Áit bainte amach ag an Rinn i gcluiche ceannais an chontae ach tuilleadh moille i nDún na nGall

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Áit bainte amach ag an Rinn i gcluiche ceannais an chontae ach tuilleadh moille i nDún na nGall

Foireann agus lucht tacaíochta na Rinne. Pictiúir: CLG na Rinne/Facebook

Port Láirge

Tá áit bainte amach ag iománaithe na Rinne i gcluiche ceannais an chontae tar éis dóibh Craobh Idirmheánach an Iarthair a thabhairt leo inné. Farasbarr sé phointe a bhí ag fir na Gaeltachta ar Mhaigh Dheilge i bPáirc Uí Fhearchair, 1-17 in aghaidh 0-14.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an Rinn i dtrioblóid sa chéad leath agus iad cúig phointe chun deiridh, 0-9 in aghaidh 0-4, tar éis 20 nóiméad ach tháinig feabhas mór orthu ina dhiaidh sin agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag leath ama, 0-11 in aghaidh 0-9.

Tháinig an scór cinniúnach ocht nóiméad isteach sa dara leath nuair a fuair Shane Ó Cuirrín cúl chun foireann na Rinne a chur chun cinn. Bhí ceannas iomlán acu as sin go deireadh agus níor lig siad ach trí phointe le Maigh Dheilge sa dara leath. Den cheathrú huair riamh tá Craobh an Iarthair buaite ag an Rinn.

Dé Sathairn seo chugainn a bheidh cluiche ceannais an chontae agus an Rinn ag tabhairt aghaidh ar Dhún Aill i bPáirc an Bhreathnaigh.

Dún na nGall

Tá sé fógartha ag Bord Contae Dhún na nGall nach ndéanfar aon chinneadh maidir le cluiche ceannais na Craoibhe Sinsir 2020 go dtí go mbeidh Craobh 2021 críochnaithe.

Bhí cluiche ceannais 2020, a bhuaigh Naomh Conaill mí Lúnasa, le himirt arís toisc gur éirigh le hagóid a rinne Cill Charthaigh ach chinn Comhairle Uladh ina dhiaidh sin go gcaithfí éisteacht eile a thabhairt don chás. Tá ráite anois ag Cathaoirleach Dhún na nGall, Mick McGrath, nach mbeidh an éisteacht sin ann go dtí go mbeidh craobh na bliana seo críochnaithe.

Imríodh an dara babhta de Chraobh Shinsir 2021 ag an deireadh seachtaine. Níor éirigh le Naomh Conaill ach comhscór, 2-7 in aghaidh 1-10, a bhaint amach in aghaidh Aodh Ruadh cé go raibh foireann na nGleanntach naoi bpointe chun cinn ag tréimhse amháin. Bhuail Cill Charthaigh greadadh ar na Ceithre Máistrí, 1-17 in aghaidh 0-3. Ba é Ryan McHugh a d’aimsigh an cúl dóibh agus scóráil Mark McHugh, Paddy McBrearty agus Stephen McBrearty ceithre phointe an duine.

Tá Gaoth Dobhair ar bharr an tábla agus bua cumasach faighte acu ar Naomh Micheál, 2-17 in aghaidh 1-8. Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-8, ach bhí Gaoth Dobhair ar fheabhas sa dara leath agus chinntigh cúl Niall Friel agus cúl tuathail ó Christy Toye gur acu a bheadh an bua ar deireadh.

Bua aon phointe amháin, 1-9 in aghaidh 0-11, a bhí ag Gleann Fhinne ar Naomh Náille, bhuaigh Baile na nGallóglach ar Ard an Rátha, 1-15 in aghaidh 1-13, agus fuair Naomh Adhamhnáin an ceann is fearr ar An Tearmann, 2-11 in aghaidh 0-8.

Corcaigh

Caithfidh Béal Átha an Ghaorthaidh a gcluiche deireanach i nGrúpa A in aghaidh chumann Uí Dhonnabháin Rossa a bhuachan más leo áit a bhaint amach i mbabhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Peile A Chorcaí.

Chaill Béal Átha an Ghaorthaidh leis an aon phointe amháin in aghaidh Dhroichead na Bandan ag an deireadh seachtaine, 1-10 in aghaidh 1-9. Cé gur aimsigh Ben Seartán cúl sa chéad leath, bhí fir na Gaeltachta cúig phointe chun deiridh agus 20 nóiméad fágtha agus cé nár scóráil Droichead na Bandan faic san am a bhí fágtha, chlis ar éigean ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh an bhearna a dhúnadh.

Sa Phríomhchraobh Idirmheánach, tá an-seans ag an dá fhoireann Ghaeltachta, Naomh Abán agus Cill na Martra, na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach tar éis dóibh a gcluichí a bhuachan ag an deireadh seachtaine.

Bhí bua cumasach, 0-18 in aghaidh 0-10, ag Naomh Abán ar Shan Nioclás oíche Dé hAoine. Bhí Naomh Abán nach mór imithe as radharc ag leath ama agus iad 0-11 in aghaidh 0-2 chun tosaigh agus cé gur laghdaigh San Nioclás an bhearna sin de bheagán sa dara leath, bhí foireann Bhaile Bhuirne, ar scóráil Maidhc Ó Duinnín sé phointe dóibh, i bhfad rómhaith.

Bua éasca a bhí ag Cill na Martra freisin, ar Shéipéal na Carraige. Chuaigh Cill na Martra ceann níos fearr ná Naomh Abán agus iad deich bpointe chun cinn ag leath ama, 0-12 in aghaidh 0-2. Rinne Séipéal na Carraige a leath den bhearna sin sa dara leath ach chríochnaigh Cill na Martra go láidir agus an cluiche buaite acu ar scór 0-19 in aghaidh 1-8. D’aimsigh Dan Ó Duinnín 0-7 do Chill na Martra agus scóráil Shane Ó Duinnín 0-4.

Gaillimh

Bhí mí-ádh ceart ar mhná Naomh Anna, Leitir Móir, agus iad ag imirt a gcéad chluiche ar ais i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Scóráil An Dún Mór Mhic Éil cúl in am cúitimh chun mná Chonamara a chloí le dhá phointe, 2-12 in aghaidh 1-13, i nGrúpa B. D’éirigh níos fearr le Maigh Cuilinn agus bua cumasach faighte acu ar Ghleann na Madadh/Baile Liam, 4-20 in aghaidh 5-9.

Bhuaigh foireann iomána Mhaigh Cuilinn a gcluiche ag an deireadh seachtaine freisin nuair a fuaire siad an ceann is fearr ar Eanach Dhúin, 1-21 in aghaidh 1-13, sa Chraobh Idirmheánach. Ní raibh an lá le hiománaithe an Spidéil sa chomórtas céanna, áfach, agus iad cloíte ag an Turlach Mór, 0-24 in aghaidh 2-10.

Ciarraí

I gCiarraí, fuair Na Gaeil an ceann is fearr ar an nGaeltacht don dara bliain as a chéile, 0-12 in aghaidh 0-8. D’fhág an toradh sin gur chríochnaigh Na Gaeil ar bharr Ghrúpa 4 ach bhí áit ag an nGaeltacht i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe in ainneoin an cluiche sin a chailliúint.

Sa Chraobh Shinsir, fuair Aibhistín de Staic an ceann is fearr ar Dhaingean Uí Chúis i gcluiche eile ar bheagán tionchair. Bhí bua dhá phointe ag fir Thrá Lí sa Daingean, 2-12 in aghaidh 2-10, ach bhí foireann an Daingin slán ón gcéad bhabhta.

Maigh Eo

Cuireadh tús le craobhacha peile Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine. Sa Chraobh Shinsir, comhscór a bhí ag Béal an Mhuirthead le Sáirséalaigh Bhaile Chathail. Fuair Eoin O’Donoghue agus Martin Boylan na cúil do Bhéal an Mhuirthead agus d’aimsigh Ryan O’Donoghue ceithre phointe i gcluiche a chríochnaigh 2-6 in aghaidh 0-12. I nGrúpa 4, fuair An Garraí Mór an ceann is fearr ar Chill tSéadhna, 3-8 in aghaidh 1-6.

Fág freagra ar 'Áit bainte amach ag an Rinn i gcluiche ceannais an chontae ach tuilleadh moille i nDún na nGall'

  • spailpín

    Nach bhfuil áit ar bith do chlubanna na Mí ar an liosta seo?