D’fhéadfaí síneadh ama a chur le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste 

Dúirt an tAire Oideachais sa Dáil go raibh breithniú á dhéanamh ag oifigigh ina Roinn ar ‘raon beartas’ chun spreagadh a thabhairt do dhaoine cúrsa nua Gaeilge a dhéanamh ach níor luaigh sí marcanna bónais

D’fhéadfaí síneadh ama a chur le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste 

Tá géillte ag an Aire Oideachais den chéad uair go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun faoi láthair faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla.

An mhí seo caite, dhiúltaigh an tAire Norma Foley d’éileamh stop a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin atá á dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar na siollabais nua atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Tá eagraíochtaí teanga agus oideachais ag éileamh ar an Aire go gcuirfí stop leis an gcomhairliúcháin go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach cúpla bliain ó shin. Tá imní léirithe freisin faoi thionchar na paindéime Covid-19 ar an bpróiseas comhairliúcháin.

Dúirt an tAire Foley roimhe seo go raibh níos mó ama curtha i leataobh chun an próiseas a chur i gcrích ná mar ba ghnách ach sa ráiteas is déanaí uaithi faoin scéal dúirt sí go bhféadfadh go mbeadh breis ama ag teastáil.

“Tá an comhairliúchán le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh Lúnasa, agus an fhéidearthacht ann an amlíne a shíneadh,” a dúirt an Aire.

Bhí an tAire Foley ag freagairt ceiste ó Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, maidir le suirbhé inar tugadh le fios go raibh go leor muinteoirí Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí an próiseas comhairliúcháin siar.

Chreid 95% den bhreis is 400 múinteoir a ghlac páirt i suirbhé An Gréasán gur cheart an comhairliúcháin a chur siar go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús. 

Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Greasán, le Tuairisc.ie gur gcuirfeadh an eagraíocht fáilte roimh shíneadh ama ach gur “dea-chleachtas” a bheadh ann an próiseas a chur ar athlá go dtí go mbeadh measúnú déanta ar na hathruithe a rinneadh ar chúrsa na Gaeilge don Teastas Sóisearach.

“Chuirfeadh muid fáilte roimhe cinnte ach síleann muid, i ndáiríre, go bhfuil gá leis an chomhairliúchán a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús agus léiríodh sin sa suirbhé.

“Tá buncheisteanna le freagairt maidir leis an chúrsa sin agus tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar na fadhbanna atá leis an chúrsa sin, amharc ar céad a d’oibrigh go maith, céard ar cheart dúinn a fheabhsú agus céard iad na himpleachtaí a bheadh aige sin ar sonraíochtaí na Sraithe Sinsearaí. Bheadh sin ag teacht le dea-chleachtas.”

Tá sé beartaithe dhá shiollabas nua – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla – a thabhairt isteach do chúrsa Gaeilge na hArdteiste ach tá imní léirithe nach mbeidh cúiteamh chuí ann do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa níos deacra.

Dúirt an tAire Oideachais sa Dáil go raibh breithniú á dhéanamh ag oifigigh ina Roinn ar “raon beartas” chun spreagadh a thabhairt do dhaoine an cúrsa T1 a dhéanamh.

“Áirítear leo seo scéim sparánachta tríú leibhéal a thabhairt isteach agus 10% d’áiteanna sna cláir Oideachais Tosaigh do Mhúinteoirí go léir a chur in áirithe do scoláirí a shroicheann nó a sháraíonn tairseach ghráid a shonraítear sa tsonraíocht churaclaim T1,” arsa an tAire Foley.

Níor luaigh sí, áfach, marcanna bónais, an beartas is minice a luaitear chun an fhadhb a réiteach. 

Dúirt Shane Ó Coinn gur údár díomá dó nach raibh marcanna bónais i measc na mbeartas a luaigh an tAire.

“Má tá tú ag dul le daltaí a mhealladh leis an chúrsa T1 a dhéanamh, tá sé deacair amharc ar bhealach ar bith eile go bhféadfaí é sin a dhéanamh go rathúil ach pointí bónais a thabhairt isteach.

“Tá freagra na ceiste de dhíth sula mbogaimid ar aghaidh leis an chomharliúchán seo. Tá easpa eolais ann. Go dtí go bhfuil réiteach na faidhbe sin ann, go bhfaightear amach cén cúiteamh nó spreagadh atá ann do dhaltaí T1, tá sé an-deacair na sonraíochtaí seo a mheas,” arsa Ó Coinn.

Chuir sé fáilte roimh na moltaí a luaigh an tAire amhail sparánachtaí ach mheas sé nár leor iad.

“Tá tú ag amharc ar mhionlach an-bheag ansin, a gheobhadh sparánacht. Ní dóigh liom féin gur leor é sin le bunús na ndaltaí a mhealladh leis an chúrsa T1 a thógáil.

“Tá buairt atá ann ná gur teip a bheadh i ndán don chúrsa nua mura bhfuil spreagadh agus cúiteamh ar fáil.”

Tá moltaí a luaigh an tAIre faoi sparánachtaí agus áiteanna a chur ar leataobh do dhaltaí T1 sna coláistí oiliúna luaite cheana féin sa Phlean Oideachais don Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'D’fhéadfaí síneadh ama a chur le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste '

  • Peadar

    An iad seo na hEagruis céanna atá freagrach as T1 agus a rinne stocaireacht thar bhlianta fada chun T1 a bheith ann? Cén chúis go bhfuileadar i gcoinne T1 anois? Tá pobal na Gaeilge scriosta acu de bharr T1 & T2.

  • Seán O Cuillin

    Táim ag ceapadh gur beag spreagadh a bheadh ann d’iarrthóirí an cúrsa T1 a dhéanamh ach amháin dóibh siúd a bheadh ar thóir bunmhúinteoireacht a dhéanamh. Más amhlaidh, an bhfuilimid ag filleadh ar an tseanchóras ina mbíodh na coláistí ullmhúcháin ann?

  • Bríd

    An dream a bhrúigh an T1 le 10 mbliana anuas agus a chruthaigh scoilt idir scoileanna T1 & scoileanna T2, tádar ar na meáin anois ag iarraidh cúlú ar an dochar atá déanta acu…an-Ghaelach!!!!