Níos lú ná 4% de theachtaireachtaí na ranna stáit ar na meáin shóisialta i nGaeilge

Thug beirt airí rialtais le fios nár chuir a ranna aon teachtaireacht amach i nGaeilge ar Twitter, Facebook, Instagram ná LinkedIn le bliain anuas

Níos lú ná 4% de theachtaireachtaí na ranna stáit ar na meáin shóisialta i nGaeilge

Is ar éigean go mbíonn ranna stáit ag postáil i nGaeilge ar chor ar bith ar na meáin shóisialta agus níor chuir ranna áirithe oiread is teachtaireacht amháin amach i nGaeilge le bliain anuas.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua gur i nGaeilge a bhí níos lú ná 4% de na teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ag formhór na ranna rialtais.

Thug beirt airí rialtais le fios nár chuir a ranna aon teachtaireacht amach i nGaeilge ar Twitter, Facebook, Instagram ná LinkedIn le bliain anuas – sin iad an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys agus an tAire Ardoideachais Simon Harris.

Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid na nDaonlaithe Sóisialta, Holly Cairns, dúirt an tAire Humphreys, a bhí ina hAire Gaeltachta tráth, nach raibh teachtaireacht ar bith i nGaeilge seolta ag a roinn ar na meáin shóisialta idir tús mhí na Bealtaine 2020 agus deireadh mhí Aibreáin na bliana seo.

Dúirt an tAire Humphreys dá mbeadh an Ghaeilge in úsáid ag duine agus iad i dteagmháil leis an Roinn, go ndéanfaí cumarsáid i nGaeilge leis an duine sin.

“Níor phostáil an Roinn aon teachtaireachtaí i nGaeilge ná go dátheangach ar Twitter, Instagram ná LinkedIn go dtí seo. Sa gcás go ndéanann duine cumarsáid leis an Roinn i nGaeilge, ar na hardáin sin san áireamh, déanann an Roinn amhlaidh.” 

Cé gur thug cuid mhaith de na hairí le fios go rabhthas ag iarraidh cur le líon na dteachtaireachtaí i nGaeilge a sheolfar amach anseo, níor thug an tAire Humphreys ná an tAire Breisoideachais Simon Harris le fios go raibh sé i gceist ag a gcuid ranna aon teachtaireachtaí i nGaeilge a chur amach ar an meáin shóisialta amach anseo.

Bhí an Roinn Coimirce Sóisialaí ar cheann de na ranna rialtais a thug le fios roimhe seo nach raibh oiread agus post amháin inti ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh. 

Cé go raibh an Roinn a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar cheann de na ranna is fearr ó thaobh teachtaireachtaí a sheoladh i nGaeilge. Mar sin féin, níos lú ná 20% den bheagnach 6,000 postáil a rinne an Roinn sin ar na meáin shóisialta le bliain anuas.

Tugadh le fios go raibh 9.8% de na teachtaireachtaí a d’fhoilsigh an Roinn ar Twitter i nGaeilge nó dátheangach, 13.5% a bhí i gceist ar Facebook, 17% ar a bhí ar Instagram agus 32% ar LinkedIn.

Dúirt an tAire Catherine Martin, go raibh “cúram leathan” ar a roinn ach go raibh teachtaireachtaí a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht scríofa i nGaeilge i gcónaí.

“Déanann an Roinn iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus postáiltear ábhar go rialta a bhaineann le forais atá faoinár gcúram arb í cur chun cinn na Gaeilge a gcúram. 

“I nGaeilge a phostáiltear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge is an Ghaeltacht i gcónaí, agus postáiltear scéalta faoi scéimeanna móra maoinithe is comóradh stáit go dátheangach i gcónaí.”

Ba í an Roinn Oideachais an roinn rialtais ab fhearr ó thaobh ábhar i nGaeilge a chur ar na meáin shóisialta. Tvuíteanna dátheangacha a bhí i 44% den iomlán a sheol an Roinn le bliain anuas. 

5.6% a bhí i nGaeilge amháin. Bhí 40% de na teachtaireachtaí a cuireadh ar shuíomh Facebook na Roinne i nGaeilge.

Bhí an tAire Airgeadais, Paschal Donohue, ar dhuine de na hairí a dúirt go raibh sé i gceist acu cur leis an líon teachtaireachtaí i nGaeilge a bhíonn acu ar na meáin shóisialta. 

Thug sé le fios go mbeadh sé leagtha amach i gconradh nua a bhí le haontú le seirbhís aistriúcháin go gcuirfí aistriúcháin de theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ar fáil go tapa chun go mbeadh an Roinn in ann cur go mór le líon na dteachtaireachtaí Gaeilge a sheoltar.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 4% de theachtaireachtaí na ranna stáit ar na meáin shóisialta i nGaeilge'