Is léir nach dtuigeann Sinn Féin ná an DUP an íoróin

Tá éiric na siléige á baint ag an Covid-19, tá an ráta i bhfad ró-ard agus na polaiteoirí in adharca a chéile in áit a bheith dírithe ar an víreas a threascairt

Is léir nach dtuigeann Sinn Féin ná an DUP an íoróin

Ní raibh blas den íoróin i nglór an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, san Tionól in Stormont nuair a d’achainigh sí ar gach aon duine cloí leis na treoirlínte chun scaipeadh an choróinvíris a smachtú. B’fhurasta an bolgán cainte os cionn cloigne a shamhlú – ‘sochraid Bobby Storey’.

Is fíor go bhfuil sé cúig mhí ó d’fhreastail O’Neill agus scuaine dá comhghleacaithe as Sinn Féin ar an tsochraid sin in ainneoin na dtreoirlínte a chuir teorainn ar líon na ndaoine ar shochraidí agus bac ar chairde na marbh freastal orthu. Is fíor freisin gur admhaigh O’Neill tamall ó shin go ndearna an chonspóid faoin tsochraid dochar do theachtaireacht an Fheidhmeannais faoin tsláinte phoiblí. Táthar ag fanacht le faisnéis ón PSNI faoin bhfiosrú mar gheall ar an eachtra.

Bhí an LeasChéad-Aire ag freagairt ceisteanna ó Theachtaí Tionóil faoin bpraiseach a rinne an Feidhmeannas de chinntí i dtaca leis an bpaindéim Covid-19 an tseachtain seo caite. Ba shuarach an mhaise do gach páirtí an t-easaontas agus an tsáraíocht a chothaigh éiginnteacht agus a tháinig salach ar chomhairle na saineolaithe sláinte, ar sí. Chuir sí an milleán ar an DUP as leas ‘do-ghlactha’ a bhaint as an veto.

D’éiligh sí aontas – i measc na bpolaiteoirí agus i measc an phobail chun a dhul i ngleic leis an bpaindéim. Bheadh sé sin riachtanach le seans a thabhairt don phobal an Nollaig a cheiliúradh. Tá saineolaithe den bharúil go gcaithfear srianta nua a cheadú roimhe sin.

De bharr na coraíochta sa bhFeidhmeannas an tseachtain seo caite tá sé beartaithe go n-osclófar Dé hAoine gruaigeadóirí agus seirbhísí eile a mbíonn gartheagmháil i gceist leo.

Maidir leis an gceist ba chonspóidí, osclófar tithe ósta ar an Aoine dár gcionn. Thug an tAire Sláinte, Robin Swann UUP agus an Príomhchomhairleoir Eolaíochta, an tOllamh Ian Young foláireamh gur baolach go mbeidh gá le dianghlasáil arís go luath ina dhiaidh sin. Dúirt an tOllamh Young go léiríonn an obair shamhaltaithe go mbeadh sin riachtanach i lár mhí na Nollag.

Bhí feabhas de bheagán ar ráta scaipthe an víris le cúpla seachtain, cruthúnas a dúirt an tAire go raibh dea-thoradh ar na srianta a bhí i bhfeidhm le mí. Ag tús na seachtaine seo ba é ráta an Covid-19 ná 331 cás in aghaidh gach 100,000 duine, laghdú ó 471 le seachtain agus ó 493 le coicís. Mar sin féin, fógraíodh Dé Luain go raibh 14 duine eile a raibh an galar orthu básaithe thar oíche go raibh 45 othar Covid-19 faoi dhianchúram sna hospidéil agus go raibh 153 cás in ionaid cúraim.

Ba é an brú ar an tseirbhís sláinte an t-údar imní ba mhó ag Robin Swann, an tAire Sláinte. Bhí ganntanas foirne sa tseirbhís le fada ach tá an fhadhb i bhfad níos tromchúisí de dheasca na paindéime. I measc altraí agus mná cabhrach, cuir i gcás, bhí 1,700 post folamh roimh an samhradh agus sa mullach air sin tá 1,900 ball foirne eile ar iarraidh ón obair le tinneas nó ag féinleithlisiú de bharr Covid-19. Fágann sé sin go bhfuil baill foirne á dtógáil as obrádlanna nó ó chúraimí speisialtóireachta eile le haire a thabhairt d’othair a bhfuil Covid-19 orthu agus go bhfuil an chóir leighis do dhaoine atá buailte ag aicídí eile curtha ar an méar fhada.

Mar fhreagra ar sháiteán ó Jeffrey Donaldson an DUP faoi easpa pleanála don dara ráig den phaindéim, dúirt Swann go raibh plean ag a roinn a bhí ag feidhmiú go dtí gur chuir cúrsaí polaitíochta isteach air. Níorbh fhéidir, ar sé, pleanáil do chinneadh go ndéanfaí neamhaird den chomhairle leighis ón bPríomh-Chomhairleoir Eolaíochta agus ón bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Michael McBride.

Ach bhí gach cosúlacht ar an scéal go ndéanfadh an DUP an rud céanna arís. Chosain Arlene Foster úsáid an veto agus dúirt go raibh sé dlisteanach. Gan blas íoróin ina glór siúd ach oiread, dúirt sí go raibh súil aici nach mbeadh gá leis arís. D’ainneoin an éilimh go ngeallfaí nach mbainfí leas as arís as an veto nó go gcuirfí an dlí ar ceal, níor tugadh barántas ar bith. Bhí an caidreamh idir na páirtithe chomh holc i ndiaidh an aighnis gur deacair a shamhlú conas a dhéanfar cinneadh aontaithe.

Is iomaí rud a bhaineann den mhuinín i gcur chuige Stormont i leith na paindéime. I gcás an DUP bhí úsáid an toirmisc sa bhFeidhmeannas ann chomh maith le rachtanna in aghaidh na srianta ó leithéidí na bhfeisirí parlaiminte, Sammy Wilson, Ian Paisley, an tAire Edwin Poots agus an Teachta Tionóil Paul Frew.

Maíonn Sinn Féin gur seanscéal agus meirg air é an chonspóid faoi shochraid Bobby Storey. Níl iompar an pháirtí ligthe i ndearmad ag daoine, áfach. agus níor shásaigh Michelle O’Neill éinne ach a lucht leanúna féin lena leithscéal faoin dochar a rinne an chonspóid, murab ionann agus a hiompar féin.

Tá Robin Swann ar a dhícheall mar Aire Sláinte ach ní gan locht atá a chuid iarrachtaí. Níl an córas tástála agus cuardaigh teagmhálacha thar mholadh beirte. Ach ní hé Swann amháin atá freagrach as sin. Is beag is féidir le hAire ó mhionpháirtí a dhéanamh mura gceadaíonn an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, é. Sa samhradh nuair a bhí faoiseamh áirithe ag daoine theip ar na páirtithe plean cuimsitheach a aontú do ráig an gheimhridh agus theip orthu tacaíocht an phobail a mhealladh. Tá éiric na siléige sin á baint ag an aicíd anois, an ráta i bhfad ró-ard agus na polaiteoirí in adharca a chéile in áit a bheith dírithe ar an víreas a threascairt.

Fág freagra ar 'Is léir nach dtuigeann Sinn Féin ná an DUP an íoróin'

  • Aodhagán Mac Coitir

    Is ar éigean go gcreidim go bhfuil Póilín ag cur an mhilleáin céanna ar Shinn Féin agus atá á chur aici ar an DUP. Bhain an DUP úsáid as an veto in aghaidh comhairle gach páirtí eile. Tá Sinn Féin suite ar an taobh céanna leis na páirtithe eile, an UUP ina measc, agus is léir do chách gurb iad an DUP is cúis leis an easaontas ar fad seo mar gheall ar na srianta Covid sna sé chontae. An bhfuil seanscéal na sochraide sáite isteach ansin aici ar mhaithe le cuma na cothromaíochta a chur an an alt?