Ó DHÚCHAS: Má bhí Oisín dall is críonna is breá an féasta a réitigh sé do Naomh Pádraig

Mar cheiliúradh ar Lá Fhéile Phádraig inniu, seo cuig bhlúire seanchais faoin naomh as Bailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Má bhí Oisín dall is críonna is breá an féasta a réitigh sé do Naomh Pádraig

I ndiaidh d’Oisín a theacht ó Tír na nÓg agus an chloch mhór a thógáilt bhí sé ina sheanduine críon caite. D’iarr sé ar Naomh Pádraig é a bhaisteadh. Dúirt Naomh Pádraig go ndéanfadh. Nuair a bhí sé á bhaisteadh chuaigh bachall Naomh Pádraig isteach ina chois. Shíl Oisín gur raibh seo ins an bhaisteadh, agus níor labhair sé go dtí go raibh sruth fola amach as a chois. Dúirt Naomh Pádraig leis cad tuige nár labhair sé agus dúirt sé gur shíl sé go raibh sin ins an bhaisteadh.

Shíl Naomh Pádraig nach bhfaigheadh a chos biseach. Nuair a bhí sé cúpla lá ag Naomh Pádraig thoisigh sé ag éirí dall agus fuair a chos biseach.
Lá amháin d’iarr sé ar bhuachaill a bhí ag Naomh Pádraig a dhul leis ag seilg. Ní rachadh an buachaill.

Lá amháin eile bhí duine éigin ag féasta ag Naomh Pádraig. Bhí sé ag bruith beithígh ar an tine. Bhí Oisín ag an tine agus é ag ithe cuid de. ‘Stad,’ a deireadh Naomh Pádraig cúpla uair ach ní stadfadh Oisín. Tháinig an-fhearg ar Naomh Pádraig agus dhóigh sé na leabhair scéaltaí a bhí scríofa aige ó Oisín.

‘Is beag is fiú liomsa do bheithíoch gránna,’ arsa Oisín, ‘le taobh ceathrú den lionn [leon?] a mharós mise inniu.’

Tháinig an buachaill isteach agus d’iarr Oisín air dul leis a sheilg. Dúirt an buachaill go rachadh agus d’fhiafraigh sé d’Oisín an raibh bogha aige. Dúirt Oisín nach raibh ach go bhfaigheadh sé ceann. D’imigh siad leofa.

Deireadh Oisín leis an bhuachaill achan bhomaite ‘amharc isteach faoin charaig sin’. Dhearcadh an buachaill ach ní bhfaigheadh sé dada. Bhí carraig mhór amháin ann agus d’amharc an buachaill isteach fúithi. Chonaic sé bogha agus fídeog. ‘Séid an fhídeog,’ arsa Oisín leis an bhuachaill. Shéid an buachaill an fhídeog. Dúirt Oisín leis an bhuachaill ansin ‘An bhfeiceann tú dada ag teacht?’ ‘Ní fheicim,’ arsa an buachaill. ‘Tabhair dom féin an fhídeog,’ arsa Oisín. Thug.

Shéid Oisín an fhídeog. D’iarr sé ar an bhuachaill amharc an raibh dada ag teacht. Dúirt seisean go raibh rud ag teacht ar a raibh seacht gceann. ‘Scaoil an cú leis,’ arsa Oisín. Scaoil an buachaill an cú leis. Chomh luath agus a scaoil d’imigh sé ar bharr amháin creatha.
‘Anois,’ arsa Oisín leis an bhuachaill, ‘má mharaíonn sí an rud a bhfuil na seacht gceann air maróidh sí sinne fosta.’

D’amharc an buachaill agus bhí sí ag teacht. ‘Scaoil léi,’ arsa Oisín. Scaoil an buachaill ach níor mharaigh sé í. ‘Tabhair dom féin an gunna [bogha?],’ arsa Oisín. Scaoil Oisín léi agus mhairbh sé í.

D’imigh an bheirt fhad leis an bheithíoch, chuir siad síos tine. D’ith siad a sáith den bheithíoch agus thug achan duine acu leis ceathrú chuig Naomh Pádraig. Bhí Naomh Pádraig an-bhuartha gur dhóigh sé na leabhair.

‘Anois,’ arsa Oisín ‘nár dhúirt mé leat gurbh fhearr ceathrú den
lionn ná an méid a bhí sa phota uilig agat?’

Máire C Ní Chinnéide a bhí ag teagasc sna Cruacha, Cill Riáin, Tír Chonaill, a bhailigh an scéal seo 1937/38


Naomh Pádraig a chuir fionnadh mín ar na madraí

Nuair a bhíodh Naomh Pádraig in Éirinn fadó bhí an ghráin ag na págánaigh air.
Aon lá amháin fuair sé cuireadh, mar ó dhea, chun dinnéir ó cheann des na págánaigh. Bhí madra mór fiáin ag na págánaigh a bhí istigh sa tigh agus ná fuair aon ghreim bia le fada roimhe sin agus bhí sé ceaptha an madra a scaoileadh amach ar Naomh Pádraig nuair a bheadh sé ag dul isteach.

An uair sin bhíodh an ghruaig ina seasamh in airde ar dhroim na madraí go léir.

Nuair a tháinig Naomh Pádraig scaoileadh amach an madra agus rith sé go dtí Naomh Pádraig. Leag Naomh Pádraig a lámh ar a dhroim agus chuimil sé é agus ón lá san go dtí an lá inniu tá an ghruaig ina luí ar na madraí.

Seán Ó Lonáin (14), Maoil an Choirnigh, Na Déise a fuair an scéal seo ó Mháire Ní Mheanacháin


Is é Naomh Pádraig a thug an fíorchreidheamh go hÉirinn

Bíonn Lá Fhéile Pádraig ar an seachtú lá déag de mhí na Márta againn.

Caitheann na daoine go léir seamróg ar an lá san in onóir do Naomh Pádraig. Lá mór do mhuintir na hÉireann is ea Lá Fhéile Pádraig. Bíonn ardspórt agus greann an domhain acu.

Bíonn cluichí ar siúl i ngach paróiste nach mhór. Bhíodh rásanna ar siúl sa pharóiste seo fadó agus bíodh ardspórt acu.

Ba bhéas le muintir an pharóiste seo bheith ag troid lena chéile an lá san, is minic a thagaidís abhaile agus iad chomh dearg le fuil. Ní bheadh aon mheas orthu muna ndéanfaidís é sin. Seanveistí agus carbhait a bíodh orthu ag troid.

Ní bhíonn aon rud mar sin ar siúl ag na daoine sa pharóiste seo anois, agus deireann na seandaoine nach bhfuil aon mhaith iontu. Bíonn rincí ina lán áiteanna oíche lae le Pádraig. Bíonn aifreann in gach séipéal lá fhéile Pádraig. Lá mór do na Gaelaibh is ea an lá san.

Cuireann na daoine in Éirinn seamróg go dtí a muintir a bhíonn i Sasana agus caitheann siad í an lá san. Bíonn lá saoire ann an lá san.

Is é Naomh Pádraig a thug an fíorchreidheamh go hÉirinn.

Máighréad Ní Cadhla, Baile Threasnáin, Na Déise a fuair an seanchas seo óna hathair Peadar


Seanchas agus seamróga na Féile Pádraig

Lá saoire bliantúil is ea Lá ’le Pádraig. Caitheann gach duine píosa seamróige an lá úd mar is leis an tseamróg a mhúin Naomh Pádraig Rún na Tríonóide dúinn.

Fadó théadh na daoine isteach go dtí tigh tábhairne agus d’fhliuchadh siad an tseamróg istigh le huisce beatha agus bhídís ag ól is ag ól go dtí go mbídís bog meidhreach. Caithidís cláirseacha ar a gcóta. Iad féin a dheineadh na cláirseacha. Do bheiridís ubh agus phriocaidís a lámh le biorán. Ansan dheinidís an buíocán agus an fhuil do mheascadh. Chuiridís ar a muilte (muinchillí?) é. Ba dheas leat iad d’fheiscint an lá san nuair a bhíodh siad déanta suas acu.

Págánaigh dob ea na Sean-Ghaeil. Ní raibh a fhios acu mar gheall ar Dhia. D’adhraidís an ghrian, an ghealach, agus na réalta. Sara bhfuair Naomh Pádraig bás dúirt sé ná caillfeadh Éire creideamh Chríost go deo. Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraí ach deirtear gur bheannaigh sé uaidh siar é.

Micheál Ó Séaghda ó Chaladh an Uisce in Uíbh Ráthach, contae Chiarraí a d’eachtraigh.


‘Ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa’

Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo, dúirt sé go raibh muintir na tuaithe go maith, macánta agus nár ghá dó teacht chun iad a bheannú.

Bailíonn na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig, agus caitheann gach duine acu gas mór seamróige ar a chaipín. Caitheann na cailíní crosanna Pádraig nó cláirsí glasa ar a nguaillí. Chuireadh na seandaoine bochta slat sailí isteach sa tine agus ansin dheinidís figiúr na croise ar ghuaillí na leanaí óga le barr na slaite dóite.

Théadh na feirmeoirí san áit seo go Cill Orglan an lá sin fadó, ach anois chaithfidís fanacht sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraigh ab ea an lá seo agus théadh na feirmeoirí go dtí an baile mór ag ceannach síol coirce, nó guano i gcomhar an earraigh, agus nuair a chasadh feirmeoir le feirmeoir eile sa tsráid deireadh sé “mo phota Pádraig ort”.

Théidís isteach i dtigh óil agus d’ólaidís a ndóthain agus is annamh a thagaidís abhaile gan a bheith súgach go leor, nó b’fhéidir ar meisce. Ansin deireadh an fear bocht “ó a Naomh Pádraig, féach cad atáim ag fulaingt ar do shon-sa”.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Má bhí Oisín dall is críonna is breá an féasta a réitigh sé do Naomh Pádraig'