Pádraic Ó Conaire, an nuacht bhréige agus fear an Advertiser

Labhair ár gcolúnaí le Declan Varney, eagarthóir an Galway Advertiser faoi ghnó na nuachta agus na bréagnuachta

Pádraic Ó Conaire, an nuacht bhréige agus fear an Advertiser

Tá an ‘Nuacht Bhréige’ ag déanamh tinnis dom le scaitheamh. Fiú agus mé á scríobh seo, tá scéal nuachta a bhí ‘te bruite’ ar maidin á bhréagnú anois ar an raidió ag am lóin.

Céard a chreidfimid feasta – na nuachtáin mhóra a bhfuil stair agus stádas acu? Na bealaí cumarsáide ‘seirbhíse poiblí’? Na meáin shóisialta?

Nuair a chuir mé glaoch ar mo sheanchara Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser le labhairt leis faoi shaol an eagarthóra agus faoina bhfuil i ndán don nuachtán áitiúil, is beag a shíl mé go mbeadh scéal aige faoin ‘nuacht bhréige’ agus go mbeadh sé féin sáite ina chroílár. Ach fillfidh mé air sin.

Tá Declan ina eagarthóir le 20 bliain anois – roimhe sin d’oibrigh sé le go leor páipéar réigiúnach eile san iarthar chomh maith le seirbhísí nuachta eile náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Bhí mé ag iarraidh labhairt leis faoi thodhchaí na bpáipéar nuachta, tar éis dom scéal a fheiceáil a bhain le páipéar i Meiriceá atá ar an saol ó 1764.

Is cosúil go bhfuil an Hartford Courant, páipéar in Connecticut, i mbaol mór. Is le ciste fálaithe nó ‘hedge fund’ anois é (dream eile atá go mór sa nuacht na laethanta seo). Díreach roimh an Nollaig dhíol siad an foirgneamh agus gach ar bhain leis an bpáipéar. ‘It’s a real estate matter,’ a dúirt siad.

Tá baicle bheag iriseoirí as an 400 a d’oibrigh leis tráth fós ag obair ar an Courant – ón mbaile, ar ndóigh. Páipéar stairiúil é – chuir George Washington fógra ann tráth, ag iarraidh cuid dá eastát talún, Mount Vernon, a dhíol.

Ach tá an saol ag athrú. Díoltar páipéir ar nós earraí ar bith eile ar an margadh agus athraíonn an úinéireacht go minic.

Tá an t-ádh ar an Galway Advertiser gur leis na húinéirí céanna é, Muintir Uí Ghormáin, ón uair ar bunaíodh é breis is 50 bliain ó shin. Agus cé gur iomaí uair a tháinig dreamanna éagsúla ag iarraidh é a cheannach, dhiúltaigh Ronnie Ó Gormáin, Cathaoirleach an Bhoird, é a scaoileadh uaidh.

Bhí an páipéar nua-aoiseach nuair a bunaíodh é – bhí sé saor in aisce, gach rud bunaithe ar fhógraíocht. Ní dhíoltar aon chóip, ná ní fhaigheann sé aon chabhair ó fhoinsí stáit.

‘Tá solúbthacht againne nach bhfuil ag dreamanna eile,’ a deir Declan Varley. ‘Táimid in ann ár rogha líon leathanach a chur sa bpáipéar seachtain ar bith, ag brath ar fhógraíocht.’

Idir an Galway Advertiser, an Athlone Advertiser agus an Mayo Advertiser, cuirtear 100,000 páipéar i gcló gach seachtain, 55,000 díobh sin do Ghaillimh amháin. Agus toisc go gcuirtear an páipéar isteach i mboscaí litreach na dtithe – tá siad in ann a ghealladh dá gcuid fógróirí go bhfeicfidh an líon sin daoine a gcuid fógraí.

De réir suirbhé de chuid Ipsos, deir 90% de mhuintir na Gaillimhe go bhfeiceann siad an Advertiser gach seachtain.

Hildegarde Naughton agus Leo Varadkar ag léamh an Galway Advertiser. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Chuimhnigh mé ar Declan an tseachtain seo caite nuair a chonaic mé an scéal faoin Hartford Courant bocht. Bhí mé díreach tar éis alt a choimisiúnaigh sé a léamh ar líne agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

D’iarr sé ar Valerie Leahy alt a scríobh faoina taithí féin maidir leis an ngalar Covid-19.

Scríobh sí alt láidir ionraic faoin méid a thit amach ina clann féin nuair a bhuail an galar iad agus nuair a fuair a hathair bás leis, tamall gearr ó shin.

Ar chuma éigin, bhí an cuntas ní ba láidre toisc gurb í an duine lenar bhain an scéal a scríobh é. Ní cheapfainn go mbeadh an éifeacht chéanna leis dá scríobhfadh iriseoir é.

‘Bíonn an léitheoir ag iarraidh rud éigin difriúil anois,” arsa Declan. “Ní ghlactar a thuilleadh leis an seanrud a cuireadh amach fadó.’

Is breá leis píosaí a choimisiúnú ón bpobal – síleann sé go spreagann sé níos mó fírinne agus mothúchán níos doimhne ar an gcaoi seo.

Rinne sé an rud céanna tar éis an scéal mór a bhain leis an dá chailín a chuaigh ar iarraidh ar na boird phadlála an samhradh seo caite. Páipéar seachtainiúil a thagann amach ar an Déardaoin é an Advertiser agus nuair a ‘bhris’ an scéal oíche Déardaoin cuireadh amach ar líne é.

Ina dhiaidh sin, d’iarr sé ar an gclann, nuair a bhí an dráma a bhain leis an tarrtháil mhíorúilteach thart, litir a scríobh ag glacadh buíochais leis na dreamanna ar fad a tháinig i gcabhair ar na cailíní.

‘Chuaigh mé i dteagmháil leis an dá chlann,’ a dúirt sé ‘agus thug mé ardán dóibh lena gcuid smaointe a chur in iúl.’

Cheap sé gur fearr i bhfad a chuaigh na focail bhuíochais sin i bhfeidhm ná mar a dhéanfadh dá mbeadh siad ‘i bhfoirm‘liosta’ in alt nuachta.

‘Áit mhór nuachta é Gaillimh,’ a deir Declan. ‘Cheapfainn gur mó scéalta a thagann as Gaillimh ná cathair ar bith eile, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.’ Luann sé scéal na gcailíní sin thuas, na stoirmeacha, na tuilte, ‘Golfgate,’ Ionad na Máithreacha agus na bPáistí i dTuaim mar shamplaí de na scéalta náisiúnta sa Ghaillimh anuraidh.

Rud a thugann mé go dtí an ‘nuacht bhréige’ a raibh baint aige féin leis. Agus ní hé amháin sin ach bhí ceangal láidir aige le litríocht na Gaeilge.

Blianta ó shin, agus é tinn tuirseach de na ‘scéalta nuachta’ ar fad a bhí á scaipeadh faoi pheileadóirí sacair le linn an tséasúir aistrithe, chinn sé ar chleas dá chuid féin.

Chumfadh sé scéal faoi imreoir bréige sacair, a d’fhéadfadh aistriú go club mór peile, go bhfeicfeadh sé cé chomh fada agus a d’imeodh an ‘scéal nuachta’ faoi.

Ag breathnú amach an fhuinneog, mar is dual dó, chonaic sé dealbh Phádraic Uí Chonaire thíos faoi. Chuimhnigh sé ar a leabhar cáiliúil M’Asal Beag Dubh.

Agus leis sin, cuireadh tús le saol an imreora iontaigh sacair as an Mholdóiv, Masal Bugduv.

Níor chuir sé an scéal i bpáipéar ar bith ach chuir sé tús leis an ‘scéal nuachta’ ar líne – chuir sé an síol le beathaisnéis ‘bhréige’ ar shuíomh Wikipedia na Moldóive, agus lig sé don scéal fás ar líne. Bheadh sé an-sásta, cheap sé, dá luafaí é 1,000 uair.

Ní hé amháin gur scaip an scéal, ach chuaigh sé chomh fada sin gur foilsíodh i Times Shasana é, áit ar scaip sé chuig na mílte páipéar eile a bhí ceangailte leo.

D’ainmnigh siad Masal mar dhuine de ‘Top 30’ imreoirí sacair, dar leo. Bhí sé luaite in altanna le Fifa, fiú.

Thóg sé tamall maith sular frítheadh amach nach raibh bunús ar bith leis an scéal agus ní dhearna sé aon dochar d’éinne.

Nuair a thit an tóin as an scéal, d’ainmnigh an New York Times é mar ‘an second biggest sports hoax of all time’ agus altanna foilsithe acu féin faoi.

Cúpla bliain ó shin, nuair a d’imir an Fhrainc agus an Mholdóiv in aghaidh a chéile i bPáras, ba é geansaí ‘Masal Bugduv’ an geansaí ba mhó díol d’fhoireann na Moldóive taobh amuigh den staid pheile. Cheannaigh cara le Declan an geansaí dó.

Agus an mbeidh an Galway Advertiser féin fós beo sna blianta amach anseo nuair a bheas gach duine ag brath ar na meáin dhigiteacha don nuacht?

‘Chomh cinnte is atá mé anseo,’ a mhaíonn Declan, ‘beimid ann agus ag ceiliúradh 100 bliain ar an bhfód. Tá luí againn lenár bpobal, tá dóchas againn as Gaillimh – tiocfaimid slán as an bpaindéim seo. Agus beidh an chathair níos fearr as toisc go mbeidh an pobal ag caitheamh go leor ama amuigh faoin aer. Tá an chathair réidh – agus anseo san Advertiser, táimidne réidh le tacú leis an iarracht sin.’

Fág freagra ar 'Pádraic Ó Conaire, an nuacht bhréige agus fear an Advertiser'