Cibé, Nollaig shona agus nára fada go raibh muid saor ar mhascanna

Bímis ag súil go mbeimis saor ó mhasc sula fada, idir an dá linn glacaigí síntiús leis An Timire!

Cibé, Nollaig shona agus nára fada go raibh muid saor ar mhascanna

An féirín is mó ba mhaith liom an Nollaig seo nach mbeadh orm masc a chaitheamh arís eile. Bím an-mhíchompordach á gcaitheamh. Tá drochnóisean agam do mhascanna ó tharla mé istigh sa bhanc in iarthar Bhéal Feirste, le linn an drochshaoil, agus tháing beirt diúlach isteach agus púicíní orthu – agus gan iomrá ar Covid-19 an t-am sin ar chor ar bith.

Bhí gunna i lámha duine amháin acu agus mála plaisteach i lámha an duine eile; leis an airgead nár leis a thabhairt amach as an bhanc. Mise an t-aon chustaiméir amháin a bhí ann ag an am agus rinne fir na bpúicíní neamhiontas díom. Níor shonraigh siad bagairt ar bith ionam agus is acu a bhí an ceart. Fuair siad a gcuid airgid, d’fhág lucht an bhainc fríd a chéile agus mise le hábhar scéil: “Mum, you’ll never guess what just happened to me today…”

(Dála an scéil, ná smaointigh go mbeidh fonn ort troid a chur ar robálaithe bainc, go líonfaidh spiorad Dirty Harry do chroí agus sponc John McClane d’anam agus go rachaidh tú all yippee kayee, a mháthairfhocóir, agus dúshlán fhir na bpúicíní a thabhairt. Ní líonfaidh agus ní thabharfaidh. Cuireann gunna múineadh ort nach gcreidfeá. Sa chás go mbíonn tú riamh gafa i robáil sheanfhaiseanta bainc, tabhair an t-airgead don fhear a bhfuil an gunna aige. Is é an polasaí is fearr é, an cur chuige is ciallmhaire, an beart is éifeachtaí. B’fhearr scéal ná scaoileadh. Ná déan dearmad ar an ghaois sin!)

Mar sin féin, is é an chuid is measa den scéal go raibh trua an domhain agam ó shin don fhear faoi phúicín a raibh an mála beag plaisteach aige. I ndáiríre, má tá tú le banc a robáil, ba mhaith leat gunna, nár mhaith? Ba mhaith leat an gunna is mó atá le fáil. Ba mhaith leat go mbeifeá ar nós baill de chriú Robert de Niro in Heat. Faraor, caithfidh sé nach raibh fear an mhála eolach ar ghunnaí agus gur ar an ábhar sin a tugadh mála plaisteach dó.

Chuir sé radharc as An Druma Mór i gcuimhne dom, mír bheag ina dtugtar ar leaid óg an triangle a thógáil sa bhanna ceoil, an gléas is lú meas. Fear an triangle a bhí i bhfear an mhála gan amhras. Do bharúil, cad é a d’éirigh dó sa deireadh? An bhfuair sé mian a chroí agus deis ar an Druma, mar a déarfá?

Seans mór go bhfuil díchuimhne agam ar an mhála chéanna, nó go bhfuil an chuimhne ag bualadh bob orm – an tráma, an dtuigeann tú – ach tá mé beagnach cinnte de gur mála plaisteach de chuid Curley’s a bhí ann, ollmhargadh áitiúil in iarthar Bhéal Feirste. Ní chuige sin a tugadh amach málaí Curley’s, féadaim a rá. Is ar an ábhar sin a chuireann mascanna eagla orm. Agus, féach, caithfidh tú masc a chur ort féin anois agus tú ag dul isteach sa bhanc! Tá an saol bunoscionn, gan cheist.

Cibé, Nollaig shona agus nára fada go raibh muid saor ar mhascanna.

An Timire chun tosaigh

Dála an scéil, má tá tú ag smaointeamh ar rún a dhéanamh don Bhliain Nua, b’fhéidir go smaointeofá ar shíntiús a thabhairt do An Timire?

Tá obair mhór déanta ag an eagarthóir, Frainc Mac Brádaigh, SJ, agus a leathbhádóir, Fionnuala Mac Aodha, leis an iris a fhorbairt. Is cinnte go gcuirfeadh siad fáilte roimh chúpla cóip sa bhreis a dhíol.

Tá gearrscéal nua le Biddy Jenkinson, ‘Ó Duinnín agus an Turcaí is Fearr in Éirinn’; léirmheas ar an fhoclóir nua Béarla-Gaeilge leis an Ollamh Michéal Mac Craith; saothar nua le Gabriel Rosenstock, ‘Tenali Raman agus an Cat’; alt ag Donncha Ó hÉallaithe, ‘Gaeltacht Bheo’ agus ábhar machnaimh agus diagachta le Pádraig Ó Cairbre, SJ, agus le hEdmond Grace, SJ; san eagrán reatha.

Lón léitheoireachta gan cheist.

Sa chás nach bhfuil cúpla euro le spáráil agat, thiocfadh leat teagmháil a dhéanamh leo agus cuidiú leis an fhiontar. Tá an iris á foilsiú le 110 bliain agus is í an iris is faide réim sa teanga í. Chuirfeadh lucht a foilsithe fáilte roimh chúnamh deonach i réimsí na margaíochta, cumarsáide, ríomhaireachta agus fiontraíochta.

35 bliain ó shin a thosaigh mé féin ag obair go deonach san iriseoireacht. Scríobh mé chuig eagarthóir irise, ag moladh dó gur chóir ábhar i nGaeilge agus faoin Ghaeilge a fhoilsiú ar an iris. D’iarr sé orm a dhéanamh. Seo mé i mbun pinn go fóill. Moltar irisí agus na deiseanna a thugann siad. Eolas: www.timire.ieantimire@gmail.com

Fág freagra ar 'Cibé, Nollaig shona agus nára fada go raibh muid saor ar mhascanna'

  • Poraic o'hEipicín

    Is focal béarla masc.
    An focal as Gaeilge ná Puicín.

  • Poraic o'hEipicín

    Mo sheacht mallacht déarg oraibh.

  • Séamas Ó Scolaí

    Ar chuala tú trácht ar Aghaidh Fidil riamh?