‘Tá rudaí níos tábhachtaí ná cluichí, níor cheart dul ar aghaidh leo’ – iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill

Deir iarUachtarán de chuid Chumann Lúthchleas Gael gurb é a thuairim féin ná gur cheart na cluichí idirchontae a chur ar ceal

‘Tá rudaí níos tábhachtaí ná cluichí, níor cheart dul ar aghaidh leo’ – iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill

Dúirt iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill tráthnóna nár cheart dul ar aghaidh leis na cluichí idirchontae, a bhfuil tús á chur arís leo an deireadh seachtaine seo.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill nár cheart na cluichí idirchontae a imirt.

“Ó thús na bliana tá mé ag rá gur chóir dúinn a bheith cúramach, a bheith sábháilte… Tá mé ag rá anois nár chóir dóibh dul ar aghaidh.  Tá sé in am stop a chur leis an rud.  Tá na huimhreacha ag méadú lá i ndiaidh lae … “

“Má cheapann muid gurb é sin an rud ceart le déanamh, ba chóir dúinn an rud ceart a dhéanamh, is cuma céard a tharlaíonn dá bharr.”

Dúirt Ó Néill gur ceist sábháilteachta a bhí i gceist.

“Má chuireann muid stop leis, ní féidir linn éinne a chur i mbaol, má leanann muid ar aghaidh leis, is féidir.  Níl aon chinneadh ann ach stop a chur leis lom láithreach.  Ceapaim go bhfuil sé chomh simplí leis sin.  Tá rudaí níos tábhachtaí ná cluichí .. níl aon rud níos tábhachtaí ná go mbeadh daoine beo.”

Dúirt sé go nglacfadh sé le pé cinneadh a dhéantar, ach gurb é a thuairim féin gur cheart na cluichí a chur ar ceal.

“Mar dhuine a bhfuil suim aige i gCumann Lúthchleas Gael, duine atá báite i mo chlub féin i mo phobal féin, tá mé ag rá nárbh fhiú é a dhéanamh.”

Tá tús á chur amárach leis na babhtaí deireanacha den tSraith Náisiúnta Peile agus cuirfear tús an deireadh seachtaine seo chugainn le Craobh Iománaíochta na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Tá rudaí níos tábhachtaí ná cluichí, níor cheart dul ar aghaidh leo’ – iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill'

  • Mairéad

    Tá fhios ag chuile dhuine go bhfuil víreas scaipthe ar óg agus aosta i Maigh Chuileann ó deineadh ceiliúradh sna pubanna théis an cluiche peile ar an 4 Deireadh Fómhair.
    Cá raibh na GARDAÍ?