Tá bille teanga níos láidre agus athbhunú thoghchán Údarás na Gaeltachta i measc na mbeartas atá luaite sa dréachtchlár rialtais atá curtha i dtoll a chéile ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas.
Polasaithe ar fógraíodh cheana iad cuid de na geallúintí is mó faoin teanga sa cháipéis nua.
Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir go ngealltar sa cháipéis, mar shampla, polasaí d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, polasaí a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite.
Is é an sprioc a d’fhógair McHugh leis an bpolasaí sin ná líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana.
Cé go bhfuil an sprioc uaillmhianach sin ina pholasaí ag an Roinn Oideachais cheana, is cinnte go gcuirfidh eagraíochtaí teanga agus gaeloideachais fáilte roimh an scéala go bhfuil sí luaite chomh maith sa dréachtchlár rialtais.
Tuairiscítear go ngealltar sa dréachtchlár rialtais chomh maith go dtógfar ionaid Ghaeilge ar fud na tíre, geallúint a tugadh dhá bhliain ó shin in Project Ireland 2040, cé gur beag dul chun cinn atá déanta ina taobh ó shin.
Nuair a foilsíodh Project Ireland 2040, dúradh go gcuirfí €13 milliún den €178 milliún atá luaite le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán ar fáil le lárionad Gaeilge nua a bhunú i mBaile Átha Cliath agus ionaid Ghaeilge a fhorbairt sna 16 baile atá aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus i gceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge.
Chuirfí €4 milliún ar leataobh sa phlean don lárionad nua i mBaile Átha Cliath, a dúradh ag an am.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn aréir gur chosúil nach raibh aon “rud nua” ag baint le cuid de na geallúintí sa cháipéis. Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh níos mó faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht inti ná mar a tuairiscíodh go dtí seo.
Deirtear sa dréachtchlár rialtais nua freisin go ndéanfar athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán an údaráis.
Fianna Fáil is mó a bhí ag éileamh a leithéid. Dúirt Micheál Martin le Tuairisc.ie níos túisce i mbliana go dtabharfadh a pháirtí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta dá mbeidís i gcumhacht i ndiaidh an olltoghcháin.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil go raibh sé féin agus a pháirtí “tiomanta go huile agus go hiomlán” do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís.
Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.
Táthar le maoiniú breise a gheallúint d’Údarás na Gaeltachta chomh maith mar chuid den phlean tarrthála chun dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta i ndiaidh na paindéime Covid-19.
Tuairiscíodh le linn na gcainteanna bunaithe rialtais gur thacaigh gach páirtí leis an éileamh go neartófaí an bille teanga a foilsíodh anuraidh chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá bille teanga níos láidre geallta roimh dheireadh na bliana sa cháipéis.
Pléadh chomh maith le linn na gcainteanna an t-éileamh atá á dhéanamh le fada ag Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile go mbeadh aire sinsearach don Ghaeltacht sa Rialtas.
Tuigtear nár thángthas ar aon chomhréiteach idir na páirtithe faoin gceist sin agus meastar gurb iad ceannairí na bpáirtithe a shocróidh cad a tharlóidh sa chás sin nuair a bheidh leagan amach an rialtais á phlé acu sna laethanta amach romhainn.
Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 go bhfuil sé i gceist anois go ndéanfaí “athbhreithniú rialta” ar an sprioc go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
Tá éileamh déanta cheana ag an gCoimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile go luafaí spriocdháta cinnte ó thaobh cúrsaí earcaíochta sa bhille.
Fág freagra ar 'Bille teanga níos láidre agus toghchán d’Údarás na Gaeltachta luaite i gclár rialtais'