Ronaldo le teacht go Baile Átha Cliath agus an tarraingt déanta do chomórtas cáilithe Chorn an Domhain

Bainfidh an fhoireann a chríochnóidh ar bharr an ghrúpa áit amach i gCorn an Domhain agus rachaidh an fhoireann a bheidh sa dara háit isteach i mbabhtaí cáilithe eile

Ronaldo le teacht go Baile Átha Cliath agus an tarraingt déanta do chomórtas cáilithe Chorn an Domhain

James McClean agus Cristiano Ronaldo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Beidh an Phortaingéil, an tSeirbia, Lucsamburg agus an Asarbaiseáin sa ghrúpa céanna le hÉirinn sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain 2022.

Rinneadh an tarraingt tráthnóna in Zurich agus cuireadh foireann Stephen Kenny i nGrúpa A. Is i bPota 3 a bhí Éire don tarraingt.

Bainfidh an fhoireann a chríochnóidh ar bharr an ghrúpa áit amach i gCorn an Domhain agus rachaidh an fhoireann a bheidh sa dara háit isteach i mbabhtaí cáilithe eile.

Is í an Phortaingéil an fhoireann is láidre sa ghrúpa agus iad sa chúigiú háit i rangú domhanda FIFA i láthair na huaire. Tá an tSeirbia sa 30ú áit, sa 98ú áit atá Lucsamburg agus tá an Asarbaiseáin sa 109ú áit. Is sa 42ú áit atá Éire faoi láthair.

Tá sé bliana ann ó d’imir Éire i gcoinne na Portaingéile agus ba 2001 an uair dheireanach gur chas na foirne sin ar a chéile i gcluiche iomaíoch. Chríochnaigh na foirne ar comhscór faoi dhó i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain 2002.

D’imir Éire agus an tSeirbia i gcoinne a chéile i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain 2018. Cluiche comhscóir, 2-2, a bhí ann sa Bhéalgrád agus bhuaigh an tSeirbia 1-0 i mBaile Átha Cliath.

Tá 33 bliain ann ó d’imir Éire i gcoinne Lucsamburg agus níor imir siad riamh i gcoinne na hAsarbaiseáine.

Tá Tuaisceart Éireann i nGrúpa C leis an Iodáil, an Eilvéis, an Bhulgáir agus an Liotuáin.

Reáchtálfar Corn an Domhain 2022 i gCatar. Den chéad uair riamh, ní imreofar an comórtas i lár na bliana tráth a mbeadh an aimsir ann róthe. Beidh an comórtas ar siúl idir an 21 Samhain agus an 18 Nollaig.

Chríochnaigh Éire sa tríú háit i nGrúpa D sa chomórtas cáilithe do EURO 2020 agus chríochnaigh siad sa tríú háit, ag bun an tábla, i nGrúpa B4 i Sraith na Náisiún.

Tá ocht gcluiche imeartha ag Éirinn faoi cheannas Stephen Kenny agus gan aon cheann buaite fós acu. Níor scóráil siad ach aon chúl amháin sna cluichí sin.

Fág freagra ar 'Ronaldo le teacht go Baile Átha Cliath agus an tarraingt déanta do chomórtas cáilithe Chorn an Domhain'