Na rudaí is tábhachtaí sa tsaol – cineáltas, cairdeas, grá, Gaoluinn agus barróga!

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2021 le Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Na rudaí is tábhachtaí sa tsaol – cineáltas, cairdeas, grá, Gaoluinn agus barróga!

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2021?

Ba mhaith liom deis a fháil níos mó ama a chaitheamh le mo chlann i gCiarraí.  Chaith mo mháthair seal an-fhada san ospidéal i gCorcaigh i rith na bliana seo agus tá sí tagtha abhaile díreach in am chun an Nollaig a cheiliúradh linn.  Le linn na tréimhse a chaith sí san ospidéal, níor chaill sí misneach riamh agus táimid chomh sásta go bhfuil sí ’ge baile anois arís linn.  Tá m’iníon, May ag súil go mór le níos mó ama a chaitheamh i gCiarraí le Nan agus Gag, lena col ceathracha agus a gadhairín nua! Táim chun iarracht eile a dhéanamh tosú ag rith! (den bhfichiú huair!)

May agus a gadhairín nua

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

An rud is mó go bhfuilim ag súil leis ná go mbeidh gach duine timpeall orm sláintiúil agus sásta agus go mbeidh deis againn taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile arís, gan aon eagla orainn faoi Covid-19 -go mbeimid in ann barróg a thabhairt dá chéile. Tá sé mínádúrtha gan a bheith in ann a leithéid a dhéanamh, go háirithe an t-am seo den bhliain.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Ní gnách dom a bheith ag smaoineamh ar rudaí diúltacha, ach tá imní orm go mbeidh ordú dianghlasála eile i ndán dúinn tar éis na Nollag.  Tuigim go gcaithfimid ar fad foighne a bheith againn leis an víreas céanna, ach táim breoite den rud ar fad faoin dtráth seo agus táim cinnte nach bhfuilim liom fhéin ar an gceann san.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Tabharfaidh sé ardú croí dom bheith in ann rudaí mar seo a dhéanamh i Samhradh 2021 –  an chlann agus col ceathracha ag caitheamh an lae ar an bhfarraige, aimsir aoibhinn, bia deas, leanaí ag imeacht fiáin – comhluadar álainn. Is maith é Labhrás (mo dheartháir) agus a bháidín – Séamus Óg!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2021?

Dearcadh agus cur chuige mhuintir na hÉireann le linn na tréimhsí dianghlasála Covid-19 is mó a spreag an dóchas ionam in 2020 agus bheinn ag súil go bhfuilimid tar éis ceacht a fhoghlaim faoi na rudaí is tábhachtaí sa tsaol – cineáltas, cairdeas agus grá a thabhairt dá chéile…agus gan dabht é sin ar fad a dhéanamh trí Ghaoluinn!

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2021?

An rud is tábhachtaí domsa ná go stopfadh an gadhairín ag ól mo chupa tae! Anuas air sin? Liosta atá rófhada!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2021, céard a d’athrófá?

Creidim go bhfuilimid róshaibhir mar thír chun go mbeadh liostaí feithimh chomh fada leis an lá amárach againn agus daoine gan bia ná dídean.

Fág freagra ar 'Na rudaí is tábhachtaí sa tsaol – cineáltas, cairdeas, grá, Gaoluinn agus barróga!'

  • Pat Butler

    Mo ghreidhn thú a Niamh! Píosa atá beo leis an ngile spraoiúil. Tá do chroí sa áit cheart. Sin an cur chuige a sheolfaidh sinn slán tré na ráige is déanaí agus amach arís ar an dtaobh eile de.