iarthar níos teo ná an t-oirthear.
Teas is grian a bheas againn arís ar an gCéadaoin agus gan a mhalairt á ghealladh Déardaoin.
Deir Met Éireann go bhfuil seans ann go bhfeicfidh an dream sa deisceart agus san iarthar múraíl throm agus stoirmeacha toirní san iarnóin ar an gCéadaoin, agus seachas leoithne bhog anoir na maidine go mbeidh siotaí tréana i dteannta na gceathanna sin. Idir 24 agus 28 a bheidh sé agus gaoth bhog anoir ann seachas san áit a mbeidh ceathanna báistí mar a mbeidh siotaí leis an ngaoth.
Beidh an teocht i lár na bhfichidí nó cúpla céim os a chionn ar an Aoine ach d’fhéadfadh leoithne aduaidh fuarú beag a thabhairt do phobal an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt. Ní chuirtear ceathanna troma nó báisteach thoirní as an áireamh in áiteanna.
Má tá lucht bainte féir sásta leis an uain bhreá údar imní é d’Uisce Éireann a deir go raibh i bhfad níos mó uisce, os cionn 50 milliún lítear thar an meán, ídithe sa teaspach agus de bharr imní faoin leibhéal uisce sna taiscumair, tá fógra caomhnaithe uisce eisithe ag an tseirbhís agus cosc i roinnt ceantar ar úinéirí tí agus ionaid tráchtála píobáin a úsáid le huisce a chur ar an ngairdín, leis an gcarr a níochán ná aon chúram eile taobh amuigh nach bhfuil riachtanach nó nach cuid den ghnó é. Tiocfaidh an cosc seo i bhfeidhm Déardaoin beag seo ag 00:01 agus seasfaidh sé 10 lá go dtí meán oíche an 26 Iúil. Tá an cosc i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath agus i dTiobraid Árann Theas chomh maith le limistéir éagsúla i gCill Mhantáin, Loch Garman, an Mhí agus Cill Dara. D’fhéadfaí suas le €5,000 d’fhíneáil a chur ar dhuine a sháraíonn an t-ordú caomhnaithe.
Iarrann Uisce Éireann ar chuile dhuine sa tír a bheith spárálach leis an uisce sa triomach seo agus gan é a úsáid nuair nach gá agus aon sconnaí atá ag sileadh a dheisiú.
Fág freagra ar 'Seachtain eile den bhrothall agus an bruth teasa seo'