Freagra i mBéarla tugtha ag an Aire Breisoideachais ar cheist Dála i nGaeilge

Fuair an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh freagra i mBéarla amháin ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris ar cheist a cuireadh i nGaeilge, sárú ar an reachtaíocht teanga

Freagra i mBéarla tugtha ag an Aire Breisoideachais ar cheist Dála i nGaeilge

An tAire Breisoideachais Simon Harris. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá cáineadh láidir déanta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ar dhearcadh airí rialtais áirithe i leith na Gaeilge.

Rinne an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh an cáineadh sin tar éis dó freagra i mBéarla amháin a fháil ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris ar cheist Dála scríofa a cuireadh i nGaeilge air faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Sárú ar Alt 9.2 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, é freagra i mBéarla amháin a thabhairt ar cheist Dála a bhíonn scríofa i nGaeilge. Téann freagra i mBéarla amháin ar cheist Dála i nGaeilge in aghaidh nósanna agus cleachtais orduithe seasta na Dála freisin.

Mheas Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireacthais, go raibh sé tubaisteach nach raibh an tAire Harris “toilteanach” é a fhreagairt as Gaeilge agus dúirt sé go raibh sé ar intinn aige gearán oifigiúil a dhéanamh faoin scéal.

“Bheinnse i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle, leis an Aire féin agus le hOifig an Choimisinéara Teanga fiú, agus déanfaidh mé cinneadh faoi sin sna laethanta seo romhainn, ach tá sé i gceist agam an cás seo a ardú le Cléireach na Dála nuair a thagann sé os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi cheann seachtaine, mar is léir gur fadhb chórasach atá anseo,” arsa Ó Snodaigh le Tuairisc.ie

Mheas sé go raibh na ranna rialtais ar an eolas faoi na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge, go háirithe agus meabhrú tugtha dóibh anuraidh tar éis dó gearáin a dhéanamh ar an ábhar seo.

I mí Mheán Fómhair seo caite, thug an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan, freagra i mBéarla amháin ar cheist i nGaeilge ón Teachta Ó Snodaigh. Ghabh an tAire leithscéal agus dúirt sé nach dtarlódh a leithéid arís ach, dhá mhí ina dhiaidh sin, thug sé freagra i mBéarla amháin arís ar cheist i nGaeilge a chuir Ó Snodaigh air.

Aengus Ó Snodaigh, TD. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

“Tá sé díomách. Sular tháinig an rialtas seo ar an bhfód, tar éis ocht mbliana déag ag obair sa Dáil, ní cuimhin liom aon uair a bhfuair mé freagra Béarla ar cheist parlaiminte a cuireadh as Gaeilge.”

Dúirt Ó Snodaigh go ndéanann airí agus ranna rialtais áirithe neamhaird ar cheisteanna Dála i nGaeilge.

Cháin Ó Snodaigh freisin an nós a bhíonn ag ranna rialtais áirithe freagraí a thugtar i nGaeilge a aistriú go Béarla freisin. Dúirt sé go bhfuil teachtaireacht ann gur gá aon rud i nGaeilge a aistriú go Béarla ach nach gá rudaí i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

“Ní thugtar don Ghaeilge ach stádas den dara grád,” arsa Ó Snodaigh.

“I gcás an Aire Simon Harris, ní hé seo an chéad uair nár thug sé aird ar a chuid dualgas i leith na Gaeilge. Mar Aire Sláinte, rinne seisean an cinneadh gan rabhadh sláinte ar alcól a dhéanamh go dátheangach, in ainneoin gur léiríodh i gcás an tobac go bhfuil sé sin de dhíth agus gur féidir é a dhéanamh.”

Chomh maith leis sin dhiúltaigh an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais, aon tagairt don Ghaeilge a chur isteach i bplean a Roinne, cé gur iarradh air tagairt éigin a dhéanmh don teanga.

Bhí an tAire Harris freisin ar dhuine de bheirt airí rialtais a thug le fios nár chuir a ranna aon teachtaireacht amach i nGaeilge ar na meáin shóisialta le bliain anuas.

Fág freagra ar 'Freagra i mBéarla tugtha ag an Aire Breisoideachais ar cheist Dála i nGaeilge'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bí cinnte gurb iad státseirbhísigh na roinne faoi ndeara na freagraí sin i mBéarla. É sin ráite, bréagnaíonn siad teideal Roinn an Aire Harris – Breisoideachas agus Ardoideachas – atá easnamhach ina measc féin, is léir.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart iad go léir a chur ag freastal ar choláiste samhraidh.

  • Seán Mag Leannáin

    Aire nach bhfuil múineadh ar bith air, ní áirím oideachas.

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Ba cóir dóibh ardoideachas a athrú go ísealoideachas agus breisoideachas a athrú go easpaoideachas I gcás an taire agus a ránnóg