Cluiche den scoth romhainn ar pháirc Thuamhan

Tabharfaidh Cúige Mumhan agus Cúige Laighean faoina chéile inniu ar pháirc Thuamhan

Cluiche den scoth romhainn ar pháirc Thuamhan

Pictiúr: INPHO/James Crombie

De bharr imní a bheith ar rialtas na Fraince i dtaobh an Covid, chuir siad cosc ar chlubanna na tíre sin imirt i gCorn na gCuradh le dhá dheireadh seachtaine. D’fhág sin deis ag lucht bainistíochta an Pro 14 cluichí a bhí ar athlá a imirt.

Ní hamháin go mbeidh lucht leanta rugbaí sásta go mbeidh cluichí beo acu le breathnú orthu inniu agus amárach seo ach ar a laghad beidh deis imeartha ag roinnt dá gcuid imreoirí sinsearacha roimh thús Chomórtas na Sé Náisiún faoi cheann coicíse.

Tabharfaidh Cúige Mumhan agus Cúige Laighean faoina chéile inniu ar pháirc Thuamhan i gcluiche atá ar athlá ó Lá’l Stiofáin. Is mór an peaca nach mbeidh cead ag lucht féachana freastal ar an gcluiche seo mar den chéad uair le fada an lá beidh an dá fhoireann bainistíochta ag cur a gcéad rogha imreoirí chun páirce i gcluiche réamhbhabhta den Pro 14. Fágann sin go mbeidh neart imreoirí idirnáisiúnta ag imirt i Luimneach tráthnóna inniu agus iad ag iarraidh an deis a thapú sula roghnófar foireann na hÉireann don chéad chluiche Sé Náisiún i gcoinne na Breataine Bige faoi cheann coicíse.

Is fiú a mheabhrú nach bhfuil ach cluiche amháin caillte ag an dá fhoireann seo as na naoi gcluiche a d’imir siad go dtí seo sa bPro 14. Tá Cúige Laighean sa dara háit i nGrúpa A, iad cúig phointe taobh thiar de na hUltaigh atá ar a bharr, ach tá dhá chluiche le spáráil ag Cúige Laighean. Ciallaíonn sin go mbeidh fir Leo Cullen ar a míle dícheall le filleadh arís go barr an ghrúpa.

Tá an spreagadh céanna ag na Muimhnigh a bheas ag iarraidh cur leis an gcuriarracht atá acu agus iad ag imirt sa mbaile, áit nár chaill siad cluiche ar bith i gcomórtas na bliana seo. Tá go leor ag brath ar thoradh an chluiche seo, rud a chinnteoidh go mbeidh cluiche crua agus thar a bheith fisiciúil againn ón tús. Tá mise den tuairim go mbeidh an lá le pé foireann a bheas in uachtar sa bpaca ach caithfear sin a dhéanamh thar ochtó nóiméad, rud nach mbeidh éasca.

Ní iontas ar bith é go bhfuil suim ar fud na cruinne sa gcluiche seo.

Cuirfidh Cúige Chonnacht fáilte roimh na hOspreys amárach ar an mBóthar Beag. Tá foireann na Gaillimhe sa dara háit i nGrúpa B, aon phointe dhéag taobh thiar de na Muimhnigh, an fhoireann atá in uachtar.

Sa gcás go gcaillfidh na Muimhnigh inniu agus má bhíonn an lámh in uachtar ag Connachta amárach, cuirfidh siad brú damanta ar fhoireann Luimnigh agus gan ach cúpla cluiche fágtha le n-imirt sa gcomórtas. Is léir gur spreagadh iontach é sin do Andy Friend agus dá fhoireann – fios maith acu má chailleann siad i gcoinne na nOspreys go mbeidh a rás rite nach mór.

Fágann sin dúshlán mór roimh na cuairteoirí, foireann atá sa tríú háit i nGrúpa A ach iad i bhfad taobh thiar d’Ulaidh agus Laighin, an dream atá ar a bharr. Ní dóigh go bhfuil seans na ngrást acu barr an tábla a bhaint amach ach an mbeidh Cúige Chonnacht in ann teacht i dtír air sin?

Bhuel, ba cheart go mbeadh, sin má imríonn siad mar a rinne siad le gairid i gcoinne Laighean agus na Mumhan.

Tá mise ag tuar bua baile eile do Chonnachta.

Fág freagra ar 'Cluiche den scoth romhainn ar pháirc Thuamhan'