Tá dochar na n-ionsaithe ciníocha fós á charnadh

Ba é seo an tríú bliain as a chéile ag lucht círéibe ag scrios, ag loisceadh agus ag ionsaí inimirceach agus tá an dochar ag dul in olcas in aghaidh na bliana

Tá dochar na n-ionsaithe ciníocha fós á charnadh

‘Tá faitíos orm sa teach. Tá faitíos orm ar an tsráid. Tá faitíos orm i measc an phobail. Tá faitíos orm roimh mo chomharsana, níl a fhios agam céard atá in intinn éinne.’ Sin mar a labhair fear de bhunadh na Nigéire ar raidió cúpla lá ó shin.

Nuair a bheannaíonn tú do dhuine gorm ar an tsráid i mBéal Feirste na laethanta seo tarraingíonn siad siar i dtosach, go dtí go dtuigeann siad gur dea-rún atá agat. Tá údar acu a bheith eaglach. Tá an réabadh ar na sráideanna ciúnaithe ach pobail eitneacha faoi ionsaí i gcónaí, an teannas le braistint go forleathan.

Is fíor go raibh na mílte ar léirsithe in aghaidh an chiníochais Dé Sathairn i nDoire agus i mBéal Feirste. Is fíor freisin go bhfuil cabhair agus tacaíocht á soláthar ag líon mór daoine dóibh sin atá ruaigthe as a dtithe nó atá ró-scanraithe leis an teach a fhágáil le dhul ag obair, na páistí a thabhairt ar scoil nó fiú le bia a fháil. Bailíodh airgead chun éadaí agus earraí riachtanacha eile a cheannach, réitíonn daoine bia ag baile go deonach agus tógann cuiditheoirí uathu é chun é a thiomáint chucu sin atá i ngátar. Is dá ndeoin féin a d’eagraigh go leor de na daoine sin a bhfoirne, i gcásanna eile rinne eagraíochtaí ar nós Fóram na nImiriceach san Iarthuaisceart comhordú ar iarrachtaí agus ar thiomsú airgid.

Is mó go mór an líon daoine atá cabhrach agus a fháiltíonn roimh an ilchineálacht ná an dream a bhí i mbun ionsaithe agus lucht a ngríosaithe in éindí. Dá ainneoin sin ba le glórtha an fhuatha a d’éist na círéibeoirí. Ní ba mheasa fós ba é seo an tríú bliain as a chéile ag lucht círéibe ag scrios, ag loisceadh agus ag ionsaí inimirceach. Tá an dochar ag dul in olcas in aghaidh na bliana.

Faoin am ar pléadh an scéal in Stormont Dé Luain bhí cabhair iarrtha ar an bhFeidhmeannacht Tithíochta ag 86 líon tí, 26 acu gan dídean de thoradh ionsaithe na seachtaine seo caite, a thuilleadh imeaglaithe. Cuireadh ar a laghad teaghlach amháin le líon na ndaoine a mbeadh tacaíocht uathu ag deireadh na seachtaine. Bhí an smionagar ó thithe loiscthe á ghlanadh fós nuair a cuireadh carr trí thine taobh amuigh de theach ar scríobadh maslaí ciníocha air cheana i Ráth Cúile taobh thuaidh de Bhéal Feirste.

Ní fhillfidh an teaghlach, faitíos orthu go loiscfí an teach nuair a bheidís istigh. Ba é an t-ionsaí is deireanaí an tríú ceann orthu le cúig mhí. Fearacht go leor eile tá siad ag déanamh a machnaimh faoi imeacht. Maidin Dé Domhnaigh tugadh fogha faoi bheirt is iad ag fágáil an tí i ndeisceart na cathrach. Is annamh nach dtugann gealadh an lae tuairisc ar eachtra nua eile.

Is ar oibrithe sláinte atá ag smaoineamh ar imeacht is mó atá aird an phobail.

Ar ndóigh tá ciníochas in aghaidh duine ar bith gránna agus coiriúil, más iarrthóir tearmainn, oibrí monarchan, oibrí feirme, feitheoir i gcaifé, ceoltóir nó eile é/í ach is ar fhoirne ospidéil agus oibrithe cúraim is mó atá aithne ag an bpobal. Admhaíonn gach duine go dtitfeadh an tseirbhís sláinte as a chéile dá n-uireasa. Is iadsan na daoine is mó a n-aireodh an líon is mó daoine uathu iad dá n-imeodh siad go dtí an Astráil, Ceanada, an Araib Shádach nó a leithéid.

I bhfianaise chomh mór is atá daoine i dtuilleamaí na n-imirceach níorbh iontas é go raibh alltacht ar dhaoine nuair a líomhnaíodh gur mhol póilíní d’altraí a gcártaí aitheantais a thaispeáint do na círéibeoirí ar bhacainní bóthair chun go ligfí chun oibre iad. Náire shaolta, dar le Céad-Aire Stormont, Michelle O’Neill agus an tAire Sláinte, Mike Nesbitt. Gheall an PSNI go bhfiosrófaí an scéal ach dúirt nár thug ceannaireacht na bpóilíní a leithéid de threoir. Seans maith gur thug oifigeach ar an talamh an moladh, gur mheas sé nach raibh an dara rogha acu. Géilleadh scanrúil don ainriail is ea smacht an bhóthair a thabhairt do lucht círéibe.

Beidh dianscrúdú le déanamh ag an bPríomh-Chonstábla Jon Boucher air sin agus ar an gcaoi a láimhseáil an tseirbhís an trioblóid. Beidh dianmhachnamh le déanamh ag go leor eile, ár gcoinsias le scrúdú ag gach duine againn agus ag na polaiteoirí go speisialta. Tá gá le plé oscailte faoi na húdair chonspóide, cíoradh ar na trópanna faoi bhrú ar sheirbhísí agus ar thithíocht. As sin tagadh straitéis chomhordaithe, prionsabail dhochta agus thar aon ní eile, an chluas bhodhar do chaint liom leat a scaoileann an fuath amach go slíocach chun loitiméireachta.

Fág freagra ar 'Tá dochar na n-ionsaithe ciníocha fós á charnadh'