Diúltaithe ag an Aire Breisoideachais aon tagairt don Ghaeilge a chur isteach i bplean a Roinne

Fiafraíodh den Aire Harris an ndéanfadh sé Ráiteas Straitéise a Roinne a leasú chomh luath agus is féidir le go mbeadh cur síos cuimsitheach ann ar spriocanna na Roinne i leith na Gaeilge

Diúltaithe ag an Aire Breisoideachais aon tagairt don Ghaeilge a chur isteach i bplean a Roinne

Níl sé i gceist ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris aon leasú a dhéanamh ar phlean straitéise a Roinne chun an Ghaeilge a chur san áireamh.

Dúirt an tAire Simon Harris gur doiciméad “ardleibhéal” an ráiteas straitéise ina leagtar béim ar spriocanna straitéiseacha na roinne agus nach dtagraítear “go sonrach” inti “do mhórchuid de ghníomhaíochtaí agus de thosaíochtaí na Roinne”.

D’fhiafraigh Rose Conway-Walsh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, den Aire cén fáth nach raibh an Ghaeilge luaite sa ráiteas straitéise nuair atá gealltanas i gclár an Rialtais go mbeidh cur chuige tras-rialtais ann i leith chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

D’fhiafraigh sí den Aire an ndéanfadh sé Ráiteas Straitéise agus Plean Gníomhaíochta Straitéis 2021-2023 a Roinne a leasú chomh luath agus is féidir le go mbeadh cur síos cuimsitheach ann ar spriocanna na Roinne i leith na Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, léirigh Conradh na Gaeilge iontas agus díomá nuair a d’fhoilsigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ráiteas straitéise nua na Roinne an mhí seo caite.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “mór an náire” an straitéis nua nach raibh aon tagairt inti don Ghaeilge, beag ná mór.

“Níl oiread is tagairt, sprioc nó beartas amháin ann don Ghaeilge,” a dúirt de Spáinn ag an am.

Dúirt Conradh na Gaeilge go ndearna an Roinn Breisoideachais neamhaird ar gach ceann den bheagnach leathchéad moladh a bhí déanta ag an eagraíocht teanga i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Aire Breisoideachais aon tagairt don Ghaeilge a chur isteach i bplean a Roinne'

  • Antóin

    Aire ó Fhine gan Ghael ag tabhairt droim láimhe don Gaeilge. Iontas na nIontas!

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le “D’fhiafraigh Rose Conway-Walsh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, den Aire cén fáth nach raibh an Ghaeilge luaite sa ráiteas straitéise nuair atá gealltanas i gclár an Rialtais go mbeidh cur chuige tras-rialtais ann i leith chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.”

    Níl aon trácht ar an Bhéarla ach an oiread!