Imní faoi mhoill eile ar an mbille teanga i dTithe an Oireachtais

Níl ach ceithre seachtaine fágtha roimh shos an tsamhraidh chun an dá chéim eile den bhille teanga a chur i gcrích agus níl aon dáta socraithe fós don chéad chéim acusan

Imní faoi mhoill eile ar an mbille teanga i dTithe an Oireachtais

Bliain go díreach ó foilsíodh an clár rialtais inar gealladh go n-achtófaí an bille teanga nua roimh dheireadh 2020, tá sé ina imní gur i bhfómhar na bliana 2021 ar a luaithe a fheicfear é.

Nuair nár baineadh an sprioc i gclár an Rialtais amach, gealladh go ndéanfaí an beart roimh shos Dála an tsamhraidh i lár mhí Iúil.

Ach meastar anois gur dócha go gcaillfear an sprioc sin chomh maith agus gur nuair a fhillfidh an Dáil sa bhfómhar a chuirfear clabhsúr ar an obair.

Beidh deich mbliana ann an fómhar seo chugainn ó d’fhógair an t-iar-aire stáit Dinny McGinley go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar mhaithe leis an reachtaíocht teanga a neartú.

Níl ach ceithre seachtaine fágtha roimh shos an tsamhraidh chun an dá chéim eile den bhille a chur i gcrích agus níl aon dáta socraithe fós don chéad chéim acusan.

Chomh maith leis sin, tá plé le déanamh ag Aire Stáit na Gaeltachta le baill Choiste Gaeilge an Oireachtais faoi leasuithe a gealladh ag Céim an Choiste.

Caitheadh 25 uair an chloig idir Eanáir agus Aibreán na bliana seo ag plé 308 leasú ar an mBille Teanga ag Céim an Choiste, ach tá dhá chéim fós le dul ina thuras trí Thithe an Oireachtais – céim na Tuarascála agus céim an tSeanaid.

Beidh roinnt obair aistriúcháin le déanamh chomh maith ag Oifig na mBillí roimh an gcéad chéim eile. D’fhógair urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, an tseachtain seo caite go bhfuil 98 leasú curtha isteach cheana féin aige do Chéim na Tuarascála.

“Gheall an tAire Stáit Chambers go mbeadh an Bille seo achtaithe roimh Nollaig 2020, ansin dúradh Cáisc na bliana seo, ach tá seans anois ann nach mbeidh sé fiú rite roimh an samhradh agus muid fós ag fanacht ar fhógra agus leasuithe ón Aire,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Dúirt Ó Snodaigh gur shocraigh sé na leasuithe a chur isteach é féin in ainneoin nach bhfuil aon dáta go fóill ann don chéad chéim eile. “Táimid ag obair i bhfolús,” a mhaígh sé.

D’éirigh an plé le linn Chéim an Choiste teasaí go maith uaireanta agus easaontas ann maidir le cé air a bhí an milleán as an moill a bhí leis an díospóireacht.

Chuir an tAire Stáit Jack Chambers a mhíshástacht faoin bhfreasúra in iúl go minic san earrach agus é den tuairim go raibh an iomarca leasuithe molta acu agus go bhféadfaí an obair a dhéanamh níos sciobtha.

Ní raibh an luas a raibh an bille ag dul trí Thithe an Oireachtais “sásúil in aon chor”, a dúirt Chambers san earrach.

In ainneoin an easaontais sin d’aontaigh Teachtaí Dála de chuid an Rialtais agus de chuid an fhreasúra go ndearnadh dul chun cinn maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú ag Céim an Choiste.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “údar díomá” a bheadh ann mura ndéanfaí an bille leasaithe a achtú roimh shos an tsamhraidh ach dúirt go raibh sé “níos tábhachtaí go ndéanfaí i gceart é”. Ba é an rud ba mheasa a d’fhéadfadh tarlú, a dúirt sé, ná go mbrúfaí tríd Bille lochtach faoi dheifir.

Beidh go leor ag brath ag an gcéad chéim eile ar an éireoidh le Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, beart de réir a bhriathair a dhéanamh.

Cé nár glacadh ach le sé cinn de na leasuithe ar fad a moladh ar an mBille Teanga ag Céim an Choiste, gheall Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfadh sé moltaí dá chuid féin i leith os cionn dhá scór leasú eile.

Dúirt an tAire Stáit go bhfillfeadh sé le leasuithe reachtaíochta i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta agus margaíochta, i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine agus i gcuid mhaith cásanna eile.

I measc na laigí ba mhó a bhí á lua leis an mBille, bhí an doiléire maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030 agus gan foráil láidir a bheith ann a chinnteodh go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

I gcás sprioc an 20%, ghéill an tAire Stáit go raibh gá le foráil níos láidre agus dúirt sé go molfadh sé leasú nua a chinnteoidh go mbeidh sprioc shoiléir sa dlí go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh le lear mór moltaí i dtaobh chás na Gaeltachta, áfach.

Dhiúltaigh sé do na leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht ach go raibh imní air go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos ag an tráth seo.

Fág freagra ar 'Imní faoi mhoill eile ar an mbille teanga i dTithe an Oireachtais'

  • Ciarán Ó Cofaigh

    Tá an plean ag oibriú go breá. Ar a méar fhada arís agus an Ghaeilge ag sleamhnú isteach sa gcónra. Feachtas ‘Marú na Gaeilge’ ag déanamh thar cionn. Comhghairdeas libh!

  • Eimear

    Cur i gcéill an stáit chórais. Ach an oiread leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, is i gCré na Cille a bheas aon rud a bhaineann leis an teanga. Maorlathas seachas fís!