Marta ag bácáil léi ag an ‘Barack Obama Plaza’

Tá ganntanas oibrithe ann in áiteanna agus níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil muid féin ag deifriú chun na bearnaí a líonadh

Marta ag bácáil léi ag an ‘Barack Obama Plaza’

Tá cáil le fada an lá ar an stad mótarbhealaigh a dtugtar ‘Barack Obama Plaza’ air. Feicim ailt sna nuachtáin anois ag déanamh cur síos ar a bhfuil ann, in ómós don IarUachtarán. Is cosúil go bhfuil músaem tiomnaithe dó thuas staighre agus deirtear nach bhfuil sé ródhona.

Faoin am a mbeidh sé seo á léamh agaibh, d’fhéadfadh go mbeidh stad agus siopa nó dhó baiste in ómós don Uachtarán Joe Biden. Agus beidh a gcáil imithe ar fud an domhain mhóir. Beidh le feiceáil an mbeidh músaem thuas staighre in aon cheann acu – bheadh amhras orm faoi sin.

Thosaigh mé ag tabhairt ‘Barack Obama Plaza’ ar an stad mótarbhealaigh gar do Bhaile Locha Riach tamall de bhlianta ó shin. Ní raibh aon chúis agam leis an mbaisteadh sin, ach gur thug lucht na staide ‘Plaza’ air, iad féin.

Ar an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Gaillimh atá sé suite ag bealach éalaithe 16. Má bhím in ann imeacht gan chaife go dtí an stad sin, is ann a bhíonn an chéad ghreim agam ar an turas siar.

Le cúpla bliain anuas, thosaigh an áit ag dul i bhfeidhm go mór orm. Nuair nach mbíodh cead againn fanacht taobh istigh in áiteacha – i mbialanna agus a leithéidí, céard a bhí acu seo ach suíocháin théite taobh amuigh. Ní fhaca mé a leithéid aon áit eile. Ansin, nuair a ghabhfá isteach, bheadh togha agus rogha gach sórt bia agus caife Bewley’s ar fáil ann. Supermac’s a bhí ina bhun.

Ach, murab ionann agus bialanna mótarbhealaigh in áiteacha eile, ní bia gránna réamhroghnaithe a bheadh caite ansin os do chomhair.

Má bhíonn rud ar leith ag teastáil uait, réiteoidh siad dhuit é. Treoróidh siad thú chuig na hispíní is úire, déanfaidh siad tósta den scoth duit agus beidh do chaife  ordaithe duit ag deireadh na scuaine nuair a thiocfaidh tú chomh fada leis.

Bíonn an freastalaí céanna ag dul thart ag glanadh is ag sciúradh agus ag déanamh cinnte de go mbeidh chuile shórt i gceart. Bean as an áit í. Sin rud eile atá go deas faoi – cloisfidh tú canúint dheas shéimh oirthear na Gaillimhe ag go leor den fhoireann agus iad ar a ndícheall ag réiteach an bhricfeasta dhuit.

Ach ní Gaillimhigh amháin a bhíonn ag obair ann. Nuair a luaigh mé le duine den fhoireann go raibh na bonnóga agus an t-arán ag breathnú deas úrbhácáilte, dúirt sí liom go raibh bácús dá gcuid féin acu sa ghnó.

Tamall ina dhiaidh sin, thug sí bean amach as an gcistin agus chuir in aithne dhom í.

‘Seo í Marta,’ a deir sí liom. ‘Tá sí anseo ó mhoch maidine ag déanamh aráin, cácaí, bonnóga, agus cácaí milse don bhialann agus don siopa.’

Tá Marta ina cónaí sa cheantar le fiche bliain, ón uair ar fhág sí an Pholainn. Thosaigh sí ag déanamh bácála ar scála beag don siopa ar dtús agus ansin leathnaigh sí amach don raon mór ábhar bácáilte a theastaíonn anois ag an stad mótarbhealaigh. Tá sí breá sásta sa cheantar agus gan aon fhonn uirthi dul ar ais go dtí an Pholainn ach amháin ar saoire le cuairt a thabhairt ar a muintir.

Bhí tráth ann, nuair a thosaigh an inimirce ón Pholainn, agus bhí an tír breac le Marta-acha. Bhíodar sna siopaí, sna bialanna, sna garáistí agus sna gnóthaí beaga fuála. Chloisfeá lucht an rachmais ag caint faoina gcuid glantóirí tí agus ba iad muintir na Polainne a bhformhór.

Chuireadar an-slacht ar aon ghnó a raibh baint acu leis. Daoine ilchumasacha, oilte ina lán gairmeacha beatha a bhí iontu. Bhí an fear a dhíol breosla i mo gharáiste áitiúil in ann bolgán solais an chairr a athrú ar an toirt dhom. Bhí an duine a rinne tíleáil ar an seomra folctha in ann jabanna beaga leictreacha a dhéanamh.

Feictear dhom nach bhfuil an oiread Polannach thart anois. De réir tuairiscí éagsúla, is é an costas maireachtála sa tír seo is mó a ghoilleann orthu. Is cosúil go bhfuil go leor díobh socraithe síos sa tír ach tháinig siad sin go hÉirinn tamall maith ó shin. Sa mbliain 2016, ba Pholannaigh iad 15% de na táilliúirí agus lucht déanta gúnaí, agus ba Pholannagh iad 14% de na búistéirí uilig sa tír. Ba Pholannaigh iad an ceathrú cuid d’oibrithe miotail na tíre an bhliain sin.

Níl figiúirí cearta cruinne ann do na blianta i ndiaidh 2016 toisc nach bhfuil an anailís críochnaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh fós ar an daonáireamh is deireanaí.

Ach tá an chuma ar an scéal go n-airímid uainn iad. Tá an freastalaí garáiste a d’athraíodh an solas sa charr glanta leis. Tá ganntanas tógálaithe, pláistéirí agus leictreoirí Polannacha ann, a deirtear.

Agus níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil muid féin ag deifriú chun na bearnaí sin a líonadh.

Bhí an bhean sa chaifé ar an gCarraig Dhubh ag glanadh na bhfuinneog ann cúpla seachtain ó shin. Is as Cill Mhantáin di. Thosaigh sí ag caint linn nuair a bheannaigh muid di. ‘Agus cén chaoi a bhfuil cúrsaí earcaíochta foirne?’ d’fhiafraigh mé di.

‘Ó, ná labhair liom,’ dúirt sí. ‘Thosaigh cailín óg áitiúil anseo Dé Luain seo caite agus cheap mé féin go raibh sí ag déanamh go maith. Ach ag deireadh an lae, chaith sí isteach a héide oibre agus d’fhógair go raibh sí réidh leis. Bhí an obair róchrua,’ dúirt sí.

Mar a tharla bhí mé ar ais sa chaifé céanna inniu, tar éis seisiún traenála. Réitigh bean Chill Mhantáin greim dhom.

‘Agus cén chaoi a bhfuil cúrsaí earcaíochta anois?’ d’fhiafraigh mé di. Shíl mé go raibh sí féin ag déanamh obair bheirte nó triúir. ‘Níl cúrsaí go maith,’ dúirt sí. ‘Bhí lead álainn as an mBrasaíl againn le gairid ag obair mar fhreastalaí ach fuair sé post sa Bhrasaíl agus tá sé imithe abhaile.’

‘Agus céard faoi na Polannaigh?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Bhfuil mórán acu sin thart?’ Chroith sí a cloigeann go brónach. ‘Níl siad sin thart níos mó,’ dúirt sí liom. Ní raibh sé de dhánaíocht ionam í a cheistiú faoi oibrithe Éireannacha -de réir na bhfigiúirí is deireanaí, níl ach thart ar 4% dífhostaithe sa tír anois. Agus caitheann roinnt daoine an éide oibre uathu má bhíonn obair chrua i gceist.

Cad a dhéanfaimid feasta gan Marta?

Fág freagra ar 'Marta ag bácáil léi ag an ‘Barack Obama Plaza’'