Nuair a tháinig an tUachtarán nua i gcumhacht sna Stáit Aontaithe ag tús na bliana, ba léir go mbeadh athrú ar bheartas Mheiriceá maidir le cúnamh don Úcráin. Ba léir sin sna ráitis a d’eisigh Donald Trump le linn an fheachtais toghcháin.
Léiríodh athrú mheon na Meiriceánach don domhan mór le linn na cuairte a thug an tUachtarán Zelensky ar an Teach Bán go luath sa bhliain nuair a tugadh íde béil dó. Ach in ainneoin na heachtra sin, níor cuireadh stop leis an gcúnamh míleata, seachas ar feadh coicíse le linn an tsamhraidh. Ach d’athraigh cúrsaí chomh maith.
Athraíodh an beartas ó cheann a bhí bunaithe ar bhuntáiste a thabhairt do na hÚcránaigh ina gcath i gcoinne ionradh na Rúise go ceann atá bunaithe anois ar theacht isteach a shaothrú agus cúnamh a úsáid mar mhír mhargántaíochta a d’fhéadfadh a bheith ar aimhleas na nÚcránach.
Ba léir freisin go mbeadh athrú ar sheasamh na Meiriceánach maidir le cainteanna leis na Rúisigh. Bhí drogall ar Trump ar dtús a dhearbhú go gcaithfí leis an Úcráin mar chomhpháirtí comhionann i gcainteanna agus b’in mar a caitheadh léi i rith na bliana. Rinne na Meiriceánaigh roinnt iarrachtaí tabhairt ar na Rúisigh glacadh le sos cogaidh, gan bacadh leis na hÚcránaigh.
Cé go raibh na hÚcránaigh sásta glacadh le sos cogaidh, d’athraigh na Meiriceánaigh a bport tar éis do na Rúisigh é a dhiúltú ag an gcruinniú mullaigh in Alasca i mí Lúnasa agus an chuma ar chúrsaí go raibh na Meiriceánaigh tar éis taobhú leosan. Rinne roinnt tíortha na hEorpa iarrachtaí Trump a tharraingt siar as an seasamh seo.
Cainteanna agus scannal caimiléireachta
Fuair siad freagra faoi mhí na Samhna nuair a eisíodh plean Meiriceánach nach raibh ann ach liosta d’éilimh na Rúise chun deireadh a chur leis an gcoimhlint. Bhí an chuma air gur sceith na Rúisigh an plean chun cur leis an mbrú a bhí ar an Uachtarán Zelensky mar gheall ar scannal caimiléireachta, inar cúisíodh iarchara leis as caimiléireacht a bhaineann le tógáil cosaintí timpeall stáisiúin chumhachta núicléacha.
Seans freisin gur sceith siad é chun mearbhall a chothú i measc chomhghuaillithe an iarthair, rud a rinne siad go han-éifeachtach. Tar éis go leor cur agus cúiteamh idir na Meiriceánaigh agus na hÚcránaigh, rinneadh an plean a leasú. Bhí na Meiriceánaigh ar ais ag plé cúrsaí leis na Rúisigh faoi thús mhí na Nollag agus an chuma air gur cuireadh dlús leis na cainteanna.
Bhí na Rúisigh sásta leanúint leis an bplé chun léiriú a thabhairt go raibh suim acu teacht ar chomhaontú, ach ní raibh comharthaí ar bith ann go n-éireodh siad as a gcuid spriocanna.
Ag deireadh na bliana, ní hé amháin gur athraigh na Meiriceánaigh an beartas maidir le cúnamh míleata ach gur athraigh siad a seasamh taidhleoireachta chomh maith, ó bheith mar chomhghuaillí leis na hÚcránaigh go seasamh atá ag teacht le héilimh na Rúise.
Cogadh ar an talamh
Cé gur tháinig athruithe suntasacha ar chúrsaí taidhleoireachta le linn na bliana, ní féidir a rá gur tharla athruithe den chineál céanna ar dhul chun cinn an chogaidh ar an talamh. Thosaigh na Rúisigh an bhliain agus a n-aghaidh tugtha ar chathair Pokrovsk sa Donbas ó bhí samhradh 2024 ann. Faoi dheireadh mhí na Samhna, cé gur éirigh leo bogadh isteach sa chathair ní raibh sí faoina seilbh go iomlán.
Bhí trí phríomhsprioc oibríochta acu i rith na bliana: seilbh iomlán a ghlacadh ar an Donbas (an sprioc chéanna a bhí acu ó thús an ionraidh), na hÚcránaigh a dhíbirt as cúige Kursk sa Rúis agus crios maolánach a chruthú ar an teorainn leis an Úcráin.
Níor éirigh leo an chéad sprioc a bhaint amach toisc go bhfuil sé thar a bheith deacair anois ar cheachtar taobh bogadh laistigh de 20 ciliméadar ón líne choimhlinte mar gheall ar na mílte drón gearr-raoin atá ag eitilt. Toisc go gcaithfidh siad bogadh chun talamh a ghabháil, beidh sé deacair orthu briseadh tríd a dhéanamh agus an Donbas a ghabháil aon am go luath.
D’éirigh leo na hÚcránaigh a dhíbirt ó Kursk nuair a chuir na Meiriceánaigh stop le soláthar faisnéise míleata do na hÚcránaigh ar feadh coicíse le linn an tsamhraidh. Cé gur tharla an díbirt i rith na coicíse sin, bhí cúiseanna eile le bua na Rúiseach chomh maith: úsáid drón agus fórsaí ón gCóiré Thuaidh curtha chun catha.
Cé gur éirigh leo píosa beag talún a ghabháil ar theorainn na hÚcráine i gcúige Sumy agus cúige Kharkiv theip orthu crios maolánach a chruthú.
Cogadh san aer
Cé go raibh tionchar ag dróin ar an troid sna láithreacha cogaidh éagsúla, bhí tionchar ní ba shuntasaí ag dróin fadraoin ar an gcogadh.
Measadh gur sheol na Rúisigh thart ar 900 drón fadraoin ar an meán in aghaidh na míosa i rith 2024 ach d’éirigh leo thart ar an méid céanna a sheoladh in aon lá amháin i mí Mheán Fómhair 2025.
Tá siad tar éis na dróin agus na teaicticí a úsáideann siad a fheabhsú chomh maith. Eitlíonn na dróin níos tapa agus níos airde ná riamh, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra ar chosaintí na hÚcráine iad a aimsiú. Ina theannta sin, seolann siad saithí dróin in éineacht le diúracáin ionas gur féidir leis na diúracáin córas aerchosanta na hÚcráine a sheachaint.
Mar gheall ar na feabhsuithe seo measadh gur éirigh leo níos mó ná 70% d’áiseanna giniúna cumhachta na hÚcráine a scriosadh nó damáiste a dhéanamh dóibh faoi mhí Dheireadh Fómhar.
Ach bhí freagra ag na hÚcránaigh nach raibh sé ar a gcumas a thabhairt níos luaithe sa chogadh.
Cuireadh ina leith gur thug na Meiriceánaigh comhairle do na hÚcránaigh gan ionsaithe a dhéanamh ar scaglanna ola na Rúise sa dara cuid de 2024, ar eagla go mbeadh tionchar acu ar phraghas na hola, ach cuireadh tús leis na hionsaithe arís in 2025. Cé gur díríodh iad ar áiseanna stórála ola ar dtús, faoi mhí Lúnasa ba léir go raibh feachtas nua ar bun i gcoinne scaglanna ola.
Faoi mhí Mheán Fómhair, tuairiscíodh go raibh thart ar 38% d’acmhainn scagtha ola na Rúise as feidhm agus go raibh ganntanas ola i go leor ceantar sa Rúis seachas na ceantair thart timpeall ar Mhoscó agus Cathair Pheadair.
Faoi mhí na Samhna tuairiscíodh go raibh teacht isteach earnáil ola na Rúise tar éis titim níos mó ná 35% in 2025 agus cé go raibh baint ag smachtbhannaí leis an titim sin bhí tionchar ag an bhfeachtas i gcoinne na hearnála air chomh maith.
Faoi dheireadh na bliana cé gur chuir na Rúisigh lena n-ionsaithe ón aer, rud a rabhthas ag súil leis, níor mhaolaigh na hÚcránaigh a gcuid ionsaithe ach oiread.
Fág freagra ar 'Port Stát Aontaithe Mheiriceá faoi ionradh na Rúise athraithe ag Trump'