Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís

Deir duine den mheitheal a d’aistrigh Gmail go Gaeilge gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfear aon togra mór aistriúcháin eile ar sheirbhísí dá leithéid

Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin seoladh an leagan Gaeilge den tseirbhís ríomhphoist Gmail i mBaile Átha Cliath.

Ach deir duine den mheitheal a d’aistrigh Gmail go Gaeilge le Tuairisc gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfear aon togra mór aistriúcháin eile ar sheirbhísí Google ná ag comhlachtaí móra idirlín mar iad.

Dúirt Kevin Scannell, ceann feadhna an ghrúpa aistritheoirí an Ríomhacadamh le Tuairisc gur tháinig athrú meoin ar Google agus ar chomhlachtaí móra eile, leithéidí Facebook, tamall de bhliana ó shin maidir leis an aistriúchán agus obair na meithle deonaí.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí na Nollag 2016 go raibh an mórshuíomh comhroinnte físeán, YouTube, ar le Google é, ar an liosta ag an Ríomhacadamh le haistriú go Gaeilge.

Níor tháinig toradh ar an obair sin, áfach, agus níor cuireadh aon táirge eile de chuid Google – leithéidí Google Drive nó Google Calendar – i nGaeilge ó shin.

“Tá sé casta. Níor thug Google cead dúinn YouTube agus na rudaí eile a aistriú. B’obair dheonach í an obair aistriúcháin a rinneadh ar Gmail, agus sílim go raibh imní ar an gcomhlacht maidir le maoin intleachtúil,” a deir Kevin Scannell.

“Bhí siad ag iarraidh conradh a dhéanamh le comhlacht aistriúcháin a dhéanadh an obair ar phá. Ach i ndáiríre, dhún siad gach iarracht aistriúcháin i measc an phobail a dhéanamh timpeall na bliana 2015.”

Ba chomhlachtaí gairmiúla a rinne an obair aistriúcháin ar Google ina dhiaidh sin – do mhórtheangacha agus mionteangacha an domhain.

Rinne na comhlachtaí móra eile an rud céanna – Twitter agus Facebook – agus b’aistritheoirí proifisiúnta a rinne an obair nua ar fad, a deir Kevin Scannell.

“Ag leibhéal amháin tá mé sásta leis sin, mar bhí mé ag caitheamh mórán ama ar an stuif sin, agus toisc go raibh muid [an Ríomhacadamh] sásta é a dhéanamh ar dtús bhí na comhlachtaí sásta leanúint ar aghaidh agus íoc as an gcothabháil ar an leaganacha Gaeilge a bhí déanta cheana féin.

“Faraor, ní raibh siad sásta na haistritheoirí gairmiúla a íoc le haistriúcháin as an nua a dhéanamh ar sheirbhísí eile dá gcuid, agus ní dóigh liom go dtiocfaidh aon athrú air sin sna blianta amach romhainn,” a dúirt Scannell le Tuairisc.

D’éirigh le Scannell agus beirt eile, Dennis King atá lonnaithe i Meiriceá agus Aonghus Ó hAlmhain atá ina chónaí i gCill Mhantáin, a chur ina luí ar lucht an ardáin nua meán sóisialta Bluesky gur chóir comhéadan an tsuímh sin a chur ar fáil i nGaeilge níos túisce i mbliana.

Déantar aistriúchán go Gaeilge ar chorrshuíomh agus ar chluichí idirlín eile freisin ach is dócha nach mbeidh aon cheann de na comhlachtaí móra sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge amach anseo, dar le Scannell.

Sheol Hector Ó hEochagáin ‘Gaelmail’ – Gmail as Gaeilge – i gceannáras Google i mBaile Átha Cliath ar an 11 Nollaig 2014.

Fág freagra ar 'Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís'