Scannán Gaeilge roghnaithe den chéad uair ag féile mhór le rá i mBeirlín  

Lucht na féile a roghnaigh go mbeadh an première nó an chéad léiriú ag An Cailín Ciúin go hoifigiúil ag an 72ú féile Berlinale

Scannán Gaeilge roghnaithe den chéad uair ag féile mhór le rá i mBeirlín  

Den chéad uair riamh beidh scannán Gaeilge á thaispeáint ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín san earrach.

Lucht na féile a roghnaigh go mbeadh an première nó an chéad léiriú ag An Cailín Ciúin go hoifigiúil ag an 72ú féile Berlinale agus taispeánfar é sa rannóg Glúin/Generation.  

Dúirt Stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad gur “mór an onóir agus an t-ardú croí dúinn gur roghnaíodh muid don Berlinale agus go háirithe don rannóg, Glúin.”

Is é an scannán seo, An Cailín Ciúin, an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal.

Fís Éireann, TG4, agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chuir maoiniú ar fáil do An Cailín Ciúin faoin scéim Cine4.

Is é aidhm rannóg Glúin/Generation ag féile scannán Bheirlín don cineama idirnáisiúnta go “n-éistfí i gceart le daoine óga” agus go n-inseofaí scéalta trí shúile na n-óg.

Tá an scannán An Cailín Ciúin, bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú anuraidh i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Dráma casta leochaileach é seo faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.  

Break Out Pictures a bheidh á dháileadh anseo in Éirinn agus a bheas i mbun a eisiúna an bhliain seo chugainn.  

Rinne Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 comhghairdeas le lucht déanta An Cailín Ciúin ar a roghnú d’Fhéile Idirnáisiúnta Bheirlín.  

“Táimid thar a bheith sásta leis an rath a bhí ar scannáin Cine4 ar fad go dtí seo, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Taispeánfar An Cailín Ciúin i mBeirlín mí Feabhra agus beidh sé sna pictiúrlanna anseo san earrach, 2022. 

Fág freagra ar 'Scannán Gaeilge roghnaithe den chéad uair ag féile mhór le rá i mBeirlín  '