An Roinn Oideachais le tabhairt os comhair Coiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt faoi dhíolúine na Gaeilge

Tá trácht arís ar chóras na ndíolúintí agus é tagtha chun solais go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndíolúintí atá a gceadú faoi chóras nua na Roinne

An Roinn Oideachais le tabhairt os comhair Coiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt faoi dhíolúine na Gaeilge

Tá sé i gceist ag coiste Oireachtais sraith cruinnithe a reáchtáil an fómhar seo faoi líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhíonn á mbronnadh ar dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile na tíre.

Thosaigh Coiste Gaeilge an Oireachtais i mbun a chuid oibre arís an tseachtain seo agus tá córas na ndíolúintí i measc na n-ábhar a bheidh á scrúdú ag an gcoiste le linn an téarma Dála nua.

Tá trácht arís ar chóras na ndíolúintí an tseachtain seo agus é tagtha chun solais go bhfuil líon na ndíolúintí a cheadaítear do dhaltaí ag dul i méid ó thug an Roinn Oideachais isteach córas nua cúpla bliain ó shin.

Tá cáineadh láidir déanta ar an gcóras nua ag eagraíochtaí teanga agus saineolaithe oideachais a thug foláireamh don Roinn roimh ré gur ardú seachas laghdú ar líon na ndíolúintí an toradh a bheadh air.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le Tuairisc go raibh sé i gceist ag an gcoiste ar a laghad trí chruinniú a reáchtáil chun an cheist a phlé. Meastar gur i dtreo dheireadh na míosa seo chugainn a chuirfear tús leis na cruinnithe.

Dúirt Ó Snodaigh gur shocraigh an coiste an t-ábhar a fhiosrú nuair a léirigh Tuairisc go raibh ardú fós ag teacht ar líon na ndíolúintí a cheadaítear do dhaltaí, in ainneoin go ndúirt an Roinn Oideachais go ndéanfadh an córas nua rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

Tá sé i gceist cuireadh a thabhairt d’oifigigh ón Roinn Oideachais agus ó eagrais stáit eile, ceardchumainn na múinteoirí agus ionadaithe ó eagraíochtaí a thacaíonn le daoine faoi mhíchumais foghlama, chun fianaise a thabhairt ag na cruinnithe.

Tá ceist na ndíolúintí ar cheann de na hábhair a bheidh faoi chaibidil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais an téarma seo.

Deir Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Fein, go bhfuil sé i gceist freisin airí na Gaeltachta a thabhairt os comhair an choiste chun an maoiniú a chuirfear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2023 a phlé. Fógrófar an Buiséad ar an 27 Meán Fómhair.

Bhí conspóid ann níos luaithe i mbliana nuair a dhiúltaigh Aire Sinsearach na Gaeltachta, Catherine Martin, do cheithre chuireadh freastal ar chruinniú de chuid an choiste chun meastacháin Roinn na Gaeltachta do 2022 a phlé. Dúirt an tAire Martin ag an am gur faoin Aire Stáit Jack Chambers a bhí cúram na Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá cás mhná tí na Gaeltachta agus na Coláistí Samhraidh le plé ag an gcoiste freisin i rith an fhómhair.

Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé tábhachtach go meallfaí mná tí ar ais chun lóistín a chur ar fáil chun cuid de na fadhbanna a bhí san earnáil an samhradh seo a sheachaint.

Ní raibh roinnt Coláistí Samhraidh in ann oscailt i mbliana toisc fadhbanna móra teacht ar lóistín. Dúirt an eagraíocht CONCOS, a dhéanann ionadaíocht ar na Coláistí Samhraidh, go raibh siad thíos breis is 1,600 leaba ar fud na tíre.

D’fhógair an Rialtas níos luaithe i mbliana ardú ar an liúntas a íoctar le mná tí, an chéad ardú ó 2017, ach tá imní ann go fóill go bhféadfadh tuilleadh Coláistí Samhraidh a bheith i mbaol an bhliain seo chugainn. Bhí easpa múinteoirí agus ganntanas cúntóirí agus ceannairí ag cur as do choláistí freisin i mbliana, an chéad samhradh ar oscail na Coláistí Samhraidh ó thús na paindéime.

Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé tábhachtach fadhbanna na hearnála a leigheas chomh luath agus is féidir toisc go mbeidh obair ar chúrsaí na bliana seo chugainn ar bun cheana féin.

Deir Cathaoirleach an choiste go bhfuil cruinnithe le reáchtáil freisin faoin gconspóid a bhain le páipéar ardleibhéil T2 an Teastais Shóisearaigh i rith an tsamhraidh agus faoi theip Eircode logainmneacha Gaeilge a úsáid sa Ghaeltacht.

Agus sraith cruinnithe díreach críochnaithe ag an gcoiste ar chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge, tá tuarascáil le réiteach ar an ábhar. Tá tuarascáil eile á réiteach faoi chinneadh a rinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge a bhí ann do sháirsintí agus cigirí sa Gharda Síochána.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais le tabhairt os comhair Coiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt faoi dhíolúine na Gaeilge'

  • Peadar

    Tugtar cuireadh don IPPN, NAPD, NPD, ETBs, ACCS. Nach iad sin na heagrais atá ag ceadú na díolúintí tríd a gcuid bainisteoirí ag leibhéal scoileanna.

  • Séamus ó Súilleabháin

    ***************************************************************************************

    Na Díolúintí
    **************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    **************************************************************************************

    Déanann an Rialtas cibé socrú atá in oiriúint dó fhéin dá ainneoin moltaí an Phobail go dtí go ndéanann siad pracás ceart den scéal seo cúpla shampla :—

    Is iomaí DÍOLÚINTE a fuair an Stát/SaorStát thar na blianta lena chuid dhualgaisí a chomhlíonadh i dtaobh na Gaeilge.

    ——— Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    ———– Caitheann an Stát níos mó airgead ag iarraidh an Ghaeilge a sheachaint sa chóras dlí, sa chóras maireachtála, agus sa chóras caipitileach ag díol as abhchóidí, taighde, fíosriúcháin agus a leithéid.

    ————Ba chóir ‘Suim’ sa Teanga a chothú in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae fosta gan a thuilleadh moille le díolúintí a sheachaint Thuaidh agus Theas.

    ———–Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga dá ainneoin an Chultúir Angla-Mheiriceánaigh agus meon an ‘Rialtais’ i dtaobh gach rud Gaelach.

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Ardán 1

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************