Tá nach mór €60,000 caite ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó 2011 ar thuarascálacha a bhaineann le gnóthaí Gaeltachta.
D’íoc an Roinn €9,717 i mbliana leis an gcomhlacht comhairleoireachta Public Affairs Ireland chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus grádú postanna sinsearacha bainistíochta in Údarás na Gaeltachta.
Bhain an caiteachas i réimse na Gaeltachta eile le dhá thuarascáil faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ar an gconradh maidir le seirbhísí aer go dtí Oileáin Árann.
D’íoc an Roinn €41, 795 anuraidh leis an gcomlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar na seirbhísí aer agus íocadh €6,300 le Avia Solutions i 2011 chun athbhreithniú a dhéanamh ar aighneachtaí a bhain leis an ábhar céanna.
Ba í an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys a chuir an t-eolas faoin gcaiteachas ar chomhairleoirí seachtracha ar fáil an tseachtain seo.
Fág freagra ar 'Nach mór €60,000 caite ag Roinn na Gaeltachta ar thuarascálacha faoi sheirbhísí aer agus struchtúr foirne ÚnaG'