Meascra den mhaith agus den mheasarthacht a bhí sa chlár Doireann Ní Ghríofa: Aisling Trí Néallaibh (TG4).
An mhaith? Clár spéisiúil faoin fhile Doireann Ní Ghríofa a bhí ann; clár fada fosta, tuairim is uair go leith, a thug deis don stiúrthóir, Ciara Nic Chormaic, ligean don fhile féin labhairt go réidh torthúil ar théamaí a saoil agus a saothair gan deifir mhór.
Agus an mheasarthacht? Clár a bhí ann a craoladh dhá bhliain ó shin. Níor mhothaigh mé é an t-am sin, is fíor, ach dá mbeadh a fhios agam roimh ré nár chlár nua é, an gcuirfinn an trioblóid orm féin é a bhreathnú an iarraidh seo?
Sin is dócha fadhb atá ag TG4, S4C agus BBC Alba uilig, an gá le hábhar a athchúrsáil agus a athúsáid, dá fheabhas an t-ábhar.
Mar sin féin, ní raibh dua ar bith ann ag baint leis an chlár féin; bhí Ní Ghríofa ar a suaimhneas os comhair an cheamara agus breá ábalta labhairt ar na taomanna éagsúla a spreag i mbun filíochta í.
Ba dheas an léiriú a thug sí ar a saol luath, an dalta díograiseach i mbun léinn agus an t-aistear a thug uirthi imeacht ó chontae an Chláir chun na hollscoile i gCorcaigh agus slí bheatha mar fhiaclóir daite di.
Labhair sí ar dhioscadh ar ghlac sí páirt ann mar chuid dá cúrsa ollscoile agus an dóigh a ndeachaigh an corp daonna i bhfeidhm ar a samhlaíocht ó shin. Thréig sí saol an fhiaclóra agus an airgid agus rinne rogha de shaol an fhile agus na haislinge.
Bhí rath agus bláth ar an chinneadh sin agus mórán duaiseanna agus gradam bainte amach aici as a saothar i nGaeilge agus i mBéarla. Ó tharla mise a bheith as teagmháil le cúrsaí liteartha comhaimseartha sa dá theanga oifigiúla le fada an lá, ba mar fhile Gaeilge a shamhlaigh mise riamh í. Ní fíor sin a thuilleadh. Fuair sí ardmholadh as a leabhar A Ghost in the Throat agus tá dornán leabhar Béarla scríofa aici le bliantaí anuas.
Léigh Ní Ghríofa mórán sleachta filíochta agus ba mhaith mar a labhair sí faoin tionchar a d’imir an saol ar a cuid filíochta agus anáil Eibhlín Dubh Ní Chonaill uirthi ach go háirithe. Thug sí léargas maith ar an dóigh a bhfaigheann an tsamhlaíocht greim ar fhocla agus imeachtaí agus an dóigh a dtig leis an tsamhlaíocht agus an intinn cumadóireacht a mhealladh as na nithe céanna.
Agallamh aonair a bhí ar siúl ag Ní Ghríofa amháin agus í ag caint ar chúrsaí an tsaoil agus an tsaothair. Ó tharla nach raibh reacaire ar bith ann nó duine ar bith eile ag caint leis an lucht féachana, seans nach dtuigfeadh an breathnóir fás agus forbairt a cuid filíochta as a stuaim féin. Bhí, cinnte, buanna ag baint le cur chuige an chláir, an bhéim intuigthe sin ar an mhistéir, an draíocht agus an ealaín; an file mar aislingeach.
Ach ar ghá droim láimhe ar fad a thabhairt le cur chuige céimnithe?
Tuigim go bhfuil tábhacht leis an fhile nó tá clár faoin fhile ar an teilifís. Ach cad chuige? Cá huair a foilsíodh an chéad chnuasach dá cuid agus cad é mar a mhothaigh sí? I nGaeilge a tháinig na chéad chnuasaigh ach lean cinn eile i mBéarla iad. An mbíonn coimhlint i gceist leis an dá theanga? Mura féidir linn freastal ar an dá thrá, an féidir linn freastal ar an dá theanga?
Le híomhá de chuid Ní Ghríofa féin a úsáid, rinneadh cur síos ar chroí a cuid oibre ach ní bhfuair muid ach spléachadh ar an chnámharlach.
Bíodh sin mar atá, thuigfeá go raibh scríbhneoir annamh faoi agallamh agus bhí sí le feiceáil trí néallaibh gan amhras.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Clár spéisiúil faoi fhile spéisiúil, ach ní raibh a fhios agam gur craoladh dhá bhliain ó shin é'