TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…

Beidh Luís Inácio da Silva, nó Lula mar is fearr aithne air, ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar Jair Bolsonaro

TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…

Agus na focail seo á scríobh tá tinte ealaíne ag pléascadh sa spéir os cionn chathair Salvador, agus – glacaim leis – i gcuid mhaith áiteanna eile sa Bhrasaíl, go háirithe sa leath thoir thuaidh den tír.

Beidh Luís Inácio da Silva (77), nó Lula mar is fearr aithne air, ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair ina shaol tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar an uachtarán Jair Bolsonaro i rása réitigh nach raibh mórán ar chor ar bith idir an bheirt iarrthóirí.

Leis sin tiocfaidh deireadh ar an 1 Eanáir 2023 le réimeas dhuine de na ceannairí is conspóidí ar chlár na cruinne faoi láthair.

Ach cé gur ag Lula a bhí an lá sa deireadh, ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí. Fuair Lula nach mór 51%; rud beag le cois an 49% a bhí ag Bolsonaro.

Cuirfear fáilte ollmhór go hidirnáisiúnta roimh Lula, a bhfuil meas mór air mar thaidhleoir agus mar státaire, agus cé gur fear é Lula a thabharfaidh tús áite i gcónaí do phostanna is cinnte gur dea-scéal a thoghadh don timpeallacht i gcoitinne agus do cheantar na hAmasóine go háirithe.

Cé go raibh imní ar chuid mhór daoine sa Bhrasaíl agus thar lear go dtarlódh scliúchas lá an toghcháin, bhí síocháin ag an gcuid is mó de na hionaid vótála agus éadaí bána á gcaitheamh ag cuid mhór vótóirí – anseo i gcathair Salvador cibé ar bith.

Ní hé sin le rá nár tharla aon trioblóid. Chuir na Póilíní Tráchta Feidearálacha seicphointí i bhfeidhm ar bhóithre ar fud na tíre a chuir moill ar vótóirí a bhí ag iarraidh na bothanna vótála a bhaint amach.

Tá fianaise ann gur dhírigh na Póilíní Tráchta Feidearálacha d’aon ghnó ar cheantair ina mbeadh vóta láidir ag Lula – go háirithe san oirthuaisceart. D’iarr lucht feachtais Lula ar an údarás toghchánaíochta TSE síneadh ama a chur leis an vótáil ach dhiúltaigh an t-údarás toghchánaíochta don iarratas sin toisc gur cuireadh moill, ach nár cuireadh bac, de réir an údaráis, ar éinne vóta a chaitheamh.

Tháinig Lula ar an saol sa bhliain 1945 in oirthuaisceart thur thirim na Brasaíle. Nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair teitheadh ón triomach agus ón anachain. Thug sí a muirear go cathair São Paulo: trí lá dhéag ar chúl leoraí.

Le linn an aistir sin, chonaic Lula an Bhrasaíl.

Chaith Lula an chuid is mó de na 1970idí agus tús na 1980idí ag troid i gcoinne na deachtóireachta míleata a bhí i réim ag an am sin. Agus é ina ard-rúnaí ar Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cathair thionsclaíoch i mór-réigiún São Paulo, bhí sé i gceannas ar shraith stailceanna ollmhóra a rinne dochar mór millteach d’eacnamaíocht na Brasaíle ar fad – ceann de na cúiseanna gur tháinig deireadh, sa bhliain 1985, le réimeas na nginearál.

Faoin am sin, bhí Lula ina uachtarán ar pháirtí polaitiúil nuabhunaithe: Páirtí na nOibrithe (PT). In 2002, tar éis gur theip air faoi thrí, toghadh é ina uachtarán ar an mBrasaíl den chéad uair agus atoghadh é in 2006.

Bhí Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2003 agus an 1 Eanáir 2011, agus tháinig feabhas mór millteach ar chaighdeán saoil na cosmhuintire agus na meánaicme araon. Thug a chuid polasaithe sóisialta dhá scór milliún duine slán ón mbochtanas, tháinig deireadh leis an ocras agus tháinig fás as cuimse ar an meánaicme.

Ach le linn do Lula a bheith i gceannas ar an mBrasaíl, tharla an scannal calaoise is mó riamh i stair na tíre sin: scéim cheannaithe vótaí a cuireadh ar bun d’fhonn a chinntiú go dtabharfadh ionadaithe páirtithe eile i gcomhrialtas Lula tacaíocht do pholasaithe Pháirtí na nOibrithe. Shéan Lula i gcónaí go raibh sé féin ar an eolas faoin scéim sin agus cé gur cuireadh ar neamhní téarma príosúin a gearradh air cúig bliana ó shin maidir le líomhaintí eile, lean boladh na caimiléireachta é féin agus Páirtí na nOibrithe ó shin.

Táinsíodh comharba Lula, Dilma Rousseff, ar bhealach conspóideach sa bhliain 2016 agus tháinig Jair Bolsonaro chun cinn.

Toghadh Bolsonaro in 2018 agus tá sé ina uachtarán ar an mBrasaíl ón 1 Eanáir 2019 i leith. Is é an chéad uair riamh é i stair na tíre nár atoghadh uachtarán don dara tréimhse, agus is dócha gur léargas ann féin an méid sin ar a oidhreacht.

D’fhág an chaoi ar iompair Bolsonaro é féin le linn phaindéim an choróinvíris drochbhlas i mbéal go leor Brasaíleach, ach ní hé sin an t-aon chúis amháin gur thug vótóirí droim láimhe leis i mbliana. Níor fíoraíodh na geallúintí breátha a thug sé ceithre bliana ó shin faoin ngeilleagar – go deimhin tá ardú as cuimse ar an mboilsciú airgid, leanann boladh bréan na caimiléireachta é féin agus a chlann mhac (ar polaiteoirí iad freisin) agus thar aon rud eile, tá go leor Brasaíleach dubh dóite den bhealach borb agus den iompar conspóideach agus áiféiseach a bhíonn aige.

Bheadh dul amú áfach ar an té a cheapfadh go bhfuil deireadh le scéal na heite fíordheise sa Bhrasaíl anois. Ní fios céard a tharlóidh do Bolsonaro féin – tá caint ar bhinsí fiosrúcháin – ach cé go raibh an lá ag Lula an iarraidh seo, ní féidir dearmad a dhéanamh gur chaith nach mór leath de vótóirí na tíre – isteach is amach le 58 milliún duine – vóta d’iarrthóir a bhfuil an faisisteachas luaite leis.

Tá dhá dhúshláin ollmhóra roimh Lula anois: ní hamháin go mbeidh air dul i ngleic le parlaimint arb í an pharlaimint is faide amach ar an eite dheis i stair na Brasaíle í, ach beidh air iarracht a dhéanamh tír atá deighilte go smior le blianta fada anuas a aontú.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…'