Gaeilge Sheán O’Shea, gaiscí Shane Walsh agus diongbháilteacht Chiarraí

A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais peile na hÉireann 2022 idir Ciarraí agus Gaillimh

Gaeilge Sheán O’Shea, gaiscí Shane Walsh agus diongbháilteacht Chiarraí

Gaeilge Seán O’Shea

Is minic é ráite nach mbíonn oiread aithne againn ar imreoirí idirchontae is a bhíodh nuair a chloistí níos minice ag caint sna meáin iad. Ní chloistear an oiread sin i mBéarla ná i nGaeilge ó imreoir an lae inniu agus thuigfeá mar sin go raibh iontas ar mhórán daoine faoin méid Gaeilge a bhí ag captaen Chiarraí ina óráid agus faoina líofa agus a chruinne is a bhí an teanga aige. Múinteoir Gaeilge é Seánie i bPobal Inbhear Scéine agus ní i dtaobh leis an ‘Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh…’ a bhí fear Neidín.

I nGaeilge a bhí tús na hóráide ar fad aige agus shíleamar ar feadh tamaill gur Gaeilge amháin a labhródh sé, mar a rinne Dara Ó Cinnéide agus Páidí Ó Sé roimhe. Chuaigh sé i muinín an Bhéarla ar feadh tamaill agus buíochas á ghabháil aige le daoine ach d’fhill sé ar an nGaeilge do gháir an bhua ag deireadh na hóráide: ‘Tá Sam ag teacht ar ais go dtí an Ríocht! Ciarraí abú!’

Shane Walsh na Gaillimhe a scóráil naoi bpointe i sárthaispeántas. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Gaiscí Shane Walsh

Ní thabharfaidh sé mórán sásaimh anois do Shane Walsh ach thug sé uaidh ceann de na taispeántais is fearr i gcluiche ceannais na hÉireann do Ghaillimh Dé Domhnaigh.

In ainneoin a fheabhas is atá Walsh, bhí daoine ann i nGaillimh a cheap gur ghá dó an beart a dhéanamh i gcluiche mór chun go léireodh sé i gceart an mianach atá ann. Rinne sé an méid sin sa chluiche is mó ina shaol peile go dtí seo.

Naoi bpointe a fuair an tosach agus Tom O’Sullivan, duine de na cosantóirí is fearr sa tír, á chiapadh aige i bPáirc an Chrócaigh. Bhí cuid de na pointí a d’aimsigh Walsh dochreidte ar fad agus bhí sé gach pioc chomh maith le laoch Chiarraí, David Clifford.

Seans gur Gaillimheach eile, Pádraig Kelly, an duine deireanach a fuair gradam laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann cé gur chaill a fhoireann. Is i 1993 a tharla sin nuair a fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr ar iománaithe na Gaillimhe in ainneoin iarrachtaí Kelly. Ní bhfuair Walsh an gradam Dé Domhnaigh ach is beag duine a déarfadh nach raibh sé tuillte aige.

 

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí diongbháilte in am na cinniúna

Bhí an tuairim go láidir ann roimh an gcluiche dá mbeadh Gaillimh fós i bhfoisceacht cúpla pointe de Chiarraí i dtreo dheireadh an chluiche go dtiocfadh scaoll ar fhir na Ríochta toisc an brú a bhí orthu Craobh na hÉireann a bhuachan. Tharla sé in aghaidh Átha Cliath ach níor tharla sé i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ní hamháin go raibh Gaillimh fós sa chluiche sa dara leath Dé Domhnaigh ach bhí siad dhá phointe chun tosaigh agus 20 nóiméad fágtha. Is iad na Gaillmhigh a thosaigh ag déanamh botún, áfach.

Taobh istigh de thrí nóiméad, chuir Cillian McDaid agus Paul Conroy pasanna amú agus fuair Graham O’Sullivan, David Clifford agus Paudie Clifford scór an duine chun Ciarraí a chur dhá phointe chun cinn den chéad uair. Chuir McDaid, a raibh an-chluiche aige, iarracht eile ar fóraoil le linn na tréimhse sin agus botúin á ndéanamh ag Gaillimh nach raibh go dtí sin sa chluiche.

Ní raibh Ciarraí gan locht, chuir Killian Spillane agus Tom O’Sullivan iarrachtaí amú ach d’fheabhsaigh Ciarraí sa dara leath sin. Tar éis dóibh seacht n-iarracht a chur ar fóraoil sa chéad 35 nóiméad, níor chuir siad ach dhá iarracht amú sa dara leath, ceann an duine ó Spillane agus O’Sullivan.

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ré nua i gCiarraí

Tá súil ann anois i gCiarraí gur seo tús le ré nua agus, théis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan faoi dheireadh, go rachaidh an contae ar aghaidh chun Corn Mhig Uidhir a bhuachan arís agus arís eile sna blianta amach romhainn.

Beidh na himreoirí a bhí mar chuid d’fhoirne mionúir Chiarraí a bhuaigh cúig chraobh as a chéile lárnach sna hiarrachtaí sin ach beidh le feiceáil an mbeidh cuid de na seanfhondúirí atá ar fhoireann Chiarraí ina gcuid den ré nua seo.

Baineadh David Moran agus Paul Geaney den pháirc ag leath ama i gcluiche ceannais an Domhnaigh agus beidh ceisteanna ann anois an bhfeicfear arís iad i ngeansaí Chiarraí. Tá seans maith ann go gcoinneoidh Geaney air ach tá blianta fada caite ag Moran leis an gcontae agus bíonn gortuithe ag cur as go minic dó. Theastaigh a thaithí agus a cheannaireacht ó ógánaigh Chiarraí i mbliana ach tá an beart déanta anois acu agus ceannairí eile ag teacht chun tosaigh.

Beidh cinneadh le déanamh freisin ag Paul Conroy na Gaillimhe. Ní bheidh sé sásta leis an taispeántas a thug sé sa chluiche ceannais ná sa chúpla cluiche roimhe sin ach an oiread. Bhí Conroy ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír i rith na sraithe, rud a d’fhágfadh duine den tuairim go bhfuil cúpla bliain mhaith fanta ann go fóill.

Fág freagra ar 'Gaeilge Sheán O’Shea, gaiscí Shane Walsh agus diongbháilteacht Chiarraí'