Ní thuigeann muid fearg na Rúise faoi mharú na ndaoine óga sa Starobelsk

An dtuigeann na daoine a chuireann fáilte roimh na hionsaithe dróin ar an Rúis an baol atá ann don domhan?

Ní thuigeann muid fearg na Rúise faoi mharú na ndaoine óga sa Starobelsk

Níl mórán tuisceana i measc phobal na hÉireann, agus níos lú clúdach sna meáin cumarsáide abhus, ar mhéid na feirge sa Rúis faoin ionsaí Úcránach ar Institiúid Oiliúna Múinteoirí Starobelsk, sa Lugansk, ina bhfuair 21 déagóir agus aosach óg bás.

Níor léiríodh aon chomhbhá, ach an oiread, faoin ionsaí ar chuid den Rúis – Lugansk – a mhaíonn Cív gur cuid den Úcráin é, ach ar vótáil a háitritheoirí le bheith ina gcuid den Rúis.

Dá gcreidfeadh Cív i ndáiríre gur cuid den Úcráin é Lugansk, an ndéanfaidís ionsaí ar a gcuid sibhialtach ar an mbealach seo?

Ar ndóigh agus an tIarthar ag déanamh neamhaird den ionsaí, mhaígh réimeas Chív an gur díríodh i ndáiríre ar cheanncheathrú ceannais drón Rúiseach –maíomh a mheabhraíonn ráitis Iosrael go bhfuil a n-ionsaithe ar shibhialtaigh i nGaza agus sa Liobáin dírithe ar Hamas agus Hezbollah a mharú.

Tá sé deacair ar ndóigh teacht ar fhoinsí Rúiseacha mar gheall ar an gcinsireacht a chuireann an tAontas Eorpach i bhfeidhm i gcoinne tuairiscí ón tír sin. Ach ón méad arbh fhéidir liom féin a dhéanamh amach tá pobal na Rúise le ceangal agus brú mór ag teacht ar an Uachtarán Putin mar gheall air.

Ní brú le socrú a dhéanamh leis an Iarthar, ach brú le géarú a dhéanamh ar an gcogadh.

Séard atá ag cur leis an bhfearg – agus leis an mbrú – ná an tuiscint nach bhféadfadh an Úcráin na hionsaithe dróin sin a dhéanamh gan rannpháirtíocht dhíreach NATO. Tá daoine den tuairim nach bhféadfaí na hionsaithe a dhéanamh gan tacaíocht faisnéise agus satailíte ó NATO — agus ó na Stáit Aontaithe.

In ainneoin tairiscintí síochána Trump, tá a réimeas ag leanúint ar aghaidh ag soláthar faisnéise don Úcráin chun ionsaithe dróin fadraoin a dhéanamh ar bhonneagar fuinnimh na Rúise, de réir roinnt oifigeach de chuid SAM agus na hÚcráine. Ar ndóigh níl SAM ag íoc as a thuilleadh ach an costas á fhágáil ag an Eoraip.

Chuir foinse amháin síos ar fhórsa drón na hÚcráine mar an “uirlis” atá in úsáid ag SAM chun a spriocanna a bhaint amach – geilleagar na Rúise a lagú agus Putin a bhrú i dtreo socrú a dhéanamh.

Téann méid rannpháirtíochta SAM níos faide ná comhroinnt faisnéise amháin. Cé gur dhúirt oifigeach Meiriceánach amháin go roghnaíonn an Úcráin an sprioc agus go soláthraíonn SAM faisnéis ar a laigí, dúirt oifigigh eile go raibh na Stáit Aontaithe ag socrú tosaíochtaí sprice d’arm na hÚcráine — rud a chiallódh go bhfuil na Stáit Aontaithe de facto ag roghnú cad ba cheart a bhualadh.

Sé sin le rá go bhfuil an Rúis i mbun cogaidh cheana féin le NATO. Agus sé an t-éileamh atá ag dul i méad sa Rúis ná gur chóir tíortha NATO a bhualadh go díreach mar fhreagra ar ionsaithe amhail an ceann ar Starobelsk.

An dtuigeann na daoine a chuireann fáilte roimh na hionsaithe dróin seo ar an Rúis an baol atá ann don domhan – coimhlint núicléach ag deireadh thiar – má théann an Rúis síos an bóthar contúirteach seo?

Glacann muide in Éirinn leis gurb é Putin is cúis leis an bhfadhb. Ach i ndáiríre is Iartharach é Putin. I gcomhthéacs na Rúise, ciallaíonn sé sin duine a chreideann gur chóir don Rúis a bheith leis an Iarthar.

Ba Iartharaigh iad na Boilséivigh freisin, ach ba Iarthar cumannach a bhí uathu. Is é an tIarthar inar mian le Putin a bheith páirteach ann ná Iarthar rachmasach, ach Iarthar a thabharfaidh aitheantas don Rúis mar chomhpháirtí comhionann.

Cuimhnígí: chuir Putin isteach ar bhallraíocht i NATO, chun páirt a ghlacadh i mianta na comhghuaillíochta sin maidir le ceannas domhanda. Is é an diúltú sin é a ligean isteach a thiomáin chun friotaíochta é.

Mar a deir Páirtí Cumannach na Rúise, tá Putin fós faoi dhallracht go bhfuil áit na Rúise san Iarthar. Ina ionad sin, deir an páirtí, caithfidh an Rúis féachaint soir, an radharc siar a thréigean agus a dhearbhú níos láidre fós go gcuirfidh sí in aghaidh aon bhagairt ar a ceannas agus ar a slándáil trí mhodhanna míleata, más gá.

Agus más mian le haon duine an difríocht idir Oibríocht Mhíleata Speisialta Putin agus an cogadh lánscála a mholann lucht cáinte Putin a fheiceáil, ní leor dóibh comparáid a dhéanamh idir léirscrios iomlán Gaza – cogadh lánscála – agus an scrios níos teoranta san Úcráin.

Nach cóir gach iarracht a dhéanamh uafás cogadh núicléach a sheachaint agus bealach taidhleoireachta a aimsiú le deireadh a chur leis an gcogadh i gcaoi a aithneodh imní na Rúise ar aon dul le himní na hEorpa.

Fág freagra ar 'Ní thuigeann muid fearg na Rúise faoi mharú na ndaoine óga sa Starobelsk'

  • Seán De Bláca

    ‘Dá gcreidfeadh Cív i ndáiríre gur cuid den Úcráin é Lugansk, an ndéanfaidís ionsaí ar a gcuid sibhialtach ar an mbealach seo?’ Argóint ciorclach nach ndéanann ciall ach laistigh de réamhchlaontaí an údair. D’fhéadfaí díreach mar an gcéanna a scríobh: ‘An bhfuil sé increidte go n-ionsódh an Úcráin sibhialtaigh d’aon gnó ina tír fein?’. Dár ndóigh níl a fhios ag Eoin (nó agamsa) an fíor maíomh na hÚcráine gur sprioc míleata a bhí ann nó maíomh na Rúise nach ea, nó más fíor gur sibhialtaigh a bhí ann an d’aon ghnó nó trí thimipist a tharla an t-ionsaí. Ach rognnaíonn sé an rud ar mian leis a chreidiúnt agus ansin alt a bhunú bunaithe ar na creidimh sin. Ach pé rud a tharla san eachtra áirithe seo, tá a fhios ag Eoin agus ag an gcuid eile againn cé rinne formhór mór an marú sibhialtach agus céasadh agus fuadach páistí agus éigniú agus goid agus scrios ar cathracha agus bailte sa chogadh seo. Chonaic muid ar fad cad a dhéanann an Rúis chun cathracha Úcráineacha a ghabháil. Chonaic muid na pictiúirí den méid a rinne siad i Mariopol agus Bakmut agus cathracha eile agus chonaic muid go mbreathnaíonn sé an-chosúil le na pictiúirí de Gaza.

  • Aonghus

    Filleann feall ar an bhfeallaire!

  • An tSean Commie Bocht

    Bheadh d’argóint níos láidre fós a chomrádaí dá dtabharfá an figiúr don méid de na háitritheoirí a vótáil ar son a bheith ina gcuid den Rúis. Measaim gur tuairim is 99% a bhí ann nach ea?

  • Art

    Dá gcreidfeadh Moscó i ndáiríre gur cuid den Rúis é Mariupal, an mbeadh siad tar éis smionagar a dhéanamh as agus idir 8000 agus 25,000 duine ann a mharú?

  • Noel

    An-alt. Ba chóir don Eoraip agus an Úcrán a bheith sásta suí síos agus caint le Putin agus sásta aontú le sos cogaidh ar mhaithe le tubaist níos measa a sheachaint.

  • Cathal

    Sin bua dá raibh ag an nGaeilge riamh anall: gurbh fhéidir le mír i nGaeilge éalú ó am go chéile ó cibé córas cinsireachta a bhí i bhfeidhm.
    Ní gá a bheith ar aon intinn le húdar ailt maidir le gach rud – nó go fiú maidir le haon rud – le bheith in ann glacadh leis gur fiú aird an phobail a dhíriú ar ghnéithe áirithe nach luann sciar mór de na príomh-mheáin ach go fánach má thuairiscíonn siad fúthu ar chor ar bith. I ndiaidh gach ní is comhartha sóirt de bholscaireacht an chogaidh an t-aontaobhachas (agus an chumadóireacht) agus bíonn a rogha féin ag gach duine, is dócha, cé acu an dteastaíonn sé uaidh nó nach dteastaíonn sé uaidh glacadh go fonnmhar léi. Is fíor go soláthraíonn sciar nach beag de na príomh-mheáin leagan teolaí den scéal don phobal a chuireann an té a mbíonn gá aige leis ar a chompord chomh fada agus is féidir – nó chun a bheith beacht, go dtí uair mhór na cinniúna.
    I dtaca leis an gcinsireacht atá i bhfeidhm faoi láthair – agus a ndéanann an t-údar tagairt dó – ar chuimhin le héinne go raibh díospóireacht ann, i bparlaimint na hEorpa, mar shampla? – an raibh plé ar bith ann i bhfóram daonlathach? – nuair a cuireadh i bhfeidhm í? Arbh fhiú ag an am an cheist a chíoradh faoin dochar a dhéanann dianchóras cinsireachta ar bith (agus go háirithe cinsireacht a raibh de chuspóir aici, mar shampla, bealach teilifíse a bhlocáil nár fhéach 99% den phobal air i gcás ar bith) don tsaoirse cainte i gcoitinne agus sa bhfadtéarma – go háirithe i dtaca le géarchéimeanna eile nach mbeadh gach duine san AE ar aon intinn fúthu (rud ar tháinig a ábharthacht anuas sa mhullach ar shaoránaigh bhreithiúnacha fhíréanta san AE níos luaithe ná a raibh aon duine ag súil leis)? Ar a dhéanaí ansin nuair a tosaíodh ar mhodhanna géarleanúna den chineál céanna agus de chineál níos géire a úsáid go forleathan i gcoinne easaontóirí i gcomhthéacs na coimhlinte eile ó dheireadh 2023 ar aghaidh ar chóir go mbeadh an pobal preabtha ina dhúiseacht? Arbh amhlaidh go mba cheart don phobal ar a dhéanaí ag an bpointe sin an cheist a chur: más í an fhírinne i ndáiríre í cén fáth a bhfuil an chos ar bolg uile de dhíth uirthi mar chosaint agus mar chrann taca chomh dian, bagrach agus foiréigneach sin? Ar chóir “gan trácht ar an trasnáiocht idir an cur chuige sna dá choimhlint” a chur leis an méid sin?

    Dúirt Sunzi gur cóir aithne a bheith ag taobh amháin ní hamháin air féin ach ar an taobh eile chomh maith. D’éirigh le ceannaireacht na gcumhachtaí móra an domhan a stiúradh tríd an gCogadh Fuar gan gur tharla an tubaiste mhór a raibh imní ar a lán daoine roimpi. Luann an t-údar an chontúirt atá ann faoi láthair i dtaobh cogaidh núicléach. An ait an mac an saol ós rud é go raibh an chuma ar an scéal go raibh an chontúirt imithe i laghad ar feadh tamaill tar éis don té nua teacht isteach sa teach bán ach go bhfuil an baol ag fás arís go bhfuileamar ag sleamhnú go humhal, go dílis agus go dallbheartach i dtreo na tubaiste céanna? Ba nathán gaoise é tamall maith de bhlianta ó shin go raibh lucht an tsaibhris ollmhóir nua san oirthear chomh gafa leis an saibhreas mór nua sin go bhfanfaidís socair i gcás ar bith. Ar síleadh go mbeadh sé amhlaidh i gcás an ghealltanais stairiúil a rinneadh an tráth úd i dtaca le teorainn áirithe nach mbeadh ag bogadh soir ach a bheadh anois ag bogadh i bhfad níos faide soir ná mar a shamhlaigh fiú na seabhaic is antoiscí amuigh? An é gur i bhfianaise na páirte a ghlac go leor tíortha san Eoraip sa scrios iomlán a rinneadh ar liosta tíortha – gan trácht ar an stráice bocht, go bhfuil sé réalaíoch a bheith ag súil leis go ngéillfidh an Rúis i gcás ar bith agus nach n-úsáidfeadh sí a hairm núicléacha mar rogha dheireannach? (An fiú cuimhneamh air freisin gur dhúnmharaigh na Naitsithe thart ar 8 milliún sibhialtach Rúiseacha le linn an Dara Cogadh Domhanda? Agus an mbeadh toradh tubaisteach i ndeireadh na dála ar dhrochchoinsias roghnaíoch – dá mb’ann dó?) Dar ndóigh, deir go leor daoine a bhí ar an saol le linn an Chogaidh Fhuair nach raibh riamh imní chomh mór sin orthu roimh chogadh núicléach ná mar atá faoi láthair. An bhfuil sé sin inchreidte?

    An mór an t-iontas é má nochtann sé chuig duine ag deireadh an lae nach ar neach dea-mhéineach atá sé ag marcaíocht ach ar thíogar, b’fhéidir, nach féidir leis tuirlingt de? An é go mba cheart ag deireadh an lae níos mó imní a bheith ar dhuine roimh an tíogar (gona cairde cíocracha gan scrupaill) ná roimh neach ar bith eile? An bhfuil rogha eile ann seachas “géilleadh nó scrios!”…. síocháin, b’fhéidir?