Neymar le filleadh ar fhoireann na Brasaíle

Tabharfaidh an Bhrasaíl agus an Chóiré Theas aghaidh ar a chéile tráthnóna i mbabhta an 16

Neymar le filleadh ar fhoireann na Brasaíle


7.00in

Is é scéal mór na Brasaíle roimh chluiche an lae inniu ná go mbeidh Neymar ar fáil arís don choimhlint in aghaidh na Cóiré Theas. Chaill tosach Paris Saint-Germain na cluichí in aghaidh na hEilvéise agus Chamarún nuair a ghortaigh sé a rúitín sa chéad chluiche in aghaidh na Seirbia.

Chaill an Bhrasaíl sa chluiche deireanach in aghaidh Chamarún ach rinne an bainisteoir Tite scata athruithe ar an bhfoireann toisc go raibh an Bhrasaíl cáilithe do Bhabhta an 16 cheana féin. Chomh maith le Neymar, tiocfaidh leithéidí Alisson, Thiago Silva, Marquinhos, Casemiro, Richarlison agus Vinicius ar ais anocht agus an Bhrasaíl mar rogha láidir na coitiantachta. D’fhéadfadh an lánchúlaí Danilo filleadh ar an bhfoireann freisin tar éis dó a bheith gortuithe in aghaidh na Seirbia.

Bhain an Chóiré Theas na babhtaí díbeartha amach tar éis dóibh bua drámatúil a fháil in aghaidh na Portaingéile ar an Aoine. Scóráil Hwang Hee-chan an cúl cinniúnach in am cúitimh ach is beag duine atá ag tabhairt mórán seans dóibh anocht.

Is beag atá déanta ag Son Heung-min, fear Tottenham, go dtí seo sa chomórtas. D’fhéadfadh go raibh baint ag an ngortú súile a tharla dó díreach roimh thús an chomórtais leis sin ach shamhlófá go mbeidh taispeántas níos fearr ag teastáil uaidh má tá an Chóiré Theas chun teacht aniar aduaidh ar an mBrasaíl.


3.00in

Tar éis dóibh buaiteoirí Chorn an Domhain 2010 agus 2014 a bhualadh i mBabhta na nGrúpaí, beidh an tSeapáin ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an ndream a chaill i gcluiche ceannais 2018 má táthar chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach den chéad uair riamh.

Fuair an tSeapáin ardmholadh as an gceann is fearr a fháil ar an nGearmáin agus ar an Spáinn cheana féin sa Chatar agus ní chuirfidh an cluiche seo in aghaidh na Cróite aon fhaitíos orthu.

Bhí ar na Seapánaigh teacht ar ais ó bheith cúl chun deiridh in aghaidh na Gearmáine agus na Spáinne agus is léir go bhfuil an-spiorad sa fhoireann.

Is léir freisin go bhfeileann sé titim siar i gcluichí agus ligint don fhoireann eile formhór de sheilbh na liathróide a bheith acu. Tar éis dóibh an Ghearmáin a shárú sa chéad bhabhta, bhí gach duine ag súil go mbeadh na Seapánaigh rómhaith do Chósta Ríce sa chéad chluiche eile ach thugadar droch-thaispeántas uathu agus chaill siad 1-0.

Má rinne na Gearmánaigh agus na Spáinnigh talamh slán de go bhfaigeadh siad an ceann is fearr ar an tSeapáin, níor cheart go mbeadh an Chróit róchinnte díobh féin.

Bhí bua cuimsitheach ag foireann Zlatko Dalić ar Cheanada sa dara chluiche ach cluichí comhscóir 0-0 a bhí acu in aghaidh Mharacó agus na Beilge sa dá chluiche eile. Tá cuma láidir orthu timpeall lár na páirce agus is acu a bheidh an liathróid den chuid is mó den chluiche ach beidh le feiceáil an mbeidh Luka Modrić agus na fir timpeall air in ann na seansanna a chruthú chun an tSeapáin a chur de dhroim seoil.

Tá an choisíocht agus an fuinneamh ag imreoirí na Seapáine chun deiseanna a chruthú nuair a dhéanann siad frithionsaí agus is mór an spreagadh dóibh deis a bheith acu gaisce stairiúil á dhéanamh ar son a dtíre.

Fág freagra ar 'Neymar le filleadh ar fhoireann na Brasaíle'