Cinneadh déanta ag Gaeilgeoir líofa imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann in áit an Tuaiscirt

Tá cinneadh déanta ag Mark Sykes, Feirsteach atá ag imirt d’Oxford United, aistriú go dtí foireann na Poblachta agus é ráite aige gurb é mian a chroí imirt dóibh

Cinneadh déanta ag Gaeilgeoir líofa imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann in áit an Tuaiscirt

Cainteoir líofa Gaeilge é an t-imreoir sacair is déanaí atá ag iarraidh cead a fháil imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann tar éis dó a bheith ag imirt d’fhoirne faoi aois Thuaisceart Éireann.

Dúirt an t-imreoir, Mark Sykes, Feirsteach atá ag imirt d’Oxford United, gurb é mian a chroí imirt do Phoblacht na hÉireann.

D’imir Sykes d’fhoirne faoi aois Thuaisceart Éireann agus ainmníodh é i scuad na sinsear roinnt uaireanta le blianta beaga anuas ach níor imir sé cluiche riamh dóibh, rud a d’fhág go bhfuil cead aige fós imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann.

Chuir bainisteoir nua Phoblacht na hÉireann Stephen Kenny fáilte inné roimh chinneadh Sykes.

“Is imreoir maith é, imreoir an-mhaith. Bhí séasúr maith aige. Is cainteoir líofa Gaeilge é. Tá sé an-bhródúil as a fhéiniúlacht Éireannach,” a dúirt Kenny.

Tuigtear go raibh Kenny i dteagmháil le Sykes níos luaithe i mbliana faoi imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann.

Dúirt Sykes gur cinneadh thar a bheith deacair a bhí ann. Agus é ag cur síos ar a chinneadh ar shuíomh Oxford United, dúirt sé go raibh sé riamh ag iarraidh imirt d’fhoireann na Poblachta.

“Tugadh deis dom le cúpla seachtain anuas mo mhachnamh a dhéanamh ar rudaí agus tá orm mian mo chroí a leanúint.

“Is d’fhoireann Phoblacht na hÉireann a bhí mé ag iarraidh imirt riamh agus tá fúm mo mhíle dícheall a dhéanamh chun é sin a bhaint amach,” a dúirt Sykes.

“Guím gach rath ar Thuaisceart Éireann agus tá a fhios agam go n-éireoidh go maith leo faoi cheannas a mbainisteora nua, fear ar oibrigh mé leis roimhe seo agus a thaitin go mór liom.”

Dúirt Cumann Sacair Thuaisceart Éireann (IFA) gur “údar díomá” dóibh cinneadh Sykes.

Tá conspóid ann faoin gcaidreamh idir na cumainn sacar thuaidh agus theas le roinnt blianta anuas agus an IFA den tuairim go mbíonn an FAI ag cur brú ar imreoirí óga imirt d’fhoireann na Poblachta in áit ceann an Tuaiscirt.

I measc na n-imreoirí a chinn imirt do  Phoblacht na hÉireann tar éis dóibh imirt le foirne faoi aois Thuaisceart Éireann, tá Marc Wilson, James McClean, Shane Duffy agus Michael Duffy.

D’ainmnigh bainisteoir nua Phoblacht na hÉireann Stephen Kenny a chéad scuad inné agus an fhoireann ag prapáil do chluichí na míosa seo chugainn, ach beidh tamall eile ann sula mbeidh Sykes in ann imirt dóibh agus é ag fanacht ar cheadúnas ó FIFA.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag Gaeilgeoir líofa imirt d’fhoireann Phoblacht na hÉireann in áit an Tuaiscirt'