Páipéar nua Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ‘scannalach’ agus ‘dochreidte deacair’

Bhí múinteoirí sásta go maith le páipéar nua T1 an Teastais Shóisearaigh ach níorbh amhlaidh na scéal i gcás na pháipéir scrúdaithe T2 a rinne formhór dhaltaí an stáit

Páipéar nua Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ‘scannalach’ agus ‘dochreidte deacair’

Ní mó ná sásta a bhí múinteoirí Gaeilge le Páipéar Ardleibhéil Gaeilge T2 an Teastais Shóisearaigh agus cuid acu den tuairim go raibh sé “dochreidte deacair” agus “an-dúshlánach”.

Maidin inniu a bhí daltaí an Teastais Shóisearaigh ag suí an pháipéir scrúdaithe Gaeilge agus den chéad uair riamh bhí dhá pháipéar éagsúla ann, páipéar T1 do chainteoirí dúchais is líofa, agus páipéar T2 do scoileanna Béarla.

Bhí múinteoirí Gaeilge míshásta faoina dheacra is a bhí an páipéir ardleibhéil T2, páipéar atá dírithe orthu siúd i scoileanna Béarla na tíre nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.

“Dúshlán dom féin an cheist sin a fhreagairt, fiú i mBéarla,” a scríobh múinteoir amháin as grúpa do mhúinteoirí Gaeilge ar líne. “Seafóid amach is amach agus cuirfear an milleán ar mhúinteoirí, mar a chuirtear.”

Ní raibh  Amanda Uí Fhlanagáin, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Chaiseal Mumhan, scoil ina ndearnadh an páipéar T2, sásta leis an scrúdú “in aon chor”.

“Bhí mo rang ardleibhéil féin dea-ullmhaithe agus réidh don scrúdú Gaeilge im’ thuairim féin agus bhíos sásta agus iad ag fágáil na scoile an tseachtain seo caite,” a deir Uí Fhlanagáin le Tuairisc.

“Chaith siad an bhliain ag obair go dian agus obair ab ea í a bhí dírithe ar an bpáipéar samplach a d’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ach ní raibh scrúdú an lae inniu cosúil leis an bpáipéar samplach in aon chor.

“Bhí orthu iontráil dialainne ar dhán a scríobh. Cén saghas ceiste í seo do dhaltaí óga? Gan amhras bhí an fhilíocht ullmhaithe acu ach bheadh sé deacair dóibh í a phlé mar iontráil bunaithe ar aithris na filíochta ag ócáid speisialta.”

“Níl cliú dá laghad agam cad atá á dhéanamh ag an SEC agus an Roinn Oideachais féin,” arsa Uí Fhlanagáin.

“Conas in ainm Dé is féidir daltaí a spreagadh agus a suim sa teanga a mhúscailt agus a choimeád beo nuair nach gcloíonn siad féin leis na treoirlínte a thug siad? Tá fearg agus lagmhisneach orm inniu ach thar aon rud eile tá trua agam do mo dhaltaí féin agus daltaí na tíre. Ní raibh an scrúdú féaráilte nó cothrom.”

Dúirt Léan Bán Breathnach, atá ag múineadh i Meánscoil Naomh Raphaela i Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath (scoil T2), gur cheap sí go raibh an páipéar “dúshlánach”.

“Is í an cheist filíochta an cheist is deacra dar liom,” ar sí. “Níl nasc an-soiléir idir na dánta ar an gcúrsa le hÓcáidí Speisialta. Ní hamháin sin ach tá an fhoclaíocht sa cheist casta – gan aon ghá leis dar liom.”

Measann Léan Bán Breathnach go raibh an Léamhthuiscint “feiliúnach don aoisghrúpa” agus go mbeadh an dalta is laige in ann triail a bhaint as ar a laghad.

“Seachas sin, bhí ceist na ceapadóireachta faoin athrú aeráide thar a bheith dúshlánach do dhaltaí ag an aois seo – b’fhéidir go mbeadh seans éigin ag an dalta láidir a rinne staidéar ar an dráma ‘Gleann Álainn’ ach cheapfainn go ndéanfadh formhór na ndaltaí an rogha eile, Lá ag Siopadóireacht,” a deir sí.

Ní hí Léan Bán Breathnach amháin a luaigh an cheist filíochta, agus dúirt líon mór múinteoirí ar an ngrúpa ar líne go raibh an cheist sin “an-deacair”.

Iarradh ar na daltaí dán nó amhrán a roghnú le haithris ag ócáid speisialta, agus ríomhphost a scríobh chuig cara leo faoi sin.

“Ní fhaca mé ceist mar sin riamh,” a dúirt múinteoir amháin.

Chuir ceist 9 ar an bpáipéar mearbhall ar go leor múinteoirí.

Iarradh orthu an straoiseog (emoji) is mó a úsáideann siad féin a lua, agus cur síos gairid a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann siad as an straoiseog sin.

“Cruthaitheach nó craiceáilte?” a dúirt múinteoir amháin.

“Tá an gnáthleibhéal ródheacair freisin,” a dúirt múinteoir eile. “Mo thrua na daltaí a bhí ag freagairt na gceisteanna.”

Dúirt múinteoir eile go raibh an páipéar “dochreidte” agus nach raibh sé “cothrom” ar chor ar bith.

“An-dúshlánach,” a dúirt múinteoir eile. “Bhí páipéar T1 níos éasca ná an ceann sin.”

Bhí múinteoir eile den tuairim go raibh páipéar T2 “scannalach” agus nach raibh sé cosúil leis an bpáipéar samplach ar chor ar bith, rud ar aontaigh go leor múinteoirí léi faoi.

“Tá sé seo chomh mífhéaráilte ar na daltaí, níl sé cosúil leis an bpáipéar samplach in aon chor,” a dúradh.

Níor tugadh ach páipéar samplach amháin do na scoileanna roimh ré.

Ní raibh an oiread céanna cainte faoin bpáipéar T1, cé go ndúirt cúpla múinteoir go raibh an dá pháipéar an-chosúil lena chéile.

“Bhí an cheist faoi charachtar an úrscéil sa pháipéar T2 níos deacra ná an ceann ar pháipéar T1,” a dúirt múinteoir amháin.

“I ndáiríre ní raibh mórán difríochta ó thaobh caighdeán na gceisteanna sa dá pháipéar. Measaim go raibh T1 cothrom go leor.”

“Bhí a lán cosúlachtaí idir an páipéar T1 agus T2,” a dúirt múinteoir eile.

Dúirt Siobhán Ní Chorcora, múinteoir i nGaelcholáiste Chill Dara, Nás na Rí (Scoil T1), gur mheas a cuid daltaí gur “páipéar deas” a bhí ann “go háirithe más rud é go raibh píosa céille agat”.

“Mheas siad go raibh an chluastuiscint dúshlánach go maith, agus gur labhair na daoine go tapa in áiteanna,” ar sí. “Bhí ceann de na ceisteanna gramadaí an-chosúil leis na cinn a bhíodh ar an bpáipéar fadó, ach an dara ceann bhí sí éagsúil, ach indéanta – cé nach raibh ceist den chineál sin feicthe ag na daltaí go dtí seo.”

“Ar an iomlán, mar mhúinteoir T1 bhí mé sásta leis an bpáipéar,” a dúirt Siobhán Ní Chorcora. “Ach tá fós iontas orm nach raibh aon cheist filíochta ná drámaíochta ar an bpáipéar. Bhí cúrsaí ama mar chúis imní dúinn, ach bhí an páipéar gearr go leor go raibh deis ag gach dalta tabhairt faoi gach ceist, agus go leor ama fágtha chun súil a chaitheamh siar ar a gcuid oibre.

“Beidh le feiceáil sna blianta amach romhainn conas go dtugann siad faoi na píosaí litríochta éagsúla, go háirithe an litríocht Ghaeltachta, atá go hiomlán roghnach agus gan srian.”

Rud eile ar chuir Ní Chorcora suim ann ná na cosúlachtaí idir an páipéar T1 agus T2.

“Bhí go leor de na ceisteanna ar an dá pháipéar mar an gcéanna, ach ag ceistiú faoi sheánraí éagsúla litríochta,” ar sí.

Idir an dá linn, tuigtear go bhfuair na scoileanna lán-Ghaeilge a fuair an páipéar mícheart do scrúdú an lae inniu an ceann ceart in am.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, cuireadh na páipéir scrúdaithe do scoileanna Béarla an stáit chuig roinnt gaelcholáistí agus chuig ar a laghad scoil Ghaeltachta amháin. Thart ar 20 scoil a bhí i gceist.

Beidh scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn.

Fág freagra ar 'Páipéar nua Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ‘scannalach’ agus ‘dochreidte deacair’'

  • Eileen O'Donoghue

    Aontaím go huile is go hiomláin le gach tuairim ansin . Bhí an páipéar sin scanallach . Níor chabhraigh sé le grá don Ghaeilge , le féinfholláine no le féinmhuinín . Bhí cailíní ag sileadh na ndeor agus iad ag iarraidh na ceisteanna a fhreagairt i m’ ionad , Churchill an páipéar go more le imní.