Lá den saol, bhíodh an fear is dathúla ar domhan ag obair san ionad aclaíochta in Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe ar Bhóthar Átha Cinn.
Bhí ciall leis gur i nGaillimh a bheadh an fear is dathúla ar domhan lonnaithe óir is í Gaillimh lár an domhain. Mura dtuigfidh tú céard atá i gceist agam ní raibh cónaí ort i gCathair na dTreabh riamh agus is trua liom do chás.
Duine de na Gaeil seo a bhí ann a bhfuil an chuma orthu gur shiúil siad caol díreach amach as an Táin: craiceann ar dhath an tsneachta, gruaig ar dhath an ghuail agus súile a d’fhágfadh croí ar bith ina chaor.
Bhí comhrá maith amháin agam leis. Lá breá éigin agus toisí mo choirp á dtomhas aige i seomra beag na scálaí agus an ghléis sin a sheiceálann an brú fola, fuair muid amach go raibh aithreacha na beirte againn díreach tar éis bháis. An nóiméad sin mhothaigh mé dlúthcheangal eadrainn. Agus shíl mé go bhfásfadh dlúthchairdeas eadrainn.
Ach níor fhás.
Tamall ina dhiaidh sin, nuair a d’fhiafraigh an fear is dathúla díom an mbeadh spéis agam a bheith ar fhoireann sacair a bhí á cur le chéile aige thar ceann an ionaid aclaíochta, dúirt mé leis go raibh comhordú lámh agus súl an-dona agam.
‘Is leis na cosa a imrítear sacar,’ a d’fhreagair sé agus féachaint ina shúile a thug orm a cheapadh go raibh sé tar éis rud éigin a oibriú amach fúm ina aigne féin.
Tamall ina dhiaidh sin arís agus comhrá ciotach eile againn ag cuntar an ionaid aclaíochta, thug an fear is dathúla ar domhan ‘leabhar’ ar iris Men’s Health a bhí á léamh aige agus leis sin thuig mise, freisin, go raibh an bheirt againn ag imirt ar fhoirne éagsúla.
Níor chuir sé sin stop liom á shantú áfach agus ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin ba ar an bhfear is dathúla ar domhan a bhínn ag smaoineamh roimh thitim i mo chodladh dom seachas ar pé fear a bhíodh le mo thaobh sa leaba.
Ach is mór an méid ama cúig bliana is fiche. An oíche cheana, nuair a theastaigh uaim m’aird a bhaint d’argóint fhíochmhar a bhí agam níos túisce an oíche sin le fear a bhí ina chodladh sa seomra breise i m’árasán, chuimhnigh mé ar an nós a bhíodh agam fadó tamall a chaitheamh ag brionglóideach faoin bhfear is dathúla ar domhan d’fhonn an suan a mhealladh. Ach níor tháinig aghaidh, ainm ná sloinne an fhir is dathúla ar domhan chun cuimhne.
An lá dár gcionn, agus an fear a bhí ina chodladh sa seomra breise i m’árasán bailithe abhaile go dtí a theach féin (agus a theilifíseán, portráid fhrámáilte a mhic agus a chuid balcaisí eile in éineacht leis) thug mé dúshlán dom féin d’fhonn m’aird a bhaint de chúrsaí.
Cén t-ainm arís a bhí ar an bhfear is dathúla ar domhan? Cén sloinne? An éireodh liom a aghaidh a thabhairt chun cuimhne?
Níor thóg a aghaidh i bhfad. Rith a ainm liom go gairid ina dhiaidh sin. A shloinne is mó a thug trioblóid dom. Flatherty? Ní hea. Faherty? Ní hea. Fahey? Ní hea ach oiread.
Shocraigh mé sos a thabhairt do m’intinn. Má tá rud amháin foghlamtha agam ó thosaigh mé amach ar shlí bheatha mar scríbhneoir, seo é: cuimhneoidh tú ar an bhfocal ceart – nó ar an réiteach ar fhadhb scríbhneoireachta ar bith, dá chasta í – ach éirí as a bheith ag céasadh d’aigne. Ní mór muinín a chur i gcumas míorúilteach an fho-chomhfheasa teacht ar léargais, ar thuiscintí agus ar eolas ‘caillte‘ fad is a bhíonn an comhfhios dírithe ar rudaí eile.
Ag ní na ngréithe a bhí mé an oíche sin nuair a bhuail m’fho-chomhfhios cnag ar dhoras mo chomhfheasa. Bhí sloinne an fhir is dathúla ar domhan aimsithe aige. Agus is ea, tosaíonn sé le F.
Gearóid
Fachtna Faolchú…